Tuarascáil ar éifeachtacht na mbeart maolú torainn ag Aerfort Bhaile Átha Cliath don bhliain 2025
Tá tuarascáil ó ANCA ar éifeachtacht na mbeart maolú torainn a bhí i bhfeidhm ag Aerfort
Bhaile Átha Cliath le linn na bliana 2025 ar fáil anois.
Is é is torann ann ná leibhéil neamh-inmhianaithe nó iomarcacha fuaime a bhféadfadh
drochthionchar a bheith acu ar an tsláinte agus ar an bhfolláine. Tá ceangal ann idir
neamhchosaint fhadtéarmach ar leibhéil dhíobhálacha torainn comhshaoil agus
drochthorthaí suntasacha sláinte, agus ní mór tús áite a thabhairt do thruailliú torainn a
laghdú ar mhaithe le feabhas a chur ar an tsláinte agus ar cháilíocht na beatha.
Mionsonraítear i dtuarascáil na bliana 2025 feidhmíocht na mbeart a bhí i bhfeidhm ag
Aerfort Bhaile Átha Cliath chun an tionchar a bhí ag torann aerárthaí a bhainistiú i
gcomhthéacs na gcuspóirí bainistíochta torainn. Tá faisnéis bhreise ar áireamh inti maidir le
scála agus am na gníomhaíochta aerárthaí agus maidir le héabhlóid na haeráide torainn do
na tréimhsí difriúla den lá, rud atá léirithe mar mheánfhigiúr thar an mbliain ar fad.
Cliceáil anseo chun an tuarascáil a léamh nó a íoslódáil.