Tá Comhairle Contae Fhine Gall chun ceiliúradh fíorúil ar Lá Idirnáisiúnta na mBan 2021 a óstáil

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh fíorúil a fhógairt do Lá Idirnáisiúnta na mBan a bheidh ar siúl Dé Luain, 8 Márta, 2021. Toisc nach féidir imeachtaí fisiciúla a dhéanamh faoi shrianta reatha an rialtais, reáchtálfar ceiliúradh fíorúil i mbliana.

FCC Womens International Day banner

Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall ceiliúradh fíorúil a fhógairt do Lá Idirnáisiúnta na mBan a bheidh ar siúl Dé Luain, 8 Márta, 2021. Toisc nach féidir imeachtaí fisiciúla a dhéanamh faoi shrianta reatha an rialtais, reáchtálfar ceiliúradh fíorúil i mbliana.

Déanann Lá Idirnáisiúnta na mBan ceiliúradh ar éachtaí sóisialta, eacnamaíochta, cultúrtha agus polaitiúla na mban. Chun an ócáid a cheiliúradh, beidh Aonad Cumarsáide Chomhairle Contae Fhine Gall ag postáil físeáin ghearra i rith an lae ar ár gcainéil meán sóisialta le hionchar ó Chomhairleoirí Baininn Contae Fhine Gall, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly agus baill mná d’Fhoireann Bainistíochta Feidhmiúcháin Chomhairle Contae Fhine Gall.  

Iarradh ar na rannpháirtithe léargas a thabhairt ar an gcúis a bheartaigh siad a ngairm roghnaithe a leanúint, na héachtaí is mó a bhfuil siad bródúil astu agus na mná a spreagann iad. Is cuid de thionscnamh Chomhairle Contae Fhine Gall é chun feasacht ar Rialtas Áitiúil a mhúscailt i measc na mban.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy: “Tá sé tábhachtach go ndéanfaimis Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh agus tá súil agam go spreagfaidh éisteacht le comhairleoirí agus feidhmeannaigh níos mó ban, is cuma cén cúlra atá acu, chun a bheith páirteach sa rialtas áitiúil trína roghnú mar chonair ghairme nó trí bheith gníomhach go polaitiúil.”

Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly: “Is deis iontach í Lá Idirnáisiúnta na mBan chun éachtaí na mban a cheiliúradh agus mná a spreagadh chun a ról féin a ghlacadh sa cheannaireacht agus san athrú. Tá sé tábhachtach an ócáid a cheiliúradh cé nach féidir linn é a dhéanamh go fisiciúil faoi na srianta reatha. Tá an-áthas orm a bheith mar chuid den ócáid fhíorúil seo a thabharfaidh léargas do dhaoine ar ról sárluachmhar na mban sa pholaitíocht, sa spórt, san earnáil phoiblí agus deonach agus i ngach gné den saol.”

Tá sraith imeachtaí curtha le chéile ag Oifig Spóirt na Comhairle chun Lá Idirnáisiúnta na mBan a cheiliúradh, lena n-áirítear Plean Forbartha Imreoirí FAI do mhná amháin agus ceardlanna um Chosaint, agus beidh an Chomhairle ag díriú ar thionscadail agus ar thionscnaimh éagsúla a bheidh ar siúl faoi philéir an Bheartais Mná sa Spórt.

Is í Gráinne Seoige, an phearsantacht teilifíse agus bean ghnó mór le rá, a bheidh mar eochairchainteoir ag an ócáid Líonra Mná Fiontraíoch Fhine Gall a bheidh ar siúl ar líne an 5 Márta. Osclóidh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall AnnMarie Farrelly an ócáid seo, arna óstáil ag LEO Fine Gall, agus beidh deis iontach ann do mhná i mbun gnó léargas agus ceachtanna a d’fhoghlaim siad ina réimsí roghnaithe a roinnt.

Beidh Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall ag ceiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan le sraith comhrá ar líne le mná atá gníomhach i gceannaireacht i bhFine Gall. Déanfaidh Comhrá ar Cheannaireacht na mBan sa Phobal ceiliúradh ar éachtaí na mban agus aithneoidh sé na dúshláin agus deiseanna a bhíonn ag mná agus iad i mbun gníomhaíochta pobail.

I mbun comhrá leis an Dochtúir Lucy Michael, beidh Geraldine Rooney, ó Líonra Rannpháirtíochta Pobail Fhine Gall agus Ionad um Maireachtáil Neamhspleách Bhaile Bhlainséir, Ayodele Yusuf, ó Fhóram Lánpháirtíochta Bhaile Brigín, Bridie O’Reilly ó Chomhairle Dhaoine Scothaosta Fhine Gall, Shelly Gaynor, ó Ghluaiseacht Maireachtála Neamhspleách na hÉireann, Catherine Joyce ó Ghrúpa Forbartha Lucht Siúil Bhaile Bhlainséir agus AnneMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall.

 “Tá fíoráthas ar Chomhairle Contae Fhine Gall na comhráite seo a éascú. Bhír ról suntasach ag mná maidir le tionchar a bheith acu ar athrú a spreagadh, ag cur le cinnteoireacht agus ag dul i bhfeidhm ar bheartas i bhFine Gall. Táimid ag tnúth le foghlaim ó na mná seo, chun cur lena dtaithí agus chun na hardáin do Cheannaireacht na mBan sa Phobal a fhorbairt níos mó,” a dúirt Margaret Geraghty, Stiúrthóir Tithíochta agus Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhine Gall.

 Le haghaidh tuilleadh eolais ar cheiliúradh Lá Idirnáisiúnta na mBan de chuid Oifig Forbartha Pobail Chomhairle Contae Fhne Gall ar 8 Márta déan teagmháil le do thoil le [email protected] nó tabhair cuairt ar www.fingal.ie/IWD2021communityleadership

Tugaimid cuireadh duit Lá Idirnáisiúnta na mBan 2021 a cheiliúradh trí thiúnáil isteach chuig ár gcainéil meán sóisialta Dé Luain, 8 Márta, chun taithí agus taitneamh a bhaint as an ionchur ó roinnt ban spreagúil.