Tá cúig thionscadal i bhFine Gall ar an ngearrliosta le haghaidh na nGradam um Shármhaitheas sa Rialtas Áitiúil 2025

howth-maritime-seafood-festival

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ar an ngearrliosta i roinnt catagóirí i nGradaim Chomhlachais Tráchtála na hÉireann um Shármhaitheas sa Rialtas Áitiúil i mbliana, lena n-áirítear tionscnaimh san Aoisbhá, sa tSláinte agus an Fholláine, agus i dTacú le Pobail Inbhuanaithe.


I mbliana, fuair Comhlachais Tráchtála na hÉireann an líon ab airde iarratas riamh ar na gradaim sin, agus Fine Gall ar an ngearrliosta as na cinn seo a leanas:
•    Féile Mhuirí agus Bia Mara Bhinn Éadair (Féile na Bliana)
•    Cur Chun Cinn na Scéime Tithíochta Inacmhainne (Cumarsáid)
•    Féile Spóirt Fhine Gall (Sláinte agus Folláine)
•     Sciath-Thithíocht ag Cúirt na Mainistreach, Lusca (Tionscnamh Aoisbhá)
•    Ionad Pobail Bhaile Maidheac agus Gairdín Pobail Bloom (Tacú le Pobail Inbhuanaithe)


Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is iontach an rud é a fheiceáil go bhfuil an t-aitheantas atá tuillte ag gach ceann de na tionscadail agus na himeachtaí iontacha seo faighte acu. Tá Foireann Fhine Gall uaillmhianach agus nuálach. Is onóir ollmhór iad na gradaim agus is deis den scoth iad chun gach a bhfuil le tairiscint ag Fine Gall a thaispeáint agus a cheiliúradh. Comhghairdeas leo siúd ar fad a cuireadh ar an ngearrliosta agus guím gach rath orthu go léir.”


Agus fáilte á cur aici roimh an aitheantas ó Chomhlachais Tráchtála na hÉireann, dúirt Ethna Felten, Leas-Phríomhfheidhmeannach: “Tá ríméad orm go bhfuil aitheantas á thabhairt ar scála náisiúnta an athuair dár dtionscadail, go háirithe nuair atá iomaíocht chomh láidir sin ann ar fud na tíre. Is fianaise í sin ar obair fhoireann dhícheallach na Comhairle, agus ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh le gach duine a bhí páirteach ann. Is éacht ollmhór é.”


Urraíonn an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta na gradaim bhliantúla seo, a bhfuil sé mar aidhm leo aitheantas a thabhairt don obair atá á déanamh ag Údaráis Áitiúla ar fud na hÉireann agus í a cheiliúradh. Tá baill i gcathracha, bailte agus pobail i ngach cearn den tír ag Comhlachais Tráchtála na hÉireann, arb é guth an lucht gnó ar fud na tíre é.


Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi na gradaim, is féidir leat cuairt a thabhairt ar https://chambers.ie/event/excellence-in-local-government-awards/

Monastery Court 1