Tosaíonn ré nua do Dhomhnach Bat agus Leabharlann á hoscailt i dTeach Bhaile Uisce

Mayor of Fingal has opened the new Donabate library alongside, Chief Executive, Councillors, Directors

Bat i dTeach Bhaile Uisce a fhógairt. Tagann sé seo sna sála ar thionscadal athchóirithe €2 mhilliún, rud a thosaigh i mí Eanáir 2025 agus a bhunathraigh Teach Bhaile Uisce ina fhoirgneamh poiblí fáilteach nua-aimseartha atá suite i gcroílár an phobail.

Rinne an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, an leabharlann nua a oscailt go hoifigiúil inniu in éineacht le AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, le Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae, le Fionnuala May, Ailtire an Chontae, le John Quinlivan, Stiúrthóir um Fhorbairt Eacnamaíoch, Pobail agus Chultúrtha, agus le leanaí ó Ghaelscoil na Mara.

Cheannaigh Comhairle Contae Fhine Gall Teach Bhaile Uisce sa bhliain 2022, tar éis dhúnadh Chomhar Creidmheasa Dhomhnach Bat. Tá an leabharlann nua ina spás feabhsaithe inrochtana don léitheoireacht, don fhoghlaim agus do rannpháirtíocht pobail, agus is ionann í agus infheistíocht shuntasach i seirbhísí áitiúla do limistéar Dhomhnach Bat, ar limistéir a bhíonn ag fás é.

Circus and magic acts helped open the new Donabate Library

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is cúis áthais dom cloch mhíle a cheiliúradh do Dhomhnach Bat agus d’Fhine Gall, is é sin oscailt ár leabharlainne poiblí nua i dTeach Bhaile Uisce. Freastalóidh an spás nua iontach seo ar mhuintir Dhomhnach Bat go ceann i bhfad.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an foirgneamh seo ina léiriú ar an gcreideamh atá ag Fine Gall go bhfuil leabharlanna ina spásanna dinimiciúla réamhbhreathnaitheacha a fhreagraíonn do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus do na riachtanais atá ag pobal a bhíonn ag fás. Tá rún daingean againn infheistiú inár bpobail agus áiteanna a chruthú ina mbraitheann gach duine go bhfuil fáilte rompu.”

Áirítear leis na gnéithe corraitheacha iomadúla den tsaoráid nua seo an tseirbhís ‘Mo Leabharlann Oscailte’ a thabhairt isteach, rud a meastar go dtosóidh sé go luath. Agus uaireanta oscailte fadaithe anois ó 8 a.m. go 10 p.m., 365 lá sa bhliain, tugann an tseirbhís seo saoirse do bhaill leabharlainne an spás a úsáid lasmuigh de ghnáthuaireanta oibre, lena n-áirítear an Domhnach.

Mayor Tom O'Leary with County Librarian Betty Boardman

Dúirt Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae: “Tá Leabharlanna Fhine Gall ag tnúth le fáilte a chur roimh an bpobal chuig an spás nua seo, áit a mbeidh siad in ann léamh, fionnadh, foghlaim agus ceangal. Is moil de shaol an phobail iad leabharlanna. Leis an seomra nua-aimseartha imeachtaí agus cruinnithe san fhoirgneamh seo, éascófar clár bríomhar imeachtaí cultúrtha agus oideachasúla a bheidh deartha chun spreagadh agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine agus iad a thabhairt le chéile.”

Dúirt Fionnuala May, Ailtire an Chontae: “Cuimsíonn an leabharlann nua dhá urlár a bhfuil dearadh álainn orthu agus a pleanáladh go cúramach chun freastal ar gach duine. Beidh an foirgneamh inrochtana do chách a bhuí leis an ardaitheoir atá suiteáilte ann, rud ar léiriú é ar an tiomantas leanúnach atá againn do chuimsiú agus do rochtain uilíoch.”

Áiríodh leis an gceiliúradh chun oscailt oifigiúil na leabharlainne nua a chomóradh taibheoir sorcais, an ceathairéad téadach Bohemian Strings agus seó draíochta le Reuben the Entertainer do leanaí Ghaelscoil na Mara.

Dúirt John Quinlivan, Stiúrthóir um Fhorbairt Eacnamaíoch, Pobail agus Chultúrtha: “Seasann oscailt na leabharlainne nua do chríochnú chéim a haon de thionscadal dhá chéim. Is go luath sa bhliain 2026 a chuirfear tús leis an bpleanáil do chéim a dó — an foirgneamh seo a leathnú agus a shaoráidí a fheabhsú — agus tá an obair sin ag céim na hindéantachta cheana féin.”

children from Gaelscoil na Mara joined in the opening of the new Donabate Library