Tá Leabharlann Carnegie, na Sceirí, athoscailte tar éis athchóiriú €8.9 milliún, agus í ceithre huaire níos mó anois

Skerries Library Opening

Féach Clár Imeachtaí Earraigh Leabharlann na Sceirí

Leabharlann Carnegie, na Sceirí, ar leabharlann stairiúil í, tá sí athoscailte go hoifigiúil anois tar éis mórthionscadal athchóirithe agus athfhorbartha a raibh costas €8.9 milliún ag baint leis. Tá an leabharlann nualeathnaithe ceithre huaire níos mó ná a méid bhunaidh anois agus cuirfidh sí raon leathan seirbhísí ar fáil chun freastal ar mhuintir na Sceirí agus an cheantair máguaird. 

 Tá Leabharlann Carnegie, na Sceirí, ina déanmhas cosanta agus rinneadh í a uasghrádú agus a shíneadh go cúramach. Mar thoradh ar an obair sin, tá sí ina spás nuacheaptha atá thart ar 852 mhéadar chearnacha in achar agus a bhfuil spásanna ilfheidhmeacha leabharlainne ar thrí leibhéal aige. Ar na seirbhísí agus na saoráidí atá ar fáil anois tá limistéir thiomnaithe do leanaí agus d’aosaigh óga óna bhfuil rochtain dhíreach ar Pháirc Floraville, crios cruthaitheach, limistéir léitheoireachta, limistéir ríomhaireachta agus staidéir, seomraí cruinnithe, agus spás imeachtaí ar an dara hurlár.

Skerries Library Opening

Chomh maith leis sin, d’fhorbair Roinn Ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall spás nua ríochta poiblí os comhair na leabharlainne agus Eaglais Phádraig, ag obair di i gcomhar le hEaglais Phádraig agus le Fitzgerald Kavanagh & Partners Architects. Dearadh an spás nuashamhlaithe chun an limistéar pobail seo agus an ríocht phoiblí a fheabhsú, agus spás pobail luachmhar a nascann le Páirc Bhaile Floraville á sholáthar. Cuireadh pábháil eibhir agus aolchloiche in ionad na gcosán leathan coincréite, rud a fheabhsaíonn sainghné speisialta Limistéar Caomhantais Ailtireachta na Sceirí. 

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is lá tábhachtach é seo dár bpobal agus muid ag athoscailt Leabharlann Carnegie, na Sceirí, don phobal. Infheistíodh €8.9 milliún chun an spás stairiúil seo, atá ar cheann de 66 Leabharlann Carnegie in Éirinn, a uasghrádú agus a chlaochlú. Tá an leabharlann ag feidhmiú mar áit foghlama agus inspioráide ó thús na 1900idí i leith, agus cinntíonn a hathchóiriú agus a síneadh go leanfaidh sí ar aghaidh ag déanamh amhlaidh go ceann i bhfad. Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach sa tionscadal seo agus táim ag súil le fáilte a bheith á cur roimh dhaoine agus iad ag teacht isteach an athuair.” 

Skerries Library Opening

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an claochlú cuimsitheach atá déanta ar Leabharlann na Sceirí ina léiriú ar thiomantas Fhine Gall d’infheistiú i bhfreastal ar riachtanais athraitheacha ár bpobal, agus urraim á tabhairt d’oidhreacht Fhine Gall agus í á caomhnú ag an am céanna. Ba mhaith liom aitheantas a thabhairt don obair iontach atá déanta ag Roinn Ailtirí Chomhairle Contae Fhine Gall agus ag Roinn na Leabharlann chun a chinntiú gur cuireadh an tionscadal uaillmhianach seo i gcrích de réir an chaighdeáin is airde.”    

Dúirt Fionnuala May, Ailtire an Chontae: “Tá ríméad ar Chomhairle Contae Fhine Gall an conradh le haghaidh Leabharlann na Sceirí a chaomhnú agus a dheisiú a chur i gcrích. Áiríodh leis an gconradh síneadh mór nua-aimseartha a chur le cúl an fhoirgnimh atá ann cheana. A bhuí le sainghné fhoirgneamh Carnegie atá ann cheana, spreagadh ardchaighdeán an tsínte nua-aimseartha. Seasann an dá cheann díobh go bródúil as a stíl féin, agus naisc á soláthar idir an dá cheann ar gach urlár ag an am céanna. Áiríodh leis an tionscadal freisin uasghrádú a dhéanamh ar an ríocht phoiblí ar Shráid na hEaglaise i gcomhoibriú le hEaglais Phádraig atá in aice láimhe, rud a chruthaigh cuid shuntasach ardchaighdeáin de shráid-dreach don bhaile. Táim an-bhródúil gurb í ár bhfoireann inmheánach, a bhí faoi stiúir Pat Boyle, Ailtire Sinsearach, agus faoi threoir Annette Sweeney, Ailtire Tionscadail Feidhmiúcháin Sinsearach, a chuir an tionscadal seo i gcrích.”

Skerries Library Opening - with Architects team
Skerries Library Opening

Betty Boardman, County Librarian, Fingal County Council said: “The re-opening of Skerries Library following a significant transformation project marks a new chapter in the history of this much-loved Carnegie Library. The Council's architects have preserved the character and atmosphere of the building, while opening up new possibilities, improving accessibility and providing flexible spaces for the community. Library staff will bring these spaces to life and ensure that the library continues to be a place of welcome, imagination and inspiration for a new generation of readers and library members.” 

Skerries Opening