Tá Móraonach BELIEVE Balbriggan le bheith ar siúl Dé Sathairn an 11 Aibreán

BELIEVE Balbriggan

Tá Baile Brigín i mbun ullmhúcháin chun ceiliúradh bríomhar ar an gcultúr, ar an bhfiontraíocht agus ar spiorad an phobail a óstáil in Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh. Beidh BELIEVE Balbriggan ar siúl Dé Sathairn an 11 Aibreán. Tá sé mar aidhm leis an móraonach naisc áitiúla a neartú, bród a chothú, agus rannpháirtíocht níos mó fós ón bpobal a spreagadh. Ag an móraonach, tabharfar le chéile clubanna spóirt, eagraíochtaí cultúrtha, grúpaí pobail, gnólachtaí áitiúla, soláthraithe oideachais, seirbhísí éigeandála, agus comhpháirtithe gníomhaireachta – a léireoidh gach ceann díobh an chuid is fearr de thallann, seirbhísí, deiseanna agus nuálaíocht Bhaile Brigín.

 Tarraingeoidh taispeántóirí aird ar nuálaíocht, ar dhea-chleachtais agus ar shamplaí spreagúla de rannpháirtíocht an phobail ó gach cearn den bhaile. Beidh cuairteoirí in ann iniúchadh a dhéanamh ar stallaí taispeántais idirghníomhaigh, bualadh le heagraíochtaí áitiúla, agus páirt a ghlacadh i gceardlanna praiticiúla éagsúla atá deartha chun an chuid is fearr dá bhfuil le tairiscint ag Baile Brigín a thaispeáint. Tacaíonn an t-imeacht freisin leis an tionscnamh leanúnach Digital Detox, a spreagann daoine chun an t-am a chaitheann siad os comhair an scáileáin a laghdú agus athcheangal a dhéanamh leis an domhan mórthimpeall orthu. Trí scaradh amach ó fhóin, ó ríomhairí táibléid, ó ríomhairí agus ó na meáin shóisialta, is féidir le rannpháirtithe a bhfolláine a fheabhsú, a strus a laghdú agus caidrimh aghaidh ar aghaidh níos fiúntaí a chothú, ar buntáistí iad is féidir a fheiceáil agus a thomhas go soiléir.

BELIEVE Balbriggan

Chuir an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, a thacaíocht don imeacht in iúl: “Tá Baile Brigín ar cheann de na pobail is gníomhaí atá againn anseo i dTuaisceart an Chontae, agus is bealach iontach iad imeachtaí mar seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar an obair a dhéanann an oiread sin daoine cumasacha chun pobal rathúil a chothú. Tá an oiread sin beartaithe le feiceáil agus le déanamh, ar nós roinnt ceardlanna an-spreagúil. Mar sin de, bí in Ionad Pobail Bhaile an Phléimeannaigh Dé Sathairn an 11 Aibreán le haghaidh lá pobail iontach.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Ní bheadh Baile Brigín chomh bríomhar agus atá sé sa lá atá inniu ann murach obair ár n-eagraíochtaí pobail iomadúla, ár bhfiontar áitiúil iomadúil agus ár seirbhísí éigeandála agus oideachais. Mar gheall ar a rannchuidithe luachmhara, is áit é a bhfuil fonn mór ar dhaoine cónaí ann, ina measann siad go bhfuil fáilte rompu, agus ina measann siad go bhfuil deis acu rannchuidiú a dhéanamh. Ag an imeacht seo an 11 Aibreán, tarraingeofar aird ar a gcuid éachtaí, agus mholfainn do gach duine páirt a ghlacadh ann agus bualadh leis an iliomad daoine a rannchuidíonn le baile iontach a dhéanamh de Bhaile Brigín.”

Is é is BELIEVE Balbriggan ann ná gluaiseacht phobail fhadtéarmach atá deartha chun fás gach bliain – agus é ag tacú le comhpháirtíochtaí áitiúla, ag neartú comharsanachtaí, agus ag cinntiú go mbeidh an deis ag gach cónaitheoir páirt a ghlacadh i dtodhchaí Bhaile Brigín a mhúnlú. Scan na cóid QR chun clárú le haghaidh ceardlann, agus téigh chuig an suíomh Gréasáin BELIEVE Balbriggan chun na mionsonraí iomlána faoin móraonach agus an t-eolas is déanaí faoin tionscnamh Digital Detox a fháil:

https://believebalbriggan.ie/