Tá mór-uasghrádú ar siúl chun tacú le daonra méadaitheach Shoird agus lena riachtanais iompair amach anseo
Tá tús curtha go hoifigiúil leis an obair ar Thionscadal Nascachta an R132 i Sord. Is tionscadal claochlaitheach bonneagair é sin atá deartha chun freastal ar dhaonra an bhaile, a bhíonn ag méadú go tapa, agus ar a riachtanais iompair a bhíonn ag fás.
Mar thoradh ar an tionscadal seo, ar fiú thart ar €21 mhilliún é agus atá cistithe ag an Údarás Náisiúnta Iompair, tiocfaidh feabhas ar an ngnáthghluaiseacht laethúil trí Shord trí bhealaí siúil agus rothaíochta a fheabhsú, trí naisc soir-siar a neartú, agus trí leagan amach bóithre atá níos áisiúla don úsáideoir a sholáthar.
Tá na hoibreacha sin deartha chun freastal ar na riachtanais láithreacha atá ag daonra a bhíonn ag fás go mear, á chinntiú go mbeidh turais níos sábháilte ag cónaitheoirí agus go mbeidh rochtain níos fearr acu ar phríomhlimistéir an bhaile. Ag an am céanna, is leis an tionscadal seo a dhéanfar an bhunobair riachtanach le haghaidh feabhsuithe amach anseo ar iompar poiblí, lena n-áirítear MetroLink agus BusConnects araon, a bheidh ag brath ar chonair uasghrádaithe R132 chun feidhmiú go héifeachtúil.
Ag teacht sna sála ar an gconradh a dhámhachtain do Murphy, cuirfear tús leis an obair thógála ar ball beag, rud a bheidh ina chéim shuntasach a bheidh tógtha ag Comhairle Contae Fhine Gall i dtreo a chinntiú go mbeidh ag Sord an bonneagar a theastaíonn uaidh san am i láthair agus an bonneagar a theastóidh uaidh amach anseo, rud a chuirfidh ar chumas an bhaile a bheidh ina phobal dea-nasctha agus rathúil fós.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ní hé amháin go gcomórtar tús na tógála inniu, ach is seoladh caibidle nua do Shord é freisin. Tríd an R132 a athmhúnlú ina chonair a bheidh níos sábháilte, níos inbhuanaithe agus níos dírithe ar dhaoine, táimid ag déanamh na bunoibre le haghaidh pobal níos ceangailte agus ag ullmhú ár mbaile Contae chun na deiseanna a bheidh ag gabháil le príomhthionscadail amhail BusConnects agus MetroLink a thapú go hiomlán. Seo é an tús le claochlú lena neartófar Sord go ceann i bhfad.”
Beidh an obair thógála á déanamh i gceithre chéim thar 25 mhí feadh an stráice bóthair 3 km idir acomhal Bostik agus imeall timpeallán Chnoc Pheannóg in aice Thaobh an Aerfoirt. Díreofar sa chéad chéim, a mheastar a mhairfidh sé mhí, ar acomhal soilsithe ceithre ghéag a chur in ionad thimpeallán an Inbhir. Is é an toradh a bheidh ar an athdhearadh sin ná go mbeidh an limistéar i bhfad níos sábháilte do choisithe agus do rothaithe, agus feabhas á chur ar an sruth tráchta agus pointí coinbhleachta do gach úsáideoir bóithre á laghdú ag an am céanna.
Dúirt Darragh O’Brien TD, an tAire Iompair: “De réir mar a leanann Sord ar aghaidh ag fás, tá sé ríthábhachtach go bhfreastalóimis ar an bhfás sin le bonneagar iompair a bheidh nua-aimseartha agus a sheasfaidh an aimsir. Is é atá in uasghrádú an R132 ná príomhchéim i dtreo baile níos sábháilte agus níos ceangailte a chruthú agus i dtreo an chonair straitéiseach sin a ullmhú le haghaidh infheistíochtaí móra iompair phoiblí amhail MetroLink agus BusConnects. Leis an tionscadal seo, cabhrófar lena chinntiú go mbeidh ag Sord an acmhainn agus an nascacht a theastaíonn uaidh mar cheann de na bailte is gasta fás sa tír.”
Forbraíodh obair innealtóireachta agus deartha do Thionscadal Nascachta an R132 chun comhtháthú go réidh leis an ailíniú MetroLink amach anseo agus leis an gCroí-Chonair Bus BusConnects, a mbeidh an dá cheann díobh in aice leis an mbealach. Múnlaíodh na trasrianta, leagan amach na n-acomhal agus na saoráidí taistil ghníomhaigh chun freastal ar ghluaiseacht mhéadaithe coisithe agus rothaithe timpeall na láithreacha stáisiúin atá beartaithe.
Dúirt Eoin Gillard, Stiúrthóir Cúnta um Infheistíocht Iompair don Údarás Náisiúnta Iompair: “Is é atá i dTionscadal Nascachta an R132 ná infheistíocht shuntasach do Shord, ar dá bharr a bheidh feabhas ar shábháilteacht, ar inrochtaineacht agus ar fheidhmíocht fhoriomlán an ghréasáin d’úsáideoirí reatha, agus na gnéithe riachtanacha deartha a theastaíonn le haghaidh tionscadail iompair amach anseo á gcomhtháthú ag an am céanna. Leis an infheistíocht seo, ullmhófar an chonair don todhchaí ach, rud ba thábhachtaí fós, cuirfear feabhas leis ar an ngnátheispéireas laethúil do dhaoine a bhíonn ag brath ar an mbealach sin a úsáid ar bhonn laethúil.”
Maidir le húsáideoirí an R132, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag cur in iúl go bhfanfaidh an bóthar ar oscailt ar feadh ré iomlán na n-oibreacha. Chun cabhrú leis an gcur isteach a íoslaghdú le linn na n-amanna is gnóthaí den lá, fanfaidh dhá lána sa dá threo — ó thuaidh agus ó dheas — ar oscailt le linn buaicuaireanta tráchta (6:30am - 10:00am, agus 4:00pm - 7:30pm). Cinnteofar leis sin, fiú nuair a bheidh an tógáil ag dul ar aghaidh, go gcoimeádfar an acmhainn riachtanach bóithre ar bun ag na hamanna a bhíonn formhór na ndaoine ag taisteal chun na hoibre nó chun na scoile nó ag déanamh naisc thábhachtacha. Tá na bearta sin ceaptha chun an trácht a choinneáil ag gluaiseacht ar an mbealach is réidhe is féidir agus chun a chinntiú go leanfaidh an R132 ar aghaidh ag feidhmiú mar phríomhchonair chomaitéireachta ar fud an uasghrádaithe.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá i dTionscadal Nascachta an R132 ná céim mhór i dtodhchaí Shoird a mhúnlú. De réir mar a leanann an baile ar aghaidh ag fás, bíonn sé ríthábhachtach go gcuirfí feabhas ar nascacht, agus cabhróidh an t-uasghrádú seo le tithe, scoileanna, gnólachtaí agus moil iompair amach anseo a nascadh ar bhealach níos sábháilte agus níos comhtháite. Is infheistíocht ríthábhachtach í i bhforbairt agus claochlú ár mbaile Contae san fhadtéarma.”