Tagann Pobal Fhine Gall le Chéile chun Tacú le Lúthchleasaithe Áitiúla Oilimpicí Speisialta agus iad a Cheiliúradh roimh Chluichí na hÉireann

Tháinig breis agus 100 duine de lúthchleasaithe, de bhaill teaghlaigh, de chóitseálaithe, d’oibrithe deonacha agus d’ionadaithe pobail le chéile ag Óstán Chúirt Carnegie an 10 Feabhra chun na lúthchleasaithe as Fine Gall a bheidh san iomaíocht i gCluichí Oilimpicí Speisialta Éireann i mí an Mheithimh a cheiliúradh agus chun gach rath a ghuí orthu.

Special Olympics Athletes Reception

Tháinig breis agus 100 duine de lúthchleasaithe, de bhaill teaghlaigh, de chóitseálaithe, d’oibrithe deonacha agus d’ionadaithe pobail le chéile ag Óstán Chúirt Carnegie an 10 Feabhra chun na lúthchleasaithe as Fine Gall a bheidh san iomaíocht i gCluichí Oilimpicí Speisialta Éireann i mí an Mheithimh a cheiliúradh agus chun gach rath a ghuí orthu.

Ag an ócáid, ceiliúradh breis agus 50 duine de lúthchleasaithe, de chóitseálaithe agus d’fheitheoirí ó 13 chlub Cluichí Oilimpicí Speisialta ar fud Fhine Gall, a dhéanfaidh ionadaíocht don réigiún i ndeich spórt éagsúla ag na Cluichí i mbliana—an chéad imeacht náisiúnta Oilimpicí Speisialta ó bhí an bhliain 2018 ann, mar thoradh ar chur isteach Covid-19.

Le linn na hócáide, chualathas ón gComh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, ó AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, agus ó Karen Coventry, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Oilimpicí Speisialta Éireann, agus gach duine díobh ag moladh na lúthchleasaithe ar ucht a dtiomantais, a n-athléimneachta agus a spioraid.

San óráid uaidh, thug Méara Fhine Gall ómós don díograis a léirigh na lúthchleasaithe agus iad ag ullmhú do na Cluichí:
 “Léirigh gach duine díbh an chuma atá ar fhíorthiomantas — na maidineacha luatha, na tráthnónta déanacha, an bhuanseasmhacht agus an obair foirne. Meabhraíonn sibh dúinn nach le boinn amháin a bhaineann sármhaitheas; baineann sí freisin le misneach, le cairdeas, agus le muinín as ár gcumas féin.”

Ag labhairt di thar ceann Chomhairle Contae Fhine Gall, leag AnnMarie Farrelly, an Príomhfheidhmeannach, béim ar an tacaíocht láidir a thugann an Chomhairle d’Oilimpicí Speisialta sa réigiún:
 “Is áiteanna cuimsithe, áthais agus uaillmhéine iad na clubanna Oilimpicí Speisialta atá againn i bhFine Gall. Tá bród ar Chomhairle Contae Fhine Gall tacú leis na clubanna sin trí dheontais spóirt a sholáthar, trí oibrithe deonacha a aithint, agus trí thacaíocht phraiticiúil a thabhairt a neartaíonn rannpháirtíocht bliain i ndiaidh bliana.”

Tharraing an Príomhfheidhmeannach aird freisin ar an ranníocaíocht €75,000 a rinne Fine Gall sa dá bhliain seo a chuaigh thart i leith Cluichí Oilimpicí Speisialta Éireann a reáchtáil, a óstálfar i bhFine Gall sa samhradh. Labhair sí freisin faoin mbród atá uirthi as na baill foirne de chuid na Comhairle a chuir iad féin chun cinn chun obair dheonach a dhéanamh ag na Cluichí.

Ghabh Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Oilimpicí Speisialta Éireann buíochas le Comhairle Contae Fhine Gall as a ceannaireacht. Mhol sí na lúthchleasaithe as ucht a ndíograise, agus í ag iarraidh ar na lúthchleasaithe a bhí i láthair Mionn na Lúthchleasaithe Oilimpicí Speisialta a rá: “Let me win. But if I cannot win, let me be brave in the attempt”.

Bhí bualadh bos croíúil ann ag deireadh na hócáide, a tháinig sna sála ar phlé painéil le lúthchleasaí, le feitheoir agus le Ceann Toscaireachta na foirne.  Tá teaghlaigh, clubanna agus tacadóirí ar fud Fhine Gall ag tnúth anois le hiad a spreagadh i mí an Mheithimh.