Tacaíonn Fine Gall leis an bhFeachtas Sábháilteachta ‘Déardaoin Ómra’ roimh an Deireadh Seachtaine Gnóthach Saoire Bainc

amber thurs

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis dul i gcomhpháirt le seirbhísí éigeandála chun spreagadh a thabhairt don phobal tús áite a thabhairt don tsábháilteacht roimh dheireadh seachtaine Saoire Bainc mhí an Mheithimh, ceann de na tréimhsí is gnóthaí agus is mó riosca sa bhliain go traidisiúnta. Mar chuid den tionscnamh bliantúil ‘Déardaoin Ómra’, tá an Chomhairle ag tacú le feachtas comhordaithe sábháilteachta atá dírithe ar theagmhais inchoiscthe a laghdú sula dtarlaíonn siad.

I bhFine Gall, tá an tAonad Sábháilteachta ar Bhóithre de chuid na Comhairle ag comhoibriú leis an nGarda Síochána agus le Briogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath chun teachtaireachtaí comhsheasmhacha sábháilteachta a chur in iúl roimh an deireadh seachtaine fada.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Beidh líon mór daoine ag baint taitneamh as tránna, páirceanna agus spásanna oscailte Fhine Gall thar an deireadh seachtaine Saoire Bainc seo. Táim ag moladh do gach duine aire a thabhairt dá chéile agus comhairle sábháilteachta a leanúint. Bíonn ról le himirt ag gach duine dínn inár bpobal a choinneáil sábháilte.”

Go traidisiúnta, bíonn méadú ar an trácht ar bhóithre agus bíonn amanna turais níos faide ann thar an deireadh seachtaine fada, agus meastar go meallfaidh dea-dhálaí aimsire líon níos airde daoine chuig tránna, chuig páirceanna, agus chuig imeachtaí amuigh faoin spéir. Is é atá ann freisin ná tús an tséasúir snámha agus atosú go leor gníomhaíochtaí uiscebhunaithe, rud a chuireann éileamh breise ar sheirbhísí éigeandála.

amber thurs

Tá daoine den phobal á spreagadh chun stopadh, chun pleanáil roimh ré agus chun a bheith san airdeall i ngach suíomh, bíodh siad ag taisteal, ag sóisialú nó ag baint taitneamh as taitneamhachtaí amuigh faoin spéir. Iarrtar go mbeifí an-chúramach ar na bóithre, timpeall ar uisce, agus i spásanna poiblí gnóthacha a mbíonn coisithe, rothaithe agus teaghlaigh iontu.

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Mar gheall ar an dea-aimsir, beidh méadú ann ar an líon daoine a bheidh amuigh ar fud Fhine Gall thar an deireadh seachtaine Saoire Bainc seo, idir chuairteoirí agus chónaitheoirí áitiúla. Bíonn riosca níos mó ag baint le leibhéil níos airde gníomhaíochta amuigh faoin spéir, go háirithe in aice le huisce agus i spásanna oscailte ina bhfuil sábháilteacht ó dhóiteán ina hábhar imní. Táimid ag moladh do gach duine a bheith airdeallach agus a bheith ríchúramach agus taitneamh á bhaint acu as taitneamhachtaí amuigh faoin spéir.”

Dúirt Larry Bergin, Oifigeach Sábháilteachta ar Bhóithre i gComhairle Contae Fhine Gall: “Meastar go mbeidh trácht níos troime ann thar an deireadh seachtaine, agus níos mó coisithe agus rothaithe ar na bóithre freisin. Iarrtar ar thiománaithe a bheith foighneach, moilliú, a bheith san airdeall ar úsáideoirí leochaileacha bóithre, agus gan ligean do rudaí a n-aird a tharraingt, ionas go mbeidh gach duine in ann taisteal go sábháilte.”

Meabhraítear don phobal freisin aird a thabhairt ar na comharthaí uile atá curtha suas agus treoracha ón nGarda Síochána, ó Bhriogáid Dóiteáin Bhaile Átha Cliath, ó ghardaí tarrthála, ó bhaill foirne slándála agus ó mhaoir a leanúint ag aon imeachtaí a mbeidh siad ag freastal orthu thar an deireadh seachtaine. Ní hé amháin go bhfuil na bearta sin i bhfeidhm chun timpistí a chosc, ach tá siad i bhfeidhm freisin chun a chinntiú go mbeidh seirbhísí dóiteáin, otharcharranna agus tarrthála in ann freagairt go tapa agus go sábháilte nuair is gá.

Trí réamhchúraimí simplí a ghlacadh agus trí bheith aireach ar dhaoine eile, tá súil ag an gComhairle agus ag na seirbhísí éigeandála go mbeidh gach duine ar fud Fhine Gall in ann taitneamh a bhaint as an deireadh seachtaine Saoire Bainc go sábháilte.