Tosaíonn Daltaí Fiontraíocha Fhine Gall ar Bhealach a Leasa Náisiúnta Ar Líne

A photocollage with the three schools mentioned in the SEP story

Chuir daltaí fiontraíocha ar fud Fhine Gall tús lena n-aistear i gClár Fiontraíochta na nDaltaí (SEP) na bliana seo, agus iad ag féachaint ar aghaidh go Babhta Ceannais Náisiúnta na bliana seo chugainn. Tá an clár seo atá á reáchtáil ag an Oifig Fiontair Áitiúil (LEO) á sheachadadh ar bhealach éagsúil i bhfianaise na srianta reatha ar fud na tíre, agus Babhta Ceannais fíorúil a bheidh ann ar Aoine 14ú Bealtaine 2021.

Mar gheall ar an bpaindéim COVID-19, cuireadh imeacht deiridh Chlár Fiontraíochta na nDaltaí (2019/20) roimhe seo siar. Ach an tseachtain seo fuair gach ceann de na trí fhiontar daltaí a bhuaigh a nduaiseanna agus a ngradaim: Meánscoil Loreto i mBaile Brigín don chatagóir shóisearach le gnó darb ainm “Campo de Fiori”, a tháirgeann raon maisiúcháin bláthanna d’ócáidí éagsúla; Coláiste Éamann Rís i mBaile Bhlainséir don chatagóir idirmheánach, lena bhfiontar darb ainm “Candle Holders Out Of Sustainable Equipment (C.H.O.O.S.E)”; agus buaiteoirí na catagóire sinsearaí Coláiste Pobail Caisleán Cnúcha le “Globenomics”, cluiche cártaí nuálach a thugann léargas domhain ar eacnamaíocht do dhaltaí an chláir nua um Theastas Sóisearach.

Is é seo an 18ú bliain den chlár fiontraíochta meánscoile is mó in Éirinn agus tá os cionn 200,000 dalta tar éis páirt a ghlacadh ann ó thosaigh sé. Is gnách go mbíonn an Babhta Ceannais ar siúl i bPáirc an Chrócaigh ach i mBealtaine 2021, beidh an ócáid ar siúl ar líne de réir na dtreoirlínte reatha.

Do na daltaí a bheidh san iomaíocht thar thrí chatagóir, Sóisearach, Idirmheánach agus Sinsearach, beidh moltóireacht ag tarlú go fíorúil trí aighneachtaí leictreonacha. Tugtar dúshlán do gach fiontar daltaí a ngnó féin a chruthú, a bhunú agus a rith, a chaithfidh díolacháin a seirbhíse nó a dtáirge a thaispeáint.

Cuimseoidh an clár dhá chatagóir bhreise ar féidir le daltaí cur isteach orthu chomh maith. Is iad seo an comórtas físe “Smaoineamh Gnó Is Cruthaithí” don chatagóir shinsearach agus an chatagóir “M’aistear Fiontraíochta” do na catagóirí Sóisearacha agus Idirmheánacha.

As na 25,000 dalta a ghlac páirt go náisiúnta i gClár Fiontraíochta na nDaltaí na bliana seo caite, is as Fine Gall, as 25 meánscoil, 2,500 (nó 10%) acu. In ainneoin na paindéime, tá an líon daoine atá ag glacadh páirte arís i mbliana an-chosúil.

D’éirigh le Fine Gall roimhe seo sa chomórtas le Scoil Educate Together Mhullach Íde Phort Mearnóg ag baint an chéad duais amach sa chatagóir Shóisearach ag an mBabhta Ceannais Náisiúnta i 2019 le “SpecRest”, gléas chun earraí súl a stóráil go caothúil.

Dúirt Oisín Geoghegan, Cathaoirleach Líonra LEO agus Ceann Fiontair i bhFine Gall“Táimid ag spreagadh daltaí chun smaointe gnó a chur in oiriúint do dhúshláin nua fiontraíochta agus atá inbhuanaithe i gcúrsaí eacnamaíochta an lae inniu. Agus é seo san áireamh tá an clár tar éis athrú agus cé go bhfuil an bealach atá sé á seachadadh (atá ar líne den chuid is mó), difriúil, beidh na daltaí fós in ann obair le chéile ina suíomh scoile chun a ngnóanna a fhorbairt. Is í seo an bhliain is dúshlánaí atá againn go dtí seo i stair Chlár Fiontraíochta na nDaltaí, ach beidh sé spreagúil a fheiceáil cad iad na gnóanna domhanda nua a chruthóidh ár ndaltaí”.

 

Ba iad buaiteoirí Bhabhta Ceannais Chlár Fiontraíochta na nDaltaí 2020 sa chatagóir shinsearach  ‘Handy Hose Holders’ ó CBS Durlas i dTiobraid Árann dá réiteach praiticiúil píobán bléanlainne a ghlac Glanbia ó shin.  Bhuaigh ‘Aim It Board’ an chatagóir idirmheánach ó Choláiste Loreto i mBaile Átha Cliath agus bhuaigh Sofatop ó Choláiste Pobail Bhéal Átha Beithe i Muineachán an duais don chatagóir Shóisearach.  

Ó thosaigh an SEP i 2003, ghlac níos mó ná 200,000 dalta páirt ann, ag foghlaim príomhscileanna maidir le conas smaoineamh gnó a chruthú, gnó a thosú agus gnó a fhás. Tá raon nua acmhainní ar líne ag SEP freisin do 2020 / 2021 ag www.StudentEnterprise.ie, ina mbeidh blaganna rialta agus ina mbeidh réimse iomlán d’acmhainní Fiontraíochta Daltaí do dhaltaí agus do mhúinteoirí.