Táthar tar éis an Comh. Tony Murphy a thoghadh mar Mhéara Fhine Gall, agus dul chun cinn agus comhoibriú á ngealladh aige
Toghadh Tony Murphy, Comhairleoir Neamhspleách, mar 21ú Méara Fhine Gall tar éis chruinniú ginearálta bliantúil an tráthnóna seo in Áras an Chontae, Sord. Toghadh an Comh. Luke Corkery (Fine Gael) mar Leas-Mhéara ag an gcruinniú ginearálta bliantúil freisin.
Toghadh Tony Murphy, Comhairleoir Neamhspleách, mar 21ú Méara Fhine Gall tar éis chruinniú ginearálta bliantúil an tráthnóna seo in Áras an Chontae, Sord. Toghadh an Comh. Luke Corkery (Fine Gael) mar Leas-Mhéara ag an gcruinniú ginearálta bliantúil freisin.
Toghadh an Comh. Murphy den chéad uair sa bhliain 2014 agus tá sé ina thacadóir le forbairt pobail le fada an lá. Tá taithí fhairsing aige ar thacú le fiontair áitiúla, ar bhonneagar a fheabhsú, agus ar fhás inbhuanaithe a chur chun cinn ar fud Fhine Gall.
Sa chéad ráiteas uaidh tar éis a thofa, dúirt an Comh. Murphy, Méara Fhine Gall: “Is mór an onóir dom ról an Mhéara a ghlacadh, agus táim buíoch as an tacaíocht atá faighte agam ó mo chomh-Chomhairleoirí. Táim tiomanta d’obair ar bhealach ionchuimsitheach chun a chinntiú go mbainfidh gach cuid d’Fhine Gall tairbhe as na deiseanna atá romhainn. Is cuma cé acu atá tú i do chónaí i mBaile Brigín, sna Sceirí, sa Ros, i Lusca, i Sord, i Mullach Íde, i mBinn Éadair, i bPort Mearnóg, i gCaisleán Cnucha, i mBaile Bhlainséir nó in aon áit eile inár gcontae, ba cheart duit a mhothú go bhfuil tábhacht le do phobal agus go n-éistear le do ghuth.
“Is iad na tosaíochtaí a bheidh agam don bhliain amach romhainn ná cur leis an dul chun cinn láidir atá déanta cheana féin, mar atá níos mó daoine a chur isteach i dtithe nua, a chinntiú go dtacaíonn ár mbonneagar le fás inbhuanaithe, agus leanúint de na saoráidí agus na seirbhísí atá mar bhonn agus thaca ag cáilíocht na beatha ar fud an Chontae a uasghrádú. Díriú tábhachtach eile a bheidh i dtacaíocht a thabhairt dár ngnólachtaí áitiúla agus i gcabhrú leo fás agus rath a bhaint amach.
“Nuair a bhreathnaím ar Fhine Gall sa lá atá inniu ann, feicim contae atá lán de dheiseanna. Táimid ar cheann de na limistéir is gasta fás sa tír. Is anseo atá bailte agus sráidbhailte atá faoi bhláth, gnólachtaí den scoth, spiorad láidir pobail, agus pobal óg uaillmhianach. Táim ag súil le freastal ar mhuintir Fhine Gall le fuinneamh, le tiomantas, agus le díograis sa bhliain atá romhainn.”
Dúirt an Comh. Corkery go bhfuil sé ag súil le tacaíocht a thabhairt don Mhéara agus le hobair i ndlúthchomhar lena chomhghleacaithe agus le hoifigigh na Comhairle sa bhliain atá romhainn chun torthaí a bhaint amach do mhuintir Fhine Gall.
Labhair an Comh. Tom O’Leary, an Méara atá ag dul as oifig, leo siúd a bhí i láthair, ar lena linn a rinne sé machnamh ar an mbliain atá imithe thart agus a ghabh sé buíochas le comhairleoirí, le baill foirne, le grúpaí pobail, le gnólachtaí, agus leis an iliomad daoine den phobal ar bhuail sé leo le linn a théarma as a gcuid tacaíochta. Dúirt sé: “Bhí sé seo ar cheann de na blianta ba ghnóthaí agus ba shásúla i mo shaol. An phribhléid ba mhó a bhí agam san oifig seo ba ea ionadaíocht a dhéanamh do mhuintir Fhine Gall sa tír seo agus thar lear. Beag beann ar cé acu a bhí mé ag freastal ar imeachtaí pobail, ar chuairteanna scoile, ar ócáidí spóirt, ar chruinnithe gnó, nó ar ócáidí idirnáisiúnta, cuireadh an uaillmhian, an fuinneamh agus an spiorad atá ann ar fud an chontae i gcuimhne dom i gcónaí.”
Le linn an chruinnithe ghinearálta bhliantúil, d’aithin na comhaltaí an rannchuidiú suntasach a rinne an Méara agus an Leas-Mhéara atá ag dul as oifig, agus aitheantas á thabhairt acu dá gceannaireacht agus dá gcaidreamh láidir le pobail ar fud Fhine Gall.
Mar aon le toghadh an Mhéara nua, thogh na Comhairleoirí Cathaoirligh nua na dtrí choiste limistéir áitiúil freisin. Díríonn na coistí sin ar sheirbhísí a sholáthar ar an leibhéal áitiúil laistigh dá réigiúin faoi seach, agus aghaidh á tabhairt ar shaincheisteanna amhail bóithre, bruscar, tithíocht, clóis súgartha, agus leabharlanna.
Is iad seo a leanas na Cathaoirligh nuathofa don bhliain seo:
- Baile Brigín/An Ros-Lusca/Sord: An Comh. Tom O’Leary
- Baile Bhlainséir-Mullach Eadrad/Caisleán Cnucha/Ongar: An Comh. Eimear Carbone-Mangan
- Binn Éadair-Mullach Íde: An Comh. Aoibhinn Tormey
I bhFine Gall, tá 40 comhairleoir ann a dhéanann ionadaíocht don chontae, agus iad ag obair ar fud páirtithe éagsúla agus grúpaí éagsúla chun freastal ar an údarás áitiúil is óige in Éirinn agus ar cheann de na húdaráis áitiúla is gasta fás in Éirinn.