Tugann ambasadóir na Marathonkids agus an tOilimpeach David Gillick cuairt ar scoileanna i Sord

Ba mhór an pléisiúr é do pháistí ó Fhine Gall a ghlac páirt sa chlár Marathonkids cuairt a fháil ó David Gillick, ambasadóir Marathonkids Ireland a bhí ina Oilimpeach ar son na hÉireann, a thug cuairt ar ETNS Shoird agus Scoil Chrónáin SNS an tseachtain seo caite

Marathon Kids School visit 2022 1

Ba mhór an pléisiúr é do pháistí ó Fhine Gall a ghlac páirt sa chlár Marathonkids cuairt a fháil ó David Gillick, ambasadóir Marathonkids Ireland a bhí ina Oilimpeach ar son na hÉireann, a thug cuairt ar ETNS Shoird agus Scoil Chrónáin SNS an tseachtain seo caite. Thug David léargas iontach ar a ghairm bheatha mar lúthchleasaí gairmiúil agus ar thábhacht na haclaíochta. Labhair sé faoi na buntáistí fisiceacha, meabhracha agus sóisialta a bhaineann leis an gclár Marathonkids, agus chomh maith leis sin fuair na páistí deis chun rith le hOilimpeach!

I mbliana, beidh 4,000 dalta ó 40 bunscoil ar fud Fhine Gall ag glacadh páirte sa chlár Marathonkids, clár atá ag fás go leanúnach.

Dúirt Noel McManus, Oifigeach Forbartha Spóirt in Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall “Mar Chomhpháirtíocht Áitiúil Spóirt, táimid thar a bheith bródúil as a bheith mar chuid den chlár iontach seo. Ó seoladh an clár i 2015, gach bliain tá méadú ag teacht ar líon na rannpháirtíochta agus tá súil againn go leanfaidh sé ag fás sa todhchaí.”

Cuimsíonn an clár 8 seachtaine, do dhaltaí i rang a 5 & a 6, rith laethúil, oideachas faoi shláinte choirp & meabhrach, cothú agus aclaíocht. Déanfaidh gach dalta nuashonruithe laethúla a thaifeadadh ina leabhair oibre fisiceacha nó digiteacha. Baineann na hábhair leis an modúl Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS) de churaclam an dalta.

Dúirt Noel Melia, múinteoir i  Scoil Chrónáin SNS “Is eispéireas iontach é MarathonKids do dhaltaí agus do mhúinteoirí araon inár scoil. Chuidigh an clár 8 seachtaine go mór linn sláinte agus folláine ár gcuid daltaí a fheabhsú ar bhealach cuimsitheach, spraíúil agus tarraingteach.”

Dúirt Nora Kennedy, múinteoir rang a 6 in ETNS Shoird “Is deis iontach é MarathonKids do na páistí síneadh agus gluaiseacht a dhéanamh gach lá agus na buntáistí sláinte a bhaineann le haclaíocht a fhoghlaim ag baint úsáide as na hacmhainní atá inrochtana go héasca. Tá an-ráchairt ar an gclár seo inár scoil!”

 

Marathon Kids School visit 2022 classroom
Marathon Kids School visit 2022 start
Marathon Kids School visit 2022 classroom 2
Marathon Kids School visit 2022 running
Marathon Kids School visit 2022 big group