Tá na léarscáileanna comhrianacha bliantúla maidir le torann ó aerárthaí d’Aerfort Bhaile Átha Cliath don bhliain 2025 ar fáil anois ar shuíomh Gréasáin an Údaráis Inniúil um Thorann Aerárthaí (ANCA)
Tá na léarscáileanna comhrianacha maidir le torann ó aerárthaí d’Aerfort Bhaile Átha Cliath don bhliain 2025 foilsithe ag ANCA. Leis na léarscáileanna comhrianacha, cuirtear na meánleibhéil bhliantúla torainn ó aerárthaí i láthair i bhformáid chaighdeánaithe Eorpach don tréimhse oíche agus do na tréimhsí iomlána 24 uair an chloig den bhliain.

Leis na léarscáileanna comhrianacha sin, is féidir na leibhéil torainn a chur i gcomparáid le chéile thar thréimhse trí bliana chun scrúdú a dhéanamh ar an gcaoi a n-athraíonn an timpeallacht torainn le himeacht ama. Tá neamhchosaint fhadtéarmach ar thorann comhshaoil ina thoisc shuntasach taobh thiar de dhrochthorthaí sláinte, agus cabhraíonn léarscáileanna comhrianacha bliantúla le bearta spriocdhírithe a fhorbairt agus le faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn chun neamhchosaint ar thorann ó aerárthaí a laghdú.
Le monatóirí torainn, cuirtear i láthair an tionchar atá ag teagmhais aerárthaigh aonair ag na stáisiúin tomhais atá lonnaithe sna pobail timpeall an aerfoirt. Tá na sonraí sin ar fáil ar shuíomh Gréasáin Aerfort Bhaile Átha Cliath. Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar shuíomh Gréasáin ANCA. Tugtar mínithe maidir leis na bealaí éagsúla ar féidir tionchar an torainn ó aerárthaí a chur i láthair agus maidir le cad is brí leis na méadrachtaí torainn.
Cliceáil ANSEO chun amharc ar na léarscáileanna comhrianacha bliantúla maidir le torann ó aerárthaí don bhliain 2025.