An tSráid Nua, Mullach Íde

Pedestrians on New Street Malahide

Bhain pobal Mhullach Íde agus cuairteoirí chuig an sráidbhaile taitneamh as an Sráid Nua do choisithe le linn an tsamhraidh agus chuidigh sé le gnóanna leanúint ag trádáil le linn srianta méadaithe COVID-19.

Ba é an cuspóir a bhí le coisithe a thabhairt isteach ar an Sráid Nua ná faid shóisialta a spreagadh agus a éascú do shaoránaigh atá ag dul i mbun a ngnó laethúil agus leibhéil tráchta i lár Mhullach Íde a laghdú trí dhaoine a spreagadh chun siúl nó rothaíocht óna dtithe nó na carrchlóis in aice láimhe a úsáid agus siúl as sin.  

Mar chuid den phróiseas comhairliúcháin leanúnach, tá togra malartach forbartha ag Comhairle Contae Fhine Gall a chruthaíonn comhréiteach idir cuid mhaith den tsaoráid choisithe fheabhsaithe agus an réimse poiblí a choinneáil agus áiseanna rothaithe, carrbhealach aonbhealaigh amháin, agus spás le haghaidh fágála, lódáil agus páirceáil do dhaoine faoi mhíchumas.  

Faoin socrú atá beartaithe, ligfear do thrácht dul ar bhealach amháin síos an tSráid Nua ón acomhal leis an bPríomhshráid i dtreo Na Faiche. Rithfidh an bóthar comhthreomhar le rotharbhealach, a bheidh scartha ó thrácht feithiclí ag gnéithe ailtireachta agus teorainn.

Tá spás breise tiomnaithe le húsáid ag an bpobal idir an carrbhealach agus an cosán chun an fhaid shóisialta a fheabhsú agus an limistéar lasmuigh d’áitribh ghnóana a uasmhéadú ar féidir leo an spás a úsáid le haghaidh itheacháin lasmuigh ar bhealach sábháilte. Íoslaghdaíodh spás Réimse Poiblí lasmuigh de thithe cónaitheoirí ar an sráid chun cosc a chur le coisithe teacht le chéile sna ceantair seo.  

Tá fócas láidir ar shábháilteacht. Tá an bóthar deartha chun trácht a mhoilliú agus coisithe agus rothaithe a chosaint. Tá na ceantair Réimse Poiblí curtha in ionad páirceála ar an sráid ar an Sráid Nua le gur féidir le daoine agus gnóanna iad a úsáid in éagmais carranna páirceáilte, a éascaítear anois i gCarrchlós Bridgefield in aice láimhe. Tá bá fágála/lódála agus bá do dhaoine faoi mhíchumas curtha ar fáil ag ceann theas na sráide chun riachtanais na ngnóanna agus na n-áiseanna atá ar an Sráid Nua a éascú.  

Rinneadh an togra malartach seasmhach i leith na todhchaí lena chinntiú gur féidir leis an Sráid Nua cloí leis na leibhéil difriúla a d’fhéadfadh a bheith i bhfeidhm ó am go ham faoi Phlean Maireachtála le COVID an Rialtais.

Mhéadaigh teorannú do choisithe na Sráide Nua líon na gcustaiméirí le linn an chláir phíolótaigh le sonraí ó lár mhí Iúil ag taispeáint go raibh 76,000 coisithe ag úsáid na sráide le linn tréimhse ceithre seachtaine. Tháinig feabhas suntasach ar cháilíocht an aeir chomh maith le sreabhadh tráchta tríd an Diamant agus taifeadadh méideanna ísle tráchta ar an líonra bóithre cóngarach.

Tá cruinniú le páirtithe leasmhara i Mullach Íde eagraithe don seachtain seo chugainn ina thabharfaidh an Chomhairle breac-chuntas ar na roghanna a breithníodh agus an togra malartach.  Déanfar breithniú freisin ar an gcéim cur chun feidhme agus clár na n-oibreacha freisin.  Molann an Chomhairle nach gcuirfí isteach ar ghnóanna fad is atá an contae ag srianta Leibhéil 3 COVID-19, nó os a chionn, agus caithfear aon athrú a chur i bhfeidhm ar an mbonn seo. 

Ba mhaith le Comhairle Contae Fhine Gall buíochas a ghabháil le gach duine a d’éascaigh an clár píolótach, a cuireadh ar bun faoi Alt 38 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, agus leo siúd a rinne breathnuithe agus aighneachtaí.

Tá sé ar intinn Chomhairle Contae Fhine Gall dul amach chuig comhairliúchán poiblí an bhliain seo chugainn maidir le dhá rogha – teorannú iomlán do choisithe nó teorannú do choisithe do shéasúr an tsamhraidh le córas aonbhealaigh ag amanta eile.

 

Is féidir  féachaint ar an togra malartach atá beartaithe anseo here