Tá an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus Comhairle Contae Fhine Gall chun iarratais a oscailt don chéad chéim de Dhiméin Hampton, Baile Brigín

Hampton Demesne

D’fhógair an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún, Comhairle Contae Fhine Gall, agus Ballymore mionsonraí an phróisis iarratais do na chéad 73 theach céaduaire i nDiméin Hampton, Baile Brigín, Co. Bhaile Átha Cliath, inniu. 

Is iad na 73 theach sin na chéad tithe a chuirfear ar fáil lena gceannach laistigh de Chéim 1 den fhorbairt, atá á tógáil faoi láthair agus lena soláthrófar 259 dteach céaduaire agus shóisialta san iomlán.

Cuimseoidh an chéim tosaigh díolacháin 73 theach, ina mbeidh sé theach ceithre sheomra leapa, 54 theach trí sheomra leapa, agus 13 theach dhá sheomra leapa. Beidh gairdíní príobháideacha cúil ag gach ceann de na tithe sin, a bheidh tógtha ag Ballymore agus a mbeidh rátáil A acu.

Nuair a bheidh sí críochnaithe, soláthrófar le Diméin Hampton 817 dteach céaduaire agus shóisialta, mar aon le creis, le páirc nua ina mbeidh saoráidí áineasa do gach aoisghrúpa, agus le hionad miondíola áitiúil sa chomharsanacht. Beidh saoráidí páirceála rothar agus carranna ag freastal go maith ar an bhforbairt freisin. 

Tá cistiú a fuarthas trí Chiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta an Rialtais tar éis tacú le bonneagar bunriachtanach a sholáthar i bhFearann an Chaisleáin, rud a chabhraigh leis an láithreán a oscailt le haghaidh forbairt chónaithe agus a chuir dlús le soláthar tithe nua.

Leis na cistí, tacófar le bonneagar amhail Nascbhóthar Fhearann an Chaisleáin, tardhroichead iarnróid don líne iarnróid idir Baile Átha Cliath agus Béal Feirste, athailíniú an R127, stáisiún caidéalúcháin a bheidh in ann linn snámha amach anseo a éascú, atreoruithe móra seirbhíse, agus bonneagar nua uisce.

Cuirfear na tithe go léir sa chéim díolacháin tosaigh seo ar fáil do cheannaitheoirí incháilithe tríd an Scéim Ceannaigh Tithe Céaduaire, atá á bainistiú ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún i gcomhpháirt. Glacfar le hiarratais trí thairseach ar líne a chuirfear i bhfeidhm an 19 Lúnasa ag 12pm meán lae.

Le cur i bhfeidhm tacaí rialtais agus ranníocaíochtaí cothromais, tosaíonn praghsanna do na tithe céaduaire ag €330,000 le haghaidh tithe dhá sheomra leapa; ag €370,000 le haghaidh tithe trí sheomra leapa; agus ag €430,000 le haghaidh tithe ceithre sheomra leapa.

Leis an Scéim Ceannaigh Tithe Céaduaire, cuirtear ar chumas ceannaitheoirí incháilithe an bhearna idir praghas an tí agus méid na gcistí pearsanta agus an mhorgáiste atá ar fáil dóibh a líonadh. Tá socrú cothromais chomhroinnte i gceist leis an scéim, rud lena n-íslítear an costas roimh ré agus lena gcuirtear ar chumas Chomhairle Contae Fhine Gall leas cothromais a shealbhú sa réadmhaoin go dtí go n-aisíocfar í nó go dtí go ndíolfar an teach.

Críochnófar an 186 theach eile i gCéim 1 faoin mbliain 2028.

Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall:

“Is garsprioc shuntasach í seo do Bhaile Brigín agus d’Fhine Gall de réir mar a leanaimid ar aghaidh ag soláthar na dtithe ardchaighdeáin a theastaíonn ónár bpobail. Leis na tithe nua seo, cabhrófar le níos mó daoine agus teaghlach cur fúthu sa limistéar, agus tacaíocht á tabhairt d’fhás leantach Bhaile Brigín mar áit iontach chun cónaí ann.

“Leis na páirceanna nua, na taitneamhachtaí pobail agus an bonneagar iompair atá á soláthar in éineacht leis na tithe seo, rachfar chun tairbhe do chónaitheoirí nua agus do chónaitheoirí atá ann cheana araon go ceann i bhfad.”

Dúirt James Browne TD, an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta:

“Tá oscailt na n-iarratas ar na 73 theach seo a bhfuil géarghá leo i nDiméin Hampton ina céim ríthábhachtach maidir le soláthar tithe nua a mhéadú chun freastal ar riachtanais ár bpobal a bhíonn ag fás. 

“Tá forbairtí mar seo ina léiriú ar an méid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú láidir idir an Rialtas, an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún, údaráis áitiúla, agus ár gcomhpháirtithe soláthair eile.

“Tá i bhfad níos mó i gceist le Diméin Hampton ná tithíocht. A bhuí le cistiú ó mo Roinn féin tríd an gCiste Infheistíochta Bonneagair Tithíochta, soláthrófar leis freisin an bonneagar agus na saoráidí pobail a theastaíonn chun tacú le pobal a bhíonn ag fás, rud a chabhróidh le comharsanacht nua inbhuanaithe a chruthú anseo i mBaile Brigín. 

“Mar atá leagtha amach sa Phlean Gníomhaíochta um Sholáthar Tithíochta ón Rialtas dar teideal ‘Tithe á dTógáil, Pobail á gCothú’, tá sé mar phríomhthosaíocht ag an Rialtas i gcónaí an soláthar tithíochta a mhéadú, agus tá fíordhifear á dhéanamh ag forbairtí mar seo do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach den chéad uair riamh.”

Dúirt John Coleman, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin na Gníomhaireachta um Fhorbairt Talún:

“Is iontach an rud é a fheiceáil cé chomh tapa agus atá Diméin Hampton ag teacht chun cinn. Níos lú ná bliain tar éis dúinn tús a chur leis an obair, táimid ar tí fáilte a chur roimh na chéad chónaitheoirí, rud atá ina léiriú soiléir ar an méid is féidir a bhaint amach trí chomhpháirtíochtaí láidre agus trí thiomantas comhchoiteann do thithe a bhfuil géarghá leo a sholáthar go tapa.

“Is iad na daoine agus na teaghlaigh a chuirfidh fúthu sna tithe seo atá i gcroílár gach forbartha tithíochta, agus is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil an t-aistear sin ag tosú i nDiméin Hampton.

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Comhairle Contae Fhine Gall agus le Ballymore as a gcomhpháirtíocht leantach chun beocht a chur i nDiméin Hampton.”

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall:

“Scéala an-mhaith do dhaoine atá ag iarraidh teach a cheannach i mBaile Brigín is ea oscailt na n-iarratas ar na chéad tithe i nDiméin Hampton. Leis na tithe seo, soláthrófar deiseanna nua do dhaoine aonair agus do theaghlaigh agus tacófar le fás leantach an phobail áitiúil ag an am céanna.

“Le soláthar tithe nua in éineacht le taitneamhachtaí, le saoráidí agus le bonneagar, rannchuideofar go mór le Baile Brigín go ceann i bhfad. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus le Ballymore as a gcomhoibriú leantach chun an fhorbairt thábhachtach seo a thabhairt chuig an gcéim seo.”

Dúirt Patrick Phelan, Stiúrthóir Bainistíochta Ballymore, Éire:

“Is éacht suntasach é an gharsprioc seo a bhaint amach i nDiméin Hampton, agus léirítear leis an comhoibriú láidir idir Ballymore, an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún agus Comhairle Contae Fhine Gall. Ó thús, ba é ár n-uaillmhian choiteann ná comharsanacht nua ardchaighdeáin a sholáthar lena soláthrófar tithe a bhfuil géarghá leo, agus pobal beoga inbhuanaithe á chruthú do na glúnta atá le teacht ag an am céanna.

“Is ábhar mór sásaimh é a fheiceáil go bhfuil na chéad tithe á gcur ar fáil do cheannaitheoirí agus a bheith ar an eolas go dtosóidh cónaitheoirí ag tógáil a saoil anseo roimh i bhfad. Táimid ag tnúth le leanúint lenár gcuid oibre lenár gcomhpháirtithe de réir mar a fhásann Diméin Hampton ina pobal nua faoi bhláth do Bhaile Brigín.”

An Próiseas Iarratais

Osclófar an tairseach le haghaidh iarratais ar na chéad 73 theach céaduaire i nDiméin Hampton ag 12pm Dé Céadaoin an 19 Lúnasa 2026 agus dúnfar í ag 5pm Dé Céadaoin an 9 Meán Fómhair 2026. Moltar d’iarratasóirí ionchasacha scrúdú cúramach a dhéanamh ar mhionsonraí chritéir na Scéime Ceannaigh Tithe Céaduaire agus a chinntiú go bhfuil an fhaisnéis riachtanach ar fad ar áireamh ina n-iarratas. Is féidir tuilleadh mionsonraí faoi na tithe agus faoin bpróiseas iarratais a fháil ag www.fingal.ie/starterhomes 

 

Maidir leis an nGníomhaireacht um Fhorbairt Talún

Is í an Ghníomhaireacht um Fhorbairt Talún (an Ghníomhaireacht) comhlacht an Stáit a bhfuil sé de chúram air tithíocht inacmhainne a sholáthar. Is é an príomhról atá ag an nGníomhaireacht ná talamh Stáit agus talamh eile a fháil agus a fhorbairt chun tithe inacmhainne a sholáthar chun freastal ar riachtanas tithíochta na tíre.

Tá tús curtha ag an nGníomhaireacht le tógáil ar thailte éagsúla a fuarthas ón Stát agus a fuarthas go príobháideach, agus tá níos mó ná 25,000 teach le soláthar aici trína cainéal soláthair dhírigh agus trína cainéal comhpháirtíochta tógálaithe tithe.

Ina theannta sin, tugann an Ghníomhaireacht faoi obair ar limistéir straitéiseacha fhadtéarmacha mhórscála trí mháistirphleanáil a dhéanamh agus trí iarratais phleanála a thabhairt ar aghaidh in áiteanna amhail Ceathrú Cholbaird i Luimneach, an Mol Digiteach i mBaile Átha Cliath, agus Bóthar an Ghainimh i nGaillimh.

Tá freagracht ar an nGníomhaireacht freisin as feidhmeanna poiblí éagsúla, lena n-áirítear taighde agus máistirphleanáil a dhéanamh agus treoirlínte tógála agus dea-chleachtais a fhorbairt. Tháirg an Ghníomhaireacht an Tuarascáil ar Thalamh Poiblí Iomchuí agus nuashonraíonn sí an Tuarascáil ar bhonn tráthrialta anois. Sainaithníodh sa Tuarascáil 102 láithreán faoi úinéireacht an Stáit a bhféadfaí 70,830 teach san iomlán a thógáil orthu.

Maidir le Ballymore

Bhunaigh Sean Mulryan agus Bernardine, a bhean chéile, Ballymore sa bhliain 1982, agus tá sé ar cheann de na forbróirí réadmhaoine is nuálaí in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, a bhfuil cáil air as comharsanachtaí mórscála dearadhbhunaithe a sholáthar.

Tá breis agus 15,000 teach tógtha ag Ballymore in Éirinn tá breis agus 20,000 teach tógtha aige sa Ríocht Aontaithe. Tá 8,000 teach dá chuid in Éirinn le fáil i gCill Dara, i mBaile Átha Cliath, i gCill Mhantáin agus san Iarmhí ar fud seacht láithreán ghníomhacha, agus tá an chuideachta tiomanta do bhreis agus 1,000 teach teaghlaigh a sholáthar gach bliain. I measc na bhforbairtí atá curtha i gcrích ag an gcuideachta tá 1 mhilliún troigh chearnach de spás tráchtála ag Dublin Landings, agus tá láithreáin mhóra atá le teacht, lena n-áirítear Ceathrú Guinness, atá ar cheann de na scéimeanna athghiniúna is iontaí san Eoraip, agus Áirse Bhaile Átha Cliath, lena mbunathrófar seacht n-acra ag an mol iompair is mó in Éirinn.

Tá breis agus 80 gradam tionscail faighte ag Ballymore sna deich mbliana atá imithe thart as sármhaitheas deartha, as inbhuanaitheacht, agus as rannpháirtíocht an phobail, lena n-áirítear Forbróir na Bliana ag Gradaim The Business Post, Tógálaí Tithe Éireannach na Bliana ag Gradaim Foirgníochta agus Dheartha na hÉireann 2025, agus gradaim Guaranteed.