Tá cúig cinn de bhailte agus de shráidbhailte i bhFine Gall le tairbhe a bhaint as cistiú is fiú breis agus €1m

Ballyboughal

Tá roinnt pobal ar fud Fhine Gall curtha ar áireamh i dtreisiú mór cistiúcháin, agus breis agus €1 mhilliún fógartha le haghaidh tionscadail thábhachtacha a chur i gcrích, ar tionscadail iad a chuirfidh beocht nua i mbailte agus sráidbhailte sa réigiún.

D’fhógair Dara Calleary TD, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail agus Gaeltachta, cistiú €26 mhilliún do 116 thionscadal i bpobail tuaithe ar fud na tíre faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. I bhFine Gall, tá cistiú is fiú €1,013,275 á infheistiú i mBaile Bachaille, i mBaile an Ridire, i Lusca, sa Ros agus i bParóiste Mhaighréide.

Tá sé mar aidhm leis an gcistiú cabhrú le láir bailte a athnuachan, le fás eacnamaíoch a bhrú chun cinn, leis an líon daoine a thagann chuig na bailte a mhéadú, le dul i ngleic le láithreáin thréigthe agus fholmha, le criosanna coisithe agus spásanna lasmuigh a fhorbairt, agus le borradh a chur faoin turasóireacht. Leis an gcistiú, cuirtear ar chumas údarás áitiúil sraith láidir tionscadal a fhorbairt agus cabhraítear le clúdach a dhéanamh ar na costais is gá chun tograí a thabhairt chuig céim ina bhfuil siad deartha go hiomlán agus réidh le haghaidh tógála.

Fógraíodh cistiú is fiú €220,000, beagnach, faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte do shráidbhaile tuaithe Bhaile Bachaille chun cabhrú le borradh mór a chur faoi athghiniúint an láir baile, ag tosú leis an mbealach nua iontach dar teideal ‘Camino Fhine Gall’ a chruthú mar chuid de straitéis chuimsitheach aimsiú bealaigh. Aidhm amháin atá leis an tionscadal is ea an líon daoine a thagann chuig an mbaile a mhéadú, feabhas a chur ar chomhfhorbairt áite, agus spásanna dea-shainithe tionóil a sholáthar. Aidhm eile atá leis is ea feabhas a chur ar an rochtain ar shiúlbhealach na habhann, ar chonairí oidhreachta agus ar chonairí bithéagsúlachta, agus suíocháin nua, soilse poiblí uasghrádaithe agus soilsiú sainchomharthaí tábhachtacha á dtabhairt isteach ag an am céanna.

Rush Flowerbeds

D’fháiltigh an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, roimh an gcistiú. Dúirt sé: “Is dea-scéala ar fad í an infheistíocht €1 mhilliún ón Rialtas i gcúig phobal i bhFine Gall – Baile an Ridire, an Ros, Baile Bachaille, Lusca, agus Paróiste Mhaighréide. Táim tógtha go háirithe faoi ‘Shlí Camino Fhine Gall’, rud a bhfuil gealladh faoi mar eispéireas uathúil turasóireachta dár gcontae. Is fíorvóta muiníne as Fine Gall é seo, agus ba mhaith liom ár bhfoireann oifigeach a mholadh as an obair iontach atá déanta aici chun an cistiú seo a fháil. Táim ag súil leis na tionscadail sin a bheith ag teacht chun cinn sa bhliain 2026.”

Tá an Ros tar éis cistiú forbartha tionscadail a fháil chun staidéar féidearthachta a dhéanamh ar ríocht phoiblí a láir baile a bhunathrú chun feabhais ón bPríomhshráid Íochtarach go dtí an Cuan ag Leacht Cuimhneacháin Tayleur. Leis an tionscnamh seo, múnlófar tograí a bhfuil mar aidhm leo beocht shibhialta, chultúrtha agus eacnamaíoch a threisiú, agus é ag tacú le héabhlóid an Rois ina bhaile féinchothaitheach agus ag soláthar sócmhainní pobail feabhsaithe do phobal a bhíonn ag fás agus atá ar mhórán oidhreachta.

Dúirt Declan Ryan, Oifigeach Athghiniúna Bailte Fhine Gall: “Tá áthas an domhain orainn tacú leis na Foirne Baile nuabhunaithe i Lusca, ar an Ros, i mBaile an Ridire, agus i mBaile Bachaille agus iad ag cur na dtionscadal claochlaitheach seo i gcrích. Tá fáil an chistiúcháin seo ag teacht go foirfe leis an straitéis leanúnach atá ag Comhairle Contae Fhine Gall maidir le hobair i ndlúthchomhar le Foirne Baile faoin mBeartas um Thús Áite do Lár Bailte.”

I measc na dtionscadal cistithe eile tá €49,500 do Bhaile an Ridire chun Faiche an Aonaigh stairiúil a athfhorbairt, agus a ról traidisiúnta á athbhunú le saoráidí atá nua-aimseartha agus atá neamhdhíobhálach don oidhreacht. Gheobhaidh Lusca €195,075 le haghaidh feabhsuithe ríochta poiblí lena spreagfar idirghníomhaíocht an phobail agus an bhithéagsúlacht, lena n-áirítear aimsiú bealaigh, ealaín phoiblí, agus tírdhreach inite ina leagfar béim ar chroílár an bhaile mheánaoisigh. Fuair Paróiste Mhaighréide €500,000 chun a halla pobail a athchóiriú agus a leathnú, agus uasghráduithe riachtanacha agus feabhsuithe sábháilteachta á soláthar.

Bailte agus sráidbhailte i bhFine Gall a fuair cistiú faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte 2025

Láthair Tuairisc Leithdháileadh
Baile Bachaille Lár an tsráidbhaile, suíocháin, soilse poiblí feabhsaithe, sainchomharthaí tábhachtacha a shoilsiú, agus straitéis aimsiú bealaigh a chruthú chun bealach nua “Camino Fhine Gall” a áireamh. €218,700
Baile an Ridire Seanlimistéar Fhaiche an Aonaigh a athfhorbairt chun go mbeifear in ann a feidhm ársa a athbhunú, agus na saoráidí á nuachóiriú ar bhealach a dtugann aird ar shaintréithe stairiúla an tsráidbhaile. €49,500
Lusca An ríocht phoiblí a fheabhsú chun feabhas a chur ar idirghníomhaíocht an phobail, ar an mbithéagsúlacht agus ar an rochtain amhairc ar chroílár baile mheánaoisigh Lusca trí Aimsiú Bealaigh, trí ealaín phoiblí agus trí thírdhreach inite. €195,075
An Ros Plean ríochta poiblí ón bPríomhshráid Íochtarach go dtí an Cuan lena soláthrófar spás cathartha nua ag séadchomhartha Leacht Cuimhneacháin Tayleur agus lena gcruthófar timpeallacht ina dtacófar le Margadh Feirmeoirí, le himeachtaí cultúrtha agus le turasóireacht mhuirí. €50,000
Paróiste Mhaighréide Deisiú, athchóiriú agus síneadh a dhéanamh ar an halla pobail láithreach i bParóiste Mhaighréide, lena n-áirítear uasghráduithe meicniúla agus leictreacha, feabhsuithe ar shábháilteacht ó dhóiteán, agus glanadh láithreáin. €500,000