Tosaíonn an obair ar an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir

seatown

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis tús na n-oibreacha ar an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir a chomóradh le himeacht iompaithe fóid ar ar fhreastail an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, agus David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt. Is é an toradh a bheidh ar an tionscadal ná go soláthrófar feabhsuithe éagsúla atá ceaptha chun sábháilteacht, inrochtaineacht agus an t-eispéireas foriomlán taistil a fheabhsú do dhaoine atá ag taisteal feadh an bhealaigh seo. 

Ceapadh John Cradock Ltd mar chonraitheoir don scéim. Cuireadh tús le hoibreacha le déanaí agus meastar go dtógfaidh sé thart ar 12 mhí chun iad a chur i gcrích. I measc na n-uasghráduithe tá lánaí rothar nua ar an dá thaobh den bhóthar agus leathnú an chosáin faoin droichead chun sábháilteacht coisithe a fheabhsú. Áirítear leis an tionscadal freisin uasghrádú a dhéanamh ar na timpealláin ag Campas Gnó Shoird agus ar Bhóthar an Inbhir ina ndearaí lena bhfreastalófar ar rothaithe ar bhealach níos fearr, áit a mbeidh dhá thimpeallán a thacaíonn le rothaithe mar aon le trasrianta coisithe sábháilte ag gach slí amach chun úsáideoirí soghonta bóithre a chosaint. Is é an toradh a bheidh ar na feabhsuithe sin ná go gcruthófar roghanna taistil níos áisiúla agus níos inrochtana do dhaoine atá ag taisteal de shiúl na gcos, de rothar agus de rothaí, bíodh siad ag taisteal chuig an scoil, chuig an spórt, chuig na siopaí nó chuig an obair.

seatown

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá ríméad orm go bhfuil tús curtha le hoibreacha ar an tionscadal seo a fhágfaidh go mbeidh gnáth-thurais laethúla níos sábháilte agus níos taitneamhaí do dhaoine atá ina gcónaí agus ag obair sa limistéar agus dóibh siúd atá ag tabhairt cuairt air. Trí chosáin a fheabhsú, saoráidí rothaíochta a bhreisiú agus an trácht a mhoilliú, táimid ag cruthú timpeallacht bóthair a thacaíonn níos fearr le teaghlaigh, le leanaí scoile agus lenár n-úsáideoirí bóithre is leochailí.”

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá i dtús na n-oibreacha ar an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir ná céim thábhachtach i dtreo an ghréasáin iompair inbhuanaithe a neartú sa chuid seo den chontae. Leis na hoibreacha, feabhsófar an nasc taistil ghníomhaigh níos leithne idir Sord agus Mullach Íde, agus conair níos ceangailte lena bhfreastalófar ar an bpobal go ceann i bhfad á cruthú.”

seatown

Foilseofar an t-eolas is deireanaí ar an obair thógála, lena n-áireofar faisnéis faoi bhainistíocht tráchta, gach seachtain ar leathanach Gréasáin an tionscadail ag https://www.fingal.ie/seatown-road-estuary-road-swords-active-travel-scheme.

Tá an Scéim Taistil Ghníomhaigh idir Bóthar Bhaile na Mara agus Bóthar an Inbhir ar cheann de roinnt mórthionscadail bonneagair iompair atá á ndéanamh i Sord i mbliana, agus tá oibreacha ríochta poiblí ar an tSráid Thuaidh agus ar Thionscadal Nascachta an R132 idir Timpeallán Halla an Leasáin agus Timpeallán Chnoc Pheannóg le tosú an mhí seo chugainn. Tá tuilleadh mionsonraí faoi na tionscadail sin ar fáil ag https://www.fingal.ie/sustainableswords