Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall ag obair chun soláthar uisce a athbhunú do chustaiméirí i gcodanna de Bhaile Bhlainséir tar éis pléascadh príomhphíobán uisce

Tá Uisce Éireann ag obair le Comhairle Contae Fhine Gall chun deisiúcháin phráinneacha a dhéanamh chun soláthar uisce a athbhunú i gcodanna de Bhaile Bhlainséir. Tá criúnna ag obair chun an príomhphíobán uisce pléasctha a dheisiú chomh tapaidh agus chomh sábháilte agus is féidir de réir phrótacail Covid-19.

 

D’fhéadfadh cur isteach ar sholáthar dul i bhfeidhm ar áitribh sna ceantair seo a leanas agus na deisiúcháin ar siúl; Seanbhóthar na Coirre Duibhe; Arda Ashling; Árasáin Liosáin agus na ceantair máguaird. Meastar go mbeidh na deisiúcháin críochnaithe faoi 4in. Nuair a bheidh na deisiúcháin críochnaithe go rathúil, cuirfear tús le gnáthsholáthar uisce a athbhunú. D’fhéadfadh go dtógfadh sé 1-2 uair an chloig an soláthar iomlán uisce a thabhairt ar ais de réir mar a athlíonfaidh uisce an líonra.  

 

Tá Uisce Éireann ag obair ag an am seo, lenár gcomhpháirtithe Údaráis Áitiúil, conraitheoirí agus daoine eile chun sláinte agus folláine na foirne agus an phobail a chosaint agus chun leanúnachas seirbhísí criticiúla uisce óil agus fuíolluisce a chinntiú. Ba mhaith le Uisce Éireann a mheabhrú do dhaoine comhairle FSS COVID-19 a leanúint agus níocháin láimhe rialta a chinntiú.

 

Tuigeann Uisce Éireann an mhíchaoithiúlacht nuair a tharlaíonn pléascadh agus gabhann sé buíochas le custaiméirí as a gcuid foighne agus muid ag obair chun an pléascadh a dheisiú agus gnáthsholáthar a athbhunú do chustaiméirí atá thíos leis. Is oth le Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall aon mhíchaoithiúlacht a tharlaíonn. Tá ár líne chabhrach cúram custaiméirí oscailte 24/7 ar 1850 278 278 agus is féidir le custaiméirí teagmháil a dhéanamh linn freisin ar @IWCare le haon cheist.  Le haghaidh nuashonruithe féach  soláthar agus seirbhísí uisce