Tuarascáil Bhliantúil an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí don bhliain 2025

Anca Annual Report 2026

Tá Tuarascáil Bhliantúil an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí don bhliain 2025 ar fáil anois. 

Sa tuarascáil bhliantúil, cuirtear i láthair an obair a rinne an tÚdarás Inniúil um Thorann Aerárthaí sa bhliain 2025 agus leagtar amach na tosaíochtaí don bhliain amach romhainn.

Agus an tuarascáil á seoladh aici inniu, dúirt Ethna Felten, Stiúrthóir an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí: ‘is mór ag an údarás rannchuidithe gach duine a bhfuil spéis acu i mbainistíocht an torainn aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath, trí chultúr measa ar éagsúlacht na ndearcthaí uile, agus tá meas mór ag an údarás ar na rannchuidithe sin’.

Tá rún daingean ag an Údarás Inniúil um Thorann Aerárthaí creat éifeachtach bainistíochta torainn a sholáthar d’Aerfort Bhaile Átha Cliath lena ndéantar cothromaíocht idir oibríochtaí eitlíochta inbhuanaithe agus riachtanais shóisialta agus eacnamaíocha an phobail.

Tá tuarascáil na bliana 2025 bunaithe ar shainordú an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí chun faireachán, tuairisciú agus rialáil a dhéanamh ar thorann aerárthaí ag Aerfort Bhaile Átha Cliath. 

Cliceáil anseo chun amharc ar an tuarascáil.