Tá Dublin Canvas ag filleadh ar Fhine Gall an samhradh seo!
An bhfuil tú i d’ealaíontóir thú nó i ngrúpa pobail atá ag iarraidh páirt a ghlacadh in Dublin Canvas?
Is é is Dublin Canvas ann ná tionscadal ealaíne poiblí a chuireann splancacha datha agus cruthaitheachta le háiteanna ar fud Fhine Gall gach bliain! Baineann sé úsáid as gnáthrudaí laethúla nach dtugtaí faoi deara roimhe sin – mar atá boscaí rialaithe soilse tráchta – mar chanbháis le haghaidh saothair ealaíne nua. Tá Dublin Canvas ag lorg aighneachtaí saothar ealaíne anois le haghaidh boscaí éagsúla atá suite ar fud limistéar Chomhairle Contae Fhine Gall don bhliain 2026.
Is sárdheis í seo chun do shaothar ealaíne a thaispeáint don phobal i scothláithreacha. Leis na saothair ealaíne chríochnaithe, cuirfear beocht sna boscaí sin a bhíodh leamh agus an-mharcáilte tráth, agus déanfar saothair ealaíne áille díobh, rud a dhéanfaidh gailearaí siúil ealaíne poiblí de gach limistéar. Tabharfar táille bheag agus ábhair do na príomh-rannpháirtithe chun an saothar a chur i gcrích de réir na gcaighdeán riachtanach.
Tá an deis ar oscailt d’ealaíontóirí, do dhaoine cruthaitheacha agus do ghrúpaí pobail ar mian leo páirt a ghlacadh inti agus ceann de na boscaí atá ar fáil an Samhradh seo a phéinteáil. Iarrtar ar iarratasóirí na treoirlínte thíos faoi conas iarratas a dhéanamh a léamh go cúramach agus ansin a n-aighneachtaí, agus iad ullmhaithe i gceart, a chur ar aghaidh chuig [email protected]
- Dáta Tosaithe an Ghlao – an Luan an 4 Bealtaine 2026
- An Spriocdháta le haghaidh Aighneachtaí – an Chéadaoin an 10 Meitheamh 2026
- An Próiseas Roghnúcháin – an Déardaoin an 11 Meitheamh go dtí an Mháirt an 30 Meitheamh 2026
- Críochnú an tSaothair Ealaíne – deireadh mhí an Mheithimh go deireadh mhí Mheán Fómhair 2026
Níor cheart d’aon ealaíontóirí nach mbeidh ar fáil chun péinteáil a dhéanamh le linn na tréimhse sin iarratas a dhéanamh.
Ba cheart d’ealaíontóirí agus do ghrúpaí pobail atá ag iarraidh páirt a ghlacadh cuairt a thabhairt ar www.dublincanvas.com/paint-2026 chun mionsonraí iomlána a fháil faoi conas iarratas a dhéanamh. Tá gach láthair i bhFine Gall sa bhliain 2026 liostaithe ann freisin.