Teaghlaigh a Spreagadh chun bheith Saor ó Thobac an Samhradh seo

Dé hAoine seo caite, sheol Fine Gall Shláintiúil, i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus le Empower, an Tionscnamh um Thithe atá Saor ó Thobac

Smoke free homes challenge Dep Mayor Grainne Maguire

Dé hAoine seo caite, sheol Fine Gall Shláintiúil, i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) agus le Empower, an Tionscnamh um Thithe atá Saor ó Thobac in Bracken Educate Together National School i mBaile Brigín, agus bhí an Comh. Gráinne Maguire, an Leas-Mhéara, in éineacht le hionadaithe ó Fhine Gall Shláintiúil, ó FSS, agus ó Empower, an comhpháirtí pobail, chun an ócáid a chomóradh.

Tá sé mar aidhm leis an tionscnamh tacú le teaghlaigh timpeallachtaí baile níos sláintiúla a chruthú trí nochtadh do thoit thánaisteach a laghdú. Soláthraítear é trí chur chuige comhoibríoch, a thugann an t-údarás áitiúil, seirbhísí sláinte, scoileanna, agus eagraíochtaí pobail le chéile.

Ag labhairt di ag an ócáid, leag an Comh. Gráinne Maguire, an Leas-Mhéara, béim ar a thábhachtaí atá tionscnaimh phobaltreoraithe shláinte a chosnaíonn leanaí agus a thacaíonn le teaghlaigh athruithe dearfacha a dhéanamh ina ngnáthshaol laethúil. “Tá guaiseacha tromchúiseacha sláinte ag baint le caitheamh tobac agus le vápáil, agus tá leanaí óga go háirithe i mbaol na toite tánaistí. Trí fheasacht a mhéadú agus trí thacaíocht pobail a neartú, is féidir linn teorainn shuntasach a chur le nochtadh leanaí agus cabhrú le timpeallachtaí níos sábháilte agus níos sláintiúla a chruthú do theaghlaigh.”

Smoke free homes challenge

Tá scoileanna ó Bhaile Brigín agus ó Bhaile Bhlainséir araon ag glacadh páirt i gclár na bliana seo, rud a leathnaíonn a chlúdach agus a thionchar ar fud na bpobal i bhFine Gall. “Is iontach an rud é a bheith in ann an Dúshlán um Thithe atá Saor ó Thobac a leathnú chuig scoileanna breise ar fud Fhine Gall, agus díriú ar leith á leagan ar limistéar Bhaile Brigín,” a dúirt Niall McGuirk, Comhordaitheoir Fhine Gall Shláintiúil. “Tá sé mar sprioc againn an treoir agus na hacmhainní a theastaíonn ó theaghlaigh a thabhairt dóibh chun éifeachtaí na toite a íoslaghdú agus timpeallachtaí níos sábháilte agus níos sláintiúla a chruthú inar féidir le leanaí fás agus rath a bhaint amach.”

Tá dhá phríomhghné sa chlár um Thithe atá Saor ó Thobac. Tugtar cuireadh do leanaí bunscoile páirt a ghlacadh i gcomórtas dathúcháin atá deartha chun feasacht a mhúscailt ar an tábhacht a bhaineann le spásanna atá saor ó thobac ar bhealach spraíúil mealltach. Ina theannta sin, moltar do theaghlaigh clárú don Dúshlán um Thithe atá Saor ó Thobac, ar tionscnamh tacúil ceithre seachtaine é a bheidh ar siúl le linn mhí an Mheithimh agus a chabhróidh le teaghlaigh bearta praiticiúla a dhéanamh chun a dteach agus a gcarranna a dhéanamh saor ó thobac.

Níl an Dúshlán um Thithe atá Saor ó Thobac dírithe ar stop a chur le caitheamh tobac ach, ina ionad sin, tugann sé cumhacht do theaghlaigh timpeallachtaí atá saor ó thobac a chruthú, rud a chabhraíonn le héifeachtaí díobhálacha na toite tánaistí a laghdú, go háirithe do bhabaithe agus do leanaí óga.

Tá Fine Gall Shláintiúil, FSS, agus Empower ag spreagadh na dteaghlach ar fud Bhaile Brigín, Bhaile Bhlainséir agus mhórlimistéar Fhine Gall chun páirt a ghlacadh ann trí chlárú don dúshlán, a thosóidh an 1 Meitheamh agus a mhairfidh go dtí an 28 Meitheamh, chun tacú le todhchaí níos sláintiúla do chách.

Chun clárú don Dúshlán um Thithe atá Saor ó Thobac, moltar do theaghlaigh súil a chaitheamh ar https://bit.ly/SmokeFreeHomes2026. Rachaidh gach teaghlach a chríochnóidh an dúshlán ceithre seachtaine go rathúil isteach i gcrannchur duaiseanna le haghaidh dearbhán dar luach €50, €100 nó €200, ag brath ar an líon athruithe a gcláróidh siad dóibh.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoin Dúshlán um Thithe atá Saor ó Thobac, déan teagmháil le:

Niall McGuirk, Comhordaitheoir Fhine Gall Shláintiúil, Comhairle Contae Fhine Gall.  

Fón: 087-120-6431  Ríomhphost:  [email protected]

Smoke free homes challenge