Tairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil

Tá ardán ar líne nuálach chun tacú le hoideachas spóirt agus sláinte leanaí scoile ar a dtugtar Tairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall. 

Tá ardán ar líne nuálach chun tacú le hoideachas spóirt agus sláinte leanaí scoile ar a dtugtar Tairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil seolta ag Comhairle Contae Fhine Gall. 

Chruthaigh Oifig Spóirt Chomhairle Contae Fhine Gall an suíomh éasca le húsáid chun éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht a clár spóirt a fheabhsú.

Tá físeáin, ranganna teagaisc agus fóraim curtha ar fáil chun oideachas a chur ar leanaí atá in aois scoile faoi raon ábhar, gníomhaíochtaí agus scileanna a chuireann le stíl mhaireachtála sláintiúil agus gníomhach.

Pléifear sna físeáin agus ranganna teagaisc atá le cur ar fáil úsáid a bhaint as Trealamh Giomnáisiam Allamuigh, bealaí Treodóireachta Páirceanna mar aon le naisc leis na Moil Spóirt nua i mBaile Brigín/Baile an Tirialaigh.

I rith na hócáide seolta ag Scoil Náisiúnta Ag Foghlaim le Chéile Bhaile Brigín taispeánadh físeán teagaisc iontach faoin suíomh, agus glacadh buíochas le Roinn TF Fhine Gall agus le hÉire na Sláinte.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, An Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Is mian liom aitheantas a thabhairt don obair iontach atá á déanamh ag Roinn TF Fhine Gall agus buíochas a ghabháil leis na clubanna, scoileanna agus grúpaí pobail ar fad as aiseolas luachmhar a chur ar fáil nuair a bhí an suíomh gréasáin seo á fhorbairt.

“Táim ag súil leis an bhfeabhas a bheidh mar thoradh ar Thairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil a fheiceáil ar an méid atá ar eolas ag daoine faoi spórt agus gníomhaíocht fhisiciúil agus leis an méadú a thiocfaidh ar rannpháirtíocht ar fud an Chontae”.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tacóidh Tairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil le forbairt sláinte agus spóirt daoine óga, ach baineann níos mó tábhachta ná sin leis.

“Tá go leor féidearthachtaí ag baint leis an ardán, sa mhéid is go bhféadfaí suíomh gréasáin cosúil nó nasctha a fhorbairt d’aon Roinn i gComhairle Contae Fhine Gall chun oiliúint a chur ar fáil nó faisnéis a chur ar fáil don phobal.”

Más spéis leat tuilleadh eolais faoi Thairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil déan teagmháil le hOifig Spóirt Fhine Gall ag [email protected] " rel="nofollow"> [email protected]

Is féidir rochtain a fháil ar Thairseach Foghlama Fhine Gall Sláintiúil ag https://learning.fingal.ie/