Tagann Comhairle Contae Fhine Gall chun bheith ar an gCéad Údarás Áitiúil in Éirinn a Shábháil Milliún Buidéal Plaisteach trí Stáisiúin Phoiblí Uisce

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis garsprioc shuntasach inbhuanaitheachta a bhaint amach, agus í tagtha chun bheith ar an gcéad údarás áitiúil in Éirinn a shábháil milliún buidéal plaisteach trí úsáid a bhaint as a stáisiúin phoiblí athlíonta uisce ar fud an chontae.

Dar le Ecofil, soláthraí na comhairle agus oibritheoir an bhonneagair athlíonta, seachnaíodh breis agus milliún buidéal plaisteach aonúsáide le trí bliana anuas, a bhuí leis an tóir mhéadaitheach atá ar stáisiúin phoiblí uisce Fhine Gall.

Tá 31 láthair ann sa líonra ar fud an chontae anois, agus iad ag tacú le cónaitheoirí agus le cuairteoirí buidéil in-athúsáidte a roghnú agus dramhaíl phlaisteach a laghdú ar fud limistéar Fhine Gall.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is éacht iontach é seo d’Fhine Gall agus tréaslaím le gach duine den phobal a rinne iarracht chomhfhiosach an líon buidéal plaisteach a laghdú trí úsáid a bhaint as stáisiúin phoiblí uisce Fhine Gall. Mar gheall ar an ngarsprioc shuntasach inbhuanaitheachta seo, is í Comhairle Contae Fhine Gall an chéad údarás áitiúil in Éirinn a shábháil milliún buidéal plaisteach, agus táimid an-bhródúil as leanúint den obair sin ar fud ár dtionscnamh uile maidir leis an gComhshaol, le Gníomhú ar son na hAeráide agus le hInbhuanaitheacht.”

Ecofil shoot Bremore Castle Balbriggan

Dúirt Peter Wynne, Stiúrthóir Ecofil: “Is garsprioc shuntasach é milliún buidéal a shábháil agus léirítear leis an fíorthionchar ar féidir le bonneagar poiblí dea-dheartha a bheith aige. Rinneadh Iconic V a fhorbairt agus a mhonarú anseo in Éirinn chun réiteach praiticiúil fadtéarmach a sholáthar ar dhramhaíl plaistigh aonúsáide. Is údar mór misnigh dúinn é rannpháirtíocht chomh láidir sin a fheiceáil ó phobail ar fud Fhine Gall.”

Tá níos mó ná 60,000 buidéal plaisteach ar an meán an ceann á sábháil ag cuid mhór de na stáisiúin is gnóthaí, agus níos mó ná 90,000 buidéal sábháilte ag trí láthair ardúsáide astu féin, rud a léiríonn rannpháirtíocht láidir an phobail agus athrú iompraíochta.

Agus an t-éileamh ar shaoráidí athlíonta ag méadú go fóill, tá clár stáisiún uisce poiblí Fhine Gall ina léiriú ar conas is féidir le gníomhartha beaga aonair, amhail buidéal a athúsáid, tairbhí suntasacha comhshaoil a sholáthar ar mhórscála go comhchoiteann.

Dúirt Sinéad Murphy, Stiúrthóir Oibríochtaí i gComhairle Contae Fhine Gall: “Is garsprioc shuntasach é milliún buidéal plaisteach a shábháil, agus is léiriú soiléir é ar an gcaoi ar féidir le gnáth-thionscnaimh phraiticiúla inbhuanaitheachta fíorthairbhí comhshaoil a sholáthar. Mar gheall ar stáisiúin phoiblí uisce Fhine Gall, bíonn sé éasca do dhaoine roghanna in-athúsáidte a roghnú, agus léirítear sa leibhéal glactha atá á fheiceáil againn an tiomantas láidir ónár bpobail do dhramhaíl a laghdú agus don chomhshaol a chosaint. Tá lúcháir ar fhoireann Oibríochtaí Fhine Gall leanúint de thacú leis an tionscnamh seo trí na stáisiúin uisce seo a shuiteáil ar fud an chontae.

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá lúcháir orm a chloisteáil gur sinne an chéad údarás áitiúil a bhain garsprioc inbhuanaitheachta chomh suntasach sin amach. Ó cuireadh tús leis an tionscnamh seo i leith, tá roinnt de na stáisiúin is gnóthaí againn, agus iad ag sábháil níos mó ná 60,000 buidéal plaisteach ar an meán an ceann. Is léiriú é sin ar rannpháirtíocht láidir an phobail agus ar athrú iompraíochta ar fud limistéar Fhine Gall.  Tá súil againn go leanfaimid de na hathruithe dearfacha sin amach anseo.”

Is léiriú é an t-éacht sin ar thiomantas leanúnach Chomhairle Contae Fhine Gall don cheannaireacht chomhshaoil, don laghdú dramhaíola agus don ghníomhú ar son na haeráide. Trí uisce óil saor in aisce agus inrochtana a sholáthar i spásanna poiblí a bhfuil líon ard daoine ag teacht isteach iontu, leanann an Chomhairle de rud atá áisiúil agus infheicthe agus atá mar chuid den ghnáthshaol laethúil a dhéanamh de roghanna inbhuanaithe.

Láithreacha na Stáisiún Poiblí Uisce ar fud Fhine Gall

Limistéar Bhaile Brigín (Baile Brigín, na Sceirí, Lusca, agus an Ros)

  • Páirc Chuan an Rois
  • Páirc Chionn Iúir
  • Ionad Áineasa na Sceirí
  • Muilte na Sceirí
  • Caisleán Ard Giolláin
  • Caisleán Bhrí Mhór
  • Páirc na Gléibe

Limistéar Shoird (Sord, Port Reachrann, Domhnach Bat, agus Seantrabh)

  • Páirc an Tobair Naofa
  • Páirc Ghleann Abhainn an Bharda
  • Mol Áineasa Abhainn an Bharda
  • Páirceanna Spóirt Mhainéar Shoird
  • Teach an Droichid Nua
  • Diméin Sheantraibh
  • Port Reachrann

Limistéar Bhinn Éadair/Mhullach Íde

  • Binn Éadair
  • Caisleán Mhullach Íde
  • Ráschúrsa Bhaile Dúill
  • An Trá Mhín
  • Páirc Bhallaí Robac
  • Páirc Mhic Coitil

Limistéar Chaisleán Cnucha/Mhullach Eadrad

  • Páirc Bhaile an Tirialaigh
  • Páirc Ongar
  • Páirc an Choireáin
  • Páirc na Mílaoise
  • Achadh Feá
  • Páirc Bhaile an Hartaigh
  • Páirc San Caitríona
  • Páirc Bhaile an Phóirtéaraigh
  • Ionad Pobail Bhaile Maidheac
Ecofil location