Tá Meabhrán Tuisceana idir Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall sínithe

Bhí searmanas sínithe ar siúl Dé Máirt, 28 Eanáir 2020 i Seomra Chomhairle Contae Fhine Gall i Halla an Chontae, Sord, nuair a síníodh Meabhrán Tuisceana idir Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (LRP) Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall.

PPN FCC MoU Group Shot

Bhí searmanas sínithe ar siúl Dé Máirt, 28 Eanáir 2020 i Seomra Chomhairle Contae Fhine Gall i Halla an Chontae, Sord, nuair a síníodh Meabhrán Tuisceana idir Líonra Rannpháirtíochta Poiblí (LRP) Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall.

Bhí ríméad ar Rúnaíocht an LRP an Meabhrán Tuisceana idir LRP Fhine Gall agus Comhairle Contae Fhine Gall a chur i láthair. Leagtar amach ann ar bhealach glan soiléir na róil agus na freagrachtaí a bheidh ag Comhairle Contae Fhine Gall agus LRP Fhine Gall ó thaobh an Clár LRP a sholáthar i bhFine Gall. 

Bunaíodh LRP Fhine Gall mar chuid d'Athchóiriú an Rialtais Áitiúil go déanach in 2014. Ba fhorbairt é ar an struchtúr fóram pobail agus deonach a bhí ann roimhe sin.

Toghadh Rúnaíocht den chéad uair in 2015 chun bheith i gceannas ar agus maoirseacht a dhéanamh ar oibríochtaí an LRP. 

Is féidir na torthaí a fheiceáil inniu sa réimse leathan eagraíochtaí agus daoine aonair, a bhfuil 800 díobh, a bhaineann leas as na cláir oiliúna, a ghlacann páirt sna Grúpaí Nascachta, a dhéanann obair dheonach mar Ionadaithe LRP, a chuireann le haighneachtaí comhairliúcháin agus a fhreastalaíonn ar chruinnithe Iomlánacha.

Le linn an tsearmanais sínithe, dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O'Brien: "Is croíphrionsabal an daonlathais é páirt a thabhairt do dhaoine i gcinntí a dhéanamh a bhfuil tionchar acu orthu agus ar a saol. Molaim an Meabhrán Tuisceana agus táim ag tnúth le tuilleadh comhairliúcháin amach anseo."

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: "Cuirim fáilte roimh shíniú an Mheabhráin Tuisceana seo. Oibríonn údaráis áitiúla agus LRPanna i gcomhar lena chéile chun forbairt a dhéanamh ar chumas na mballeagraíochtaí chun go mbeidh siad ábalta páirt fhiúntach a ghlacadh i gcúrsaí a bhaineann leo."

Bhí ionadaithe LRP i láthair ag an searmanas ó gach cearn de chontae Fhine Gall chun an t-imeacht tábhachtach seo a fheiceáil. Dúirt Ema Idowu thar ceann na rúnaíochta: "Táimid tiomanta d'obair a dhéanamh leis na hearnálacha pobail, comhshaoil agus ionchuimsithe shóisialta chun tacú le heagraíochtaí obair dhearfach a dhéanamh ina bpobail féin agus ar mhaithe le Contae Fhine Gall. Táimid tiomanta chomh maith do pháirt a ghlacadh mar chomhpháirtí leis an lucht déanta cinntí ag an leibhéal áitiúil agus náisiúnta. 

"Is mian linn aitheantas a thabhairt don tacaíocht leanúnach atá á cur ar fáil ag Comhairle Contae Fhine Gall don struchtúr LRP, agus táimid ag tnúth leis an tacaíocht sin a fhás agus a neartú amach anseo. Ba mhaith linn chomh maith buíochas a ghlacadh le gach balleagraíocht i LRP Fhine Gall a thug neart tacaíochta don LRP go dtí seo agus táimid ag tnúth le bheith ag obair leo ar na dúshláin agus deiseanna atá amach romhainn."

Líonra is ea Líonra Rannpháirtíochta Poiblí Fhine Gall ina bhfuil 800 eagraíocht phobail, dheonach, ionchuimsithe shóisialta agus chomhshaoil i gceantar Chontae Fhine Gall.

Tá ról tábhachtach ag LRP Fhine Gall ó thaobh ionadaíocht a dhéanamh ar phobail i struchtúir áitiúla chinnteoireachta agus ceaptha beartais.

Cuireann LRP Fhine Gall deiseanna oiliúna agus líonraithe agus eolas faoi mhaoiniú ar fáil do bhaill.

Má tá ceisteanna eile agat, déan teagmháil le Jenny Foley, Oibrí Acmhainne LRP Fhine Gall, 0873828589, [email protected]

 Déan teagmháil linn ag [email protected] nó faigh níos mó amach ar www.fingalppn.ie.

Tá LRP Fhine Gall á chomh-mhaoiniú ag Comhairle Contae Fhine Gall agus an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.