Tá ealaíontóir ag lorg daoine a bheadh sásta páirt a ghlacadh ar bhonn deonach i saothar ealaíne íocónach a dhéanamh le haghaidh Ceathrú Chultúrtha Shoird

Tá duine de na healaíontóirí is fearr in Éirinn ag lorg daoine as gach cearn d'Fhine Gall a bheadh sásta páirt a ghlacadh ar bhonn deonach i saothar ealaíne íocónach a dhéanamh a chuirfear ar taispeáint go buan ag suíomh feiceálach i gCeathrú Chultúrtha Shoird.

 

Choimisiúnaigh Comhairle Contae Fhine Gall John Byrne faoin gClár Infreastruchtúir Ealaíne Poiblí 2018 - 2021 agus tá sé de rún aige íomhá fhótagrafach mór a chruthú ar a mbeidh grúpa ionadaíoch de mhuintir Fhine Gall. Déanfar é a phriontáil agus a dhó ar phainéil chruach.

 

Déanfaidh an íomhá tagairt do dhá phictiúr stairiúla na hEorpa a bhfuil clú orthu agus roghnóidh Byrne réimse leathan mhuintir Fhine Gall le bheith sna pictiúir. Beidh siad le feiceáil go brách sa saothar ealaíne agus iad, go bunúsach, i mbun 'tarraingt na téide' idir an dá phictiúr. Léiriú ar an 'tarraingt' idir an saol tuaithe agus an saol uirbeach sa chontae agus níos faide ó bhaile a bheidh sa dá phictiúr.

 

Ba mhaith le Byrne go mbeidh a oiread daoine agus is féidir ábalta páirt a ghlacadh sa tionscadal agus tá sé ag iarraidh ar dhaoine den phobal grianghraf díobh féin a sheoladh chuige, chomh maith le sonraí maidir lena n-aois agus a n-airde, agus a seoladh ríomhphoist agus uimhir fóin. D'fhéadfadh féinín nó grianghraf soiléir den cheann agus na guaillí a bheith i gceist. Ba cheart na grianghraif agus na sonraí eile atá ag teastáil a sheoladh chuig  jo%68nb%79%[email protected] %6d" rel="nofollow"> [email protected] roimh 21 Feabhra.

 

Ina dhiaidh sin, déanfaidh Byrne, le tacaíocht ó Oifig Ealaíon Fhine Gall, tús a chur le próiseas chun iad siúd a chuirfear san áireamh sa seisiún grianghrafadóireachta a roghnú. Tá sé beartaithe go mbeidh sé sin ar siúl i Sord in Iúil.

 

Dúirt an Comhairleoir Paul Donnelly, Cathaoirleach an Choiste Beartais Straitéisigh um Fhorbairt Phobail, Oidhreacht, Cultúr agus Cruthaitheacht: "Is deis ar leith é seo do dhaoine as gach cearn d'Fhine Gall páirt a ghlacadh i mórthionscadal ealaíon agus beidh siad siúd a roghnófar le feiceáil go buan i saothar ealaíne íocónach."

 

Dúirt Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí in Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall, go bhfuil an t-ealaíontóir agus an Chomhairle ag iarraidh daoine de gach aois agus as gach cúlra páirt a ghlacadh.

 

"Ní féidir le hEalaín Phoiblí a bheith níos Poiblí ná seo. Tá suim againn i ngach aoisghrúpa agus pobail éagsúla as gach cearn den chontae, rud a léireoidh Fine Gall an lae inniu agus é ag pleanáil mórinfheistíocht chultúrtha. Ba mhaith linn go mbeidh gach duine páirteach ann," a deir Caroline Cowley.

 

Dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall: "Is é ár bhfís agus uaillmhian go gcruthófar sainiúlacht uirbeach ar leith do Shord mar an baile contae i bhFine Gall, ar mhaithe le muintir na háite agus cuairteoirí araon. Mar chuid de sin, beidh spás mór sibhialta, cultúrtha agus poiblí i gcroílár an bhaile chontae, na hoibreacha atá ar siúl faoi láthair ag Caisleán Shoird san áireamh. Beidh an tIonad Sibhialta agus Cultúrtha SQC (Ceathrú Chultúrtha Shoird) ag gcroílár Cheathrú Chultúrtha Shoird, agus tá an tionscadal ealaíne iontach seo ina chuid de chlár leanúnach níos leithne chun páirt a thabhairt don phobal i gcoitinne i bhforbairt na ceathrú aitheanta nua seo do Shord."  

 

Breathnaítear ar Byrne mar ealaíontóir ar féidir leis saothair ealaíne comhaimseartha a dhéanamh de shaothair ealaíne stairiúla. Áirítear lena shaothair roimhe seo 'Misneach Bhaile Munna', ar leacht cuimhneacháin mórthaibhseach eachaíochta é don óige. Theilg sé Leacht Cuimhneacháin John Henry Foley arís, ón leacht bunaidh ar thalamh Chaisleán Chillingham sa Ríocht Aontaithe, leacht a bhí suite i bPáirc an Fhionnuisce roimhe sin, chun an leacht a dhéanamh.

 

Tá sé freagrach chomh maith as 'Dublin's Last Supper', saothar atá bunaithe ar leagan Leonardo Da Vinci agus atá lonnaithe sa Cheathrú Iodálach i lár na cathrach.

 

Beidh na daoine a roghnófar le páirt a ghlacadh sa tionscadal seo páirteach i bpróiseas an-spéisiúil. Oibreoidh Byrne le seit thógtha agus dearthóir cultacha agus cúntóirí léirithe ar mhaithe lena shaothar. Déanfar na daoine a roghnófar a stíleáil agus a dheasú chun dul in oiriúint dá fhís foriomlán don saothar a bheidh ar taispeáint go buan i gCeathrú Chultúrtha Shoird, an cheathrú chultúrtha nua.