Téann 8,000 leanbh i mbun reathaíochta le haghaidh Marathonkids Ireland 2025

Tá breis agus 8,000 dalta bunscoile ó 150 scoil ar fud Fhine Gall, Chathair Bhaile Átha Cliath, Lú agus na réigiún Gaeltachta ar tí páirt a ghlacadh sa tionscnamh i mbliana.

The Marathonkids Ireland 2025 programme was launched today at Morton Stadium in Santry,

Tá breis agus 8,000 dalta bunscoile ó 150 scoil ar fud Fhine Gall, Chathair Bhaile Átha Cliath, Lú agus na réigiún Gaeltachta ar tí páirt a ghlacadh sa tionscnamh i mbliana.

Seoladh clár Marathonkids Ireland 2025 inniu i Staid Morton i Seantrabh, agus breis agus 8,000 dalta bunscoile ó 150 scoil ar fud Fhine Gall, Chathair Bhaile Átha Cliath, Lú agus na réigiún Gaeltachta ar tí páirt a ghlacadh sa tionscnamh i mbliana.

I bhFine Gall, glacfaidh breis agus 3,500 dalta ó níos mó ná 30 scoil páirt sa chlár ocht seachtaine, ina spreagtar daltaí rang a cúig agus rang a sé chun nósanna sláintiúla stíl mhaireachtála a chothú trí reathaíocht, trí ghníomhaíocht fhisiciúil agus trí oideachas folláine.

Níl rásaíocht i gceist le Marathonkids. Ina ionad sin, críochnaíonn na daltaí fad iomlán maratóin, is ionann agus 42.2 km, de réir a chéile trí rití seachtaine. Ag an am céanna, foghlaimíonn siad faoi thopaicí amhail nósanna sláintiúla itheacháin, hiodráitiú, scíth agus meon dearfach.

Over 8000 kids are running a marathon as part of 2025 initiative

Dúirt Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Tá Marathonkids ag feidhmiú mar chlár rannpháirtíochta den scoth le breis agus deich mbliana anuas. A bhuí leis an gclár, tugtar deis do leanaí páirt a ghlacadh sa reathaíocht, ar gníomhaíocht fhisiciúil ar feadh an tsaoil í, agus, mar bhónas, faigheann siad an deis rith ar an raon reathaíochta anseo ag Staid Morton de chuid Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath.”

Croíchuid den tionscnamh is ea go mbainfidh gach leanbh an fad maratóin amach le chéile, go bhfoghlaimeoidh siad de réir mar a théann siad ar aghaidh, agus go gcríochnóidh siad le míle ceiliúrtha deiridh ag Staid Morton i dtús mhí na Samhna.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir Seirbhísí um Chomhshaol, Ghníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt: “Tá ríméad orainn tacú leis an tionscnamh iontach seo agus lena mhisean, rud a bhfuil sé i gceist leis leanaí a spreagadh chun gluaiseacht agus chun bheith spreagtha ag an reathaíocht agus chun bheith tógtha léi. Trí chabhrú le leanaí taitneamh a bhaint as an reathaíocht, agus nósanna sláintiúla á bhforbairt acu ag an am céanna, táimid ag infheistiú i bpobail níos láidre agus níos sláintiúla ar son na todhchaí."

The initiative is very much about every child achieving the marathon distance together, learning as they go, and finishing with a celebratory final mile at Morton Stadium in early November.

Tá sé mar aidhm le Marathonkids an reathaíocht a dhéanamh ina rud spraíúil agus indéanta do chách, ní hamháin do leanaí spórtúla. Tugadh isteach in Éirinn é sa bhliain 2015 le treoirscéim ar thug Comhairle Contae Fhine Gall agus Maratón Bhaile Átha Cliath tacaíocht di. Níos mó ná deich mbliana ina dhiaidh sin, aithnítear é anois mar cheann de na cláir rannpháirtíochta is mó in Éirinn do leanaí, agus é leabaithe mar ghné bhliantúil den fhéilire scoile.

Dúirt Seán Ó Riain, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Mharatón Bhaile Átha Cliath: “Tá bród orainn as dul i gcomhpháirt le Marathonkids an athuair i mbliana. A bhuí leis an gclár, tugtar tús eolais do na mílte leanaí ar an reathaíocht agus cuirtear sláinte agus folláine chun cinn ar bhealach spraíúil indéanta ag an am céanna. Is cuid ríthábhachtach dár n-obair don phobal é an clár agus is infheistíocht é i dtodhchaí an spóirt in Éirinn.”

Morton Stadium's final mile event is now an annual fixture in the school calendar

Tá Staid Morton ina sainchomhartha i lúthchleasaíocht an domhain ó bhí na 1950idí ann. Bhain an staid clú agus cáil idirnáisiúnta amach sa bhliain 1958 nuair a rinne Herb Elliott, sár-lúthchleasaí Astrálach a bhuaigh an bonn óir sa rás 1500 méadar ag Cluichí Oilimpeacha na Róimhe ina dhiaidh sin sa bhliain 1960, taifead domhanda míle a bhaint amach le linn Mhíle Morton, a ainmníodh in onóir Billy Morton, lúthchleasaí Oilimpeach Éireannach. 

Ba rás stairiúil é an rás sin, ar ar tugadh “Míle na hAislinge” ina dhiaidh sin. Ba é an rás sin an chéad uair riamh a rith cúigear fear san aon rás amháin míle laistigh de thréimhse ceithre nóiméad, rud a bhí ina ócáid shuntasach i stair na lúthchleasaíochta.