Tráth na gCeist Mór Spóirt 2019: Léigh agus Bí Gníomhach!

Ghlac leanaí Rang a 3 i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile Brigín agus Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bracken páirt i dTráth na gCeist Mór Spóirt i Leabharlann Bhaile Brigín Dé Céadaoin, an 11 Nollaig.

Big Sports Quiz 2019 Mayor

Ghlac leanaí Rang a 3 i Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bhaile Brigín agus Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim Le Chéile Bracken páirt i dTráth na gCeist Mór Spóirt i Leabharlann Bhaile Brigín Dé Céadaoin, an 11 Nollaig.

Is é Tráth na gCeist Mór Spóirt an toradh a bhí ar chlár a reáchtáil Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall agus Leabharlanna Fhine Gall, a chuireann litearthacht leanaí chun cinn agus a spreagann iad a bheith gníomhach go fisiciúil.

I mbliana, ghlac na leanaí scoile páirt i gclár Aclaithe Spóirt Fhine Gall gach seachtain ar feadh seacht seachtaine agus léigh siad dhá leabhar a bhain leis an spórt ‘Get out and Play Rugby’ le Rod Smith agus ‘Fintan’s Fifteen’ le Alan Nolan.

Bhí Méara Fhine Gall, an Comh. Eoghan O’Brien i láthair chun na Teastais a bhronnadh ar na leanaí agus dúirt sé: “Bhí gliondar croí orm na Teastais a bhronnadh inniu agus Tráth na gCeist Mór Spóirt agus díograis na leanaí a thabhairt faoi deara ar an lá.  Bealach iontach é an clár seo chun an díograis seo a shaothrú lena chinntiú go gcaitear le léitheoireacht faoin spórt agus an spórt a imirt mar spraoi agus go ndéantar rogha ar feadh an tsaoil de i measc na leanaí seo.”

Dúirt an Leabharlannaí Contae, Betty Boardman, “Tá Tráth na gCeist Mór Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall in ainm is leanaí a spreagadh chun gnímh agus chun léitheoireachta. Is iontach an chomhpháirtíocht é idir an Oifig Spóirt agus Rannóg na Leabharlann agus, ar an rud is tábhachtaí, is bealach spraíúil é chun leanaí a choimeád aclaí agus chun taitneamh a bhaint as an léitheoireacht”.

Dúirt an Príomhoifigeach Spóirt, Marion Brown, “Léiríonn an chomhpháirtíocht rathúil seo, atá ar bun anois le cúig bliana anuas, an luach do leanaí atá ar léitheoireacht agus páirt a ghlacadh i gclár gníomhaíochta coirp.  Nuair a chabhraímid le leanaí chun stíleanna maireachtála sláintiúla a bhunú, tabharfaidh siad leo na tairbhí don chuid eile dá saol”.

Ba iad na húdair Alan Nolan agus Rod Smith máistrí thráth na gceist ar an lá i Leabharlann Bhaile Brigín.  D’fhreagair foirne ceisteanna ar a leabhair agus ar an leabhar oibre ‘Fíricí Spóirt’ (‘Sporting Facts’) ón Oifig Spóirt, ina gcaitear súil ar na tairbhí fisiciúla, sóisialta agus meabhrach a cruthaíonn an spórt.

Big Sports Quiz 2019 Rod Smith