Touch-Type Read and Spell with Confidence le do Leabharlann Áitiúil i bhFine Gall

Tá gliondar croí ar Leabharlanna Fhine Gall uirlis nua acmhainní a fhógairt chun cabhrú leat – tá Touch-Type Read and Spell with Confidence ar fáil anois inár leabharlanna.

Tá an uirlis acmhainní Touch-Type Read and Spell (TTRS) thar a bheith áisiúil dóibh siúd a bhfuil Neamhord Comhordaithe Forbartha (DCD)/Diospraicse, Neamhord de chuid Speictream an Uathachais (ASD), Neamhord Hipirghníomhaíochta an Easnaimh Airde (ADHA) orthu nó atá ag teacht as stróc nó a bhfuil laige chuimhne oibre agus phróiseála orthu. Tá sé thar a bheith tairbhiúil do mhic léinn a bhíonn thíos le deacrachtaí litrithe, léitheoireachta agus scríbhneoireachta agus do mhic léinn a fhoghlaimíonn an Béarla mar an dara teanga.

Tá Touch-Type Read and Spell gréasánbhunaithe, mar sin, is féidir é a úsáid ar do ghléasanna féin i bpríobháideachas do thí féin.

Tá gach modúl deartha le bheith gearr ó thaobh faid de agus tugtar aiseolas dearfach rialta. Feidhmchlár ilchéadfach é Touch-Type, agus úsáideann sé céadfaí amhairc agus éisteachta agus cinéistéiseacha (tadhall) chun eispéireas foghlama atá go hiomlán tumthach a chur ar fáil.

Chun clárú do Touch-Type Read and Spell, ní gá duit ach cuairt a thabhairt ar do leabharlann áitiúil i bhFine Gall (le do chárta leabharlainne) agus cláróimid thú d’ainm úsáideora agus do phasfhocal do láithreán gréasáin TTRS: www.ttrsonline.com