Tá trí ghrúpa de chuid Fhine Gall chun páirt a ghlacadh i gComórtas Ómós Áite IPB, 2026
Tá trí ghrúpa pobail den scoth ó gach cearn d’Fhine Gall ar tí fáilte a chur roimh mholtóirí ó Chomórtas Ómós Áite IPB, 2026, an mhí seo chugainn, agus iad ag taispeáint na nuálaíochta, an ionchuimsithe agus an spioraid pobail a fhágann go bhfuil Fine Gall fós ar cheann de na contaetha is fearr in Éirinn maidir le forbairt pobail agus le hionchuimsiú.
Cuirfear an mholtóireacht i gComórtas Ómós Áite IPB, 2026, ar siúl i bhFine Gall an 24 Lúnasa agus an 25 Lúnasa, agus trí ghrúpa ar tí ionadaíocht a dhéanamh don chontae agus a thaispeáint conas is samplaí iad de scoth na Forbartha Pobail ar Oileán na hÉireann.
Déanfaidh Ionad Pobail Bhaile an Huntaigh i mBaile Átha Cliath 15, Cumann Pobail Bhaile an Ridire i bhFine Gall Thuaidh, agus Pobal Bhinn Éadair-Chill Fhionntain atá Oiriúntach don Uathachas ionadaíocht do Chomhairle Contae Fhine Gall i dtrí chatagóir dhifriúla nuair a thiocfaidh an fhoireann moltóireachta chuig an gcontae Dé Luain an 24 Lúnasa agus Dé Máirt an 25 Lúnasa.
Agus é ar an bhfód le 24 bliana anois, tá an comórtas, atá á eagrú ag Comhar Éireann, mar chuid d’iarrachtaí caidreamh pobail níos fearr a bhrú chun cinn ar oileán na hÉireann. Sa Chomórtas Ómós Áite, tugtar cuireadh d’údaráis áitiúla in Éirinn, ó thuaidh agus ó dheas, chun na grúpaí agus na pobail sin a chabhraíonn le háiteanna le bheith bródúil astu a dhéanamh de phobail a ainmniú. Téann na grúpaí in iomaíocht i gcatagóirí éagsúla agus déantar moltóireacht orthu ina bpobail féin trí chur i láthair agus trí thuras.
Tá sárchuntas teiste ag Comhairle Contae Fhine Gall sa chomórtas seo, agus an Gradam don Rannpháirtíocht Pobail is Fearr a bheith buaite aici sa bhliain 2024 agus duaiseanna a bheith faighte aici d’Ionad Pobail Ghleann na hAbhann agus do Lóiste Chúil Mhín, Baile Átha Cliath 15, anuraidh. I mbliana, cuirfear na babhtaí ceannais ar siúl san Ionad Comhdhála i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn an 24 Deireadh Fómhair.
Tá Ionad Pobail Bhaile an Huntaigh, a bhfuil a chomóradh 25 bliana á cheiliúradh aige i mbliana, ag stiúradh na n-iarrachtaí thar ceann Fhine Gall sa chatagóir um Chomharsanachtaí Uirbeacha agus Eastáit Tithíochta. Tá bainisteoir agus baill foirne an Ionaid ag obair go dícheallach ar fud an tsamhraidh ar a chur i láthair agus ar a thuras, agus béim ar leith á leagan ar fhorbairtí le déanaí agus ar fhorbairtí amach anseo don ionad bisiúil sin, rud arb é mol an phobail sheanbhunaithe seo de chuid Bhaile Bhlainséir é.
Déanfaidh Cumann Pobail Bhaile an Ridire ionadaíocht d’Fhine Gall sa chatagóir um Dhaonraí idir 2500 duine agus 5000 duine, agus an oidhreacht, an inbhuanaitheacht agus rannpháirtíocht an phobail ina gcodanna tábhachtacha den phobal tuaithe seo i bhFine Gall Thuaidh díreach taobh amuigh de bhaile Bhaile Brigín. Tá stair shaibhir ag Baile an Ridire agus tá sé ar cheann de na bailte is déanaí i bhFine Gall a bhunaigh agus a sheol a bhFoireann Baile féin ag deireadh na bliana 2025.
Níor bunaíodh grúpa Phobal Bhinn Éadair-Chill Fhionntain atá Oiriúntach don Uathachas ach sa bhliain 2024. Mar gheall ar an dul chun cinn ollmhór atá déanta ag an ngrúpa sin ó shin i leith, áfach, roghnaíodh é chun ionadaíocht a dhéanamh d’Fhine Gall sa chatagóir um Pobail Ionchuimsitheacha i mbliana. Freastalaíonn an grúpa anois ar bhreis agus 200 teaghlach atá ina gcónaí i mBinn Éadair agus i gCill Fhionntain, agus tá sé tar éis dul i gcomhpháirt leis na grúpaí pobail, spóirt agus comhshaoil go léir sa cheantar áitiúil chun cabhrú le feasacht a mhúscailt ar na riachtanais ar leith atá ag an bpobal sin.
Ag labhairt dó roimh na babhtaí ceannais, dúirt an Comhairleoir Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Ba mhaith liom gach rath sa chomórtas i mbliana a ghuí ar na trí ghrúpa i bhFine Gall a bheidh ag glacadh páirt sa Chomórtas Ómós Áite i mí Lúnasa. Níl aon amhras orm ach go leanfaidh siad den traidisiún láidir de ghrúpaí agus pobail áitiúla a bheith ina n-ábhar bróid ag Fine Gall agus ag an gComhairle sa chomórtas seo ina n-aithnítear an tábhacht ollmhór atá ag an earnáil pobail agus dheonach i saol an chontae, agus is rud é sin ar féidir linn go léir a bheith bródúil as.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an obair iontach a dhéanann ár ngrúpaí deonacha, agus an tacaíocht láidir a fhaigheann siad ónár Rannán Forbartha Pobail agus Ionchuimsithe, ina gcuid ríthábhachtach den bhraistint phobail atá le feiceáil sa chontae. Tá sé tábhachtach go dtabharfaí aitheantas agus luach saothair ina leith sin, faoi mar a léiríodh i Luimneach i mí na Samhna seo caite nuair a tugadh aitheantas forleathan do phobail i gCúil Mhín, Baile Átha Cliath 15, agus i nGleann na hAbhann, Sord. Ba mhaith liom gach rath a ghuí ó chroí ar na trí ghrúpa go léir le linn chuairt na moltóirí ar Fhine Gall an mhí seo chugainn.”
Cuirfear babhtaí ceannais Chomórtas Ómós Áite IPB, 2026, ar siúl san Ionad Comhdhála ar an Life i mBaile Átha Cliath tráthnóna Dé Sathairn an 24 Deireadh Fómhair. Is féidir leat tuilleadh faisnéise faoi iontráil gach grúpa a fháil san fhíseán seo a leanas anseo.