Tá Vodafone Foundation agus Leabharlanna Fhine Gall tar éis dul i gcomhpháirt chun deireadh a chur le bacainní ar rochtain dhigiteach do dhaoine scothaosta i bhFine Gall
Tá Vodafone Foundation, trína chlár Hi Digital, tar éis dul i gcomhpháirt le Leabharlanna Fhine Gall chun oiliúint i scileanna digiteacha a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine scothaosta trí scéim iasachta ríomhairí táibléid a thabhairt isteach i Leabharlann Bhaile Bhlainséir, i Leabharlann an Rois, agus i Leabharlann Bhaile Dúill.
Tá Vodafone Foundation, trína chlár Hi Digital, tar éis dul i gcomhpháirt le Leabharlanna Fhine Gall chun oiliúint i scileanna digiteacha a dhéanamh níos inrochtana do dhaoine scothaosta trí scéim iasachta ríomhairí táibléid a thabhairt isteach i Leabharlann Bhaile Bhlainséir, i Leabharlann an Rois, agus i Leabharlann Bhaile Dúill. Ba é an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, a sheol an scéim go hoifigiúil i Leabharlann Bhaile Bhlainséir an 4 Meitheamh in éineacht le Brian Mulcahy, Leabharlannaí Feidhmiúcháin Sinsearach.
Is é Hi Digital, a sholáthraítear i gcomhpháirt le ALONE, an cúrsa ar líne saor in aisce de chuid Vodafone Foundation do dhaoine scothaosta. Tá sé ceaptha chun muinín as scileanna digiteacha a thógáil trí cheachtanna gearra sothuigthe ar líne atá réamhlódáilte isteach ar gach ríomhaire táibléid. Is féidir le foghlaimeoirí a bheith ag súil le modúil i réimsí amhail fóin chliste a úsáid, dul ar líne, fanacht slán ó chamscéimeanna, agus aipeanna amhail WhatsApp a úsáid, mar aon le leideanna tapa agus físeáin lena dtugtar treoir shimplí maidir le gnáth-thascanna digiteacha.
Dúirt an Méara Tom O’Leary: “Tá ríméad orm go bhfuil Leabharlanna Fhine Gall ag glacadh páirt sa scéim Hi Digital de chuid Vodafone. Tugtar deis léi dár saoránaigh scothaosta obair leis an teicneolaíocht gan aon ghá le Wi-Fi a bheith acu sa bhaile, agus iniúchadh a dhéanamh ar an saol digiteach go muiníneach ar a luas féin.”
Tugadh an scéim isteach i 30 leabharlann phoiblí ar fud seacht gcontae rannpháirteacha, agus 198 táibléad soláthartha go dtí seo sna contaetha seo: Cill Dara, Luimneach, Port Láirge, Cill Mhantáin, Loch Garman, Muineachán, agus Baile Átha Cliath. Leis an tionscnamh, is féidir le baill leabharlainne ríomhairí táibléid atá réidh le húsáid a fháil ar iasacht, rud a bhaineann bacainní coitianta amhail ganntanas gléasanna, ganntanas muiníne, nó ganntanas rochtana ar an Idirlíon sa bhaile.
Dar le taighde ó Vodafone Foundation, mhothaigh duine amháin as gach triúr daoine scothaosta a ndearnadh suirbhé orthu go bhfuil siad eisiata ó thaobh cúrsaí digiteacha de, agus dúirt 22% díobh nach bhfuil aon duine acu ar féidir leo dul chuige nó chuici nuair a thagann siad ar dheacrachtaí digiteacha, cé go raibh 91% díobh toilteanach le scileanna digiteacha nua a fhoghlaim.
Trína chur ar chumas daoine foghlaim ar a luas féin, i suíomh pobail a bhfuil eolas acu air, cabhraíonn an clár le haosaigh scothaosta scileanna digiteacha riachtanacha a thógáil ar bhealach tacúil inrochtana.
Tá an scéim saor in aisce go hiomlán, agus spreagtar baill leabharlainne chun bualadh isteach, ríomhaire táibléid a fháil ar iasacht, agus iniúchadh a dhéanamh ar a bhfuil ar fáil — bíodh an cúrsa Hi Digital réamhlódáilte a chríochnú, taighde a dhéanamh ar chineálacha caithimh aimsire agus ar ábhair spéise, éisteacht le ceol, nó teacht chun bheith níos compordaí le linn dóibh gléas digiteach a úsáid sa ghnáthshaol laethúil i gceist leis sin.
Dúirt Lilian Whelan, Leabharlannaí Contae Gníomhach do Leabharlanna Fhine Gall: “Is é atá i gceist le leabharlanna ná deiseanna a chur ar fáil agus rochtain ar fhaisnéis agus ar theicneolaíocht a thabhairt do gach duine. Cinntítear leis an scéim Hi Digital de chuid Vodafone gur féidir le daoine scothaosta i bhFine Gall rochtain a fháil ar fhoghlaim dhigiteach go muiníneach, le nasc agus le tacaíocht óna dteach féin.”
Dúirt Sabrina Casalta, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Vodafone Ireland: “Is minic a bhíonn i bhfad níos mó i gceist le heisiamh digiteach ná scileanna — bíonn rochtain, muinín, agus a mhothú go bhfuiltear ag fáil tacaíochta i gceist leis freisin. Trí obair i gcomhar le leabharlanna chun ríomhairí táibléid a bhfuil Hi Digital réamhlódáilte orthu cheana féin a sholáthar, táimid ag cur deireadh le roinnt de na bacainní is praiticiúla a bhíonn roimh dhaoine scothaosta agus táimid ag cabhrú leo an chéad chéim a thógáil i dtreo muinín dhigiteach a fhorbairt.”
Trí Hi Digital, is féidir le foghlaimeoirí rochtain a fháil freisin ar thacaíocht phearsanta, trí bhualadh isteach saor in aisce ag siopaí Vodafone ar an Aoine gach seachtain, trí cheardlanna agus ranganna tráthrialta a chuireann comhpháirtithe Hi Digital ar fáil ar fud na tíre, agus anois tríd an scéim iasachta ríomhairí táibléid ag leabharlanna poiblí rannpháirteacha.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi Hi Digital, nó chun an leabharlann rannpháirteach is gaire duit a aimsiú, glaoigh ar 1800 203030 nó tabhair cuairt ar https://hidigital.ie/in-person-support