An-tóir ar shiúlóidí Operation Transformation i bhFine Gall arís i mbliana

.

OT Balbriggan 2

D’éirigh thar cionn le siúlóidí Operation Transformation i bhFine Gall arís i mbliana agus ghlac siúlóirí agus reathaithe díograiseacha páirt sna siúlóidí a réachtáladh i gcúig shuíomh i bhFine Gall, Dé Sathairn, an 18ú Eanáir.  Ba é Oifig Spóirt Fhine Gall a d’eagraigh na siúlóidí i gcomhpháirt le Spórt Éireann mar chuid den fheachtas Náisiúnta Siúlóidí ar ghlac 17,000 duine páirt ann in 143 suíomh.  Réachtáladh siúlóidí i mBaile Brigín, Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh, Gleann na hAbhann i Sord, Páirc Bhaile an Tirialaigh agus Páirc San Caitríona, rud a chiallaíonn nach raibh leisce ar bith ag aon duine gan a bheith amuigh faoin aer.  Bhí na siúlóidí 3km nó 5km agus bealach dearfach ba ea iad chun tús sláintiúil agus gníomhach a chur leis an mbliain nua ar bhealach ionchuimsitheach agus spraíúil atá oiriúnach do gach aois agus gach cumas.

Ba é seo an chéad bhliain ar reáchtáladh siúlóid i bPáirc Bhaile an Tirialaigh agus bhí Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, agus an Méara Gníomhach, an Comhairleoir Freddie Cooper, i measc an tslua a ghlac páirt sa tsiúlóid seo. Bhí Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien ag tús an tslua ag an tsiúlóid cois cósta i mBaile Brigín feadh na trá chomh fada le Caisleán Bhrí Mhór. D’oibríomar i gcomhpháirt le Comhpháirtíocht Spóirt Chill Dara chun an chéad siúlóid a reáchtáil i bPáirc San Caitríona, agus bhí siúlóirí ó Pháirc Bhaile an Phóirtéaraigh agus Ghleann na hAbhann i measc na reathaithe a bhí ag glacadh páirte sa rith páirce. Bhí ár gComhairleoirí lánsásta a bheith i measc an tslua chun a dtacaíocht a léiriú agus ina measc siúd a ghlac páirt ar an lá bhí an Comhairleoir Grainne Maguire, an Comhairleoir Paul Donnelly, an Comhairleoir Mary McCamley agus an Comhairleoir Darragh Butler. 

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien,  “Cúis áthais dom tacú leis an imeacht agus páirt a ghlacadh i siúlóid Operation Transportation i mBaile Brigín ar an Satharn. Spreagann na siúlóidí seo stíl mhaireachtála sláintiúil, gníomhach agus is imeachtaí ionchuimsitheacha pobail iontacha iad freisin a thugann deis do dhaoine taitneamh a bhaint as comhluadar a chéile amuigh faoin aer.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Marion Brown, an Príomhoifigeach Spóirt, “Cúis áthais é an oiread sin daoine a fheiceáil amuigh ag siúl.  Ní hamháin go dtéann siúl chun tairbhe na sláinte fisiciúla, téann sé chun tairbhe na folláine mothúchán freisin.  Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an bhfoireann a d’eagraigh na siúlóidí difriúla agus leis na Gasóga i mBaile Brigín as cabhrú le heagrú na siúlóide i mBaile Brigín.   Buíochas ó chroí leis an rith páirce i Sord agus i bPáirc Bhaile an Phóirtéaraigh chomh maith as cabhrú le heagrú na siúlóidí seo i dteannta leis an ngnáthrith páirce.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Bhain mé an-taitneamh as páirt a ghlacadh sa chéad siúlóid Operation Transformation i bPáirc an Tirialaigh, agus bualadh le cónaitheoirí rannpháirteacha díograiseacha ó cheann dár bpobail is nuaí. Is sampla eile iad na siúlóidí seo de na cláir agus tionscnaimh atá á reáchtáil ag ár nOifig Spóirt a chuireann stíl mhaireachtála sláintúil agus gníomhach chun cinn agus a chabhraíonn le Pobal Fhine Gall saol sláintiúil agus gníomhach a chaitheamh.”

Más mian leat leanúint leis an stíl mhaireachtála sláintiúil in 2020 is féidir leat páirt a ghlacadh sna siúlóidí a eagraítear i do cheantar áitiúil agus sna páirceanna éagsúla i bhFine Gall agus feadh an 88km de chósta, ar suíomhanna iontacha iad chun taitneamh a bhaint as an saol amuigh faoin aer. Chomh maith leis sin, reáchtáiltear rith páirce in go leor de pháirceanna Fhine Gall ag 9.30 gach maidin Shathairn, agus tá tionscnamh Siúlóid Páirce á reáchtáil faoi láthair chun siúlóirí a spreagadh chun páirt a ghlacadh sna rití páirce.

OT Tyrrelstown
OT Balbriggan
OT Tyrrelstown AMF Mary Mc
OT Tyrrelstown 2