Tá an Chomhairle ag soláthar tionscadail chaipitil ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh

Aerial photo of Culture House construction site from October 2025

Tá Comhairle Contae Fhine Gall ag soláthar tionscadail chaipitil ar scála nach bhfacthas a leithéid riamh. Sin é an rud a insíodh do chomhairleoirí agus iad ag ceadú Clár Caipitil trí bliana is fiú €1.43 billiún ag cruinniú míosúil na Comhairle do mhí Dheireadh Fómhair.

Dúirt Oliver Hunt, Stiúrthóir Airgeadais na Comhairle, ag an gcruinniú go bhfuil 121 tionscadal ar fiú €730 milliún iad i mbun oibre ar an láthair ar fud an chontae faoi láthair agus gur tháinig méadú €132m ar chaiteachas na Comhairle ar thionscadail chaipitil le bliain anuas ó €431m sa bhliain 2024 go €563m i mbliana. Is ionann é sin agus méadú 30% bliain ar bhliain.  Ar an iomlán, léirítear sa phlean infheistíocht iomlán is fiú €2 billiún i gcreatlach shóisialta an Chontae thar an tréimhse 2025-2028.

Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Ós rud é go bhfuil ceann de na daonraí is gasta fás sa tír againn, tá brú mór ar an gComhairle bonneagar tithíochta agus pobail a sholáthar. Mar sin de, léiríonn na figiúirí is airde riamh maidir le tionscadail agus le caiteachas go bhfuil Fine Gall ag seasamh an fhóid. Is é an toradh atá air sin ná níos mó tithíochta, ionaid phobail nua, leabharlanna nua, gréasáin iompair nua agus níos mó spásanna oscailte. Táimid ag uasghrádú an bhonneagair atá ann cheana freisin chun a chinntiú go bhfuil sé oiriúnach don fheidhm agus athléimneach in aghaidh an athraithe aeráide.”

Beidh an Clár Caipitil trí bliana ar siúl ón mbliain 2026 go dtí an bhliain 2028. Meastar go gcaithfear €540m sa bhliain 2026, go gcaithfear €481m sa bhliain 2027, agus go gcaithfear €413m sa bhliain 2028 ar 309 dtionscadal aonair i seacht rannóg éagsúla de chuid na Comhairle.

Is sa Tithíocht a bheidh an infheistíocht is mó, agus í cothrom le €884m, agus caithfear €264m ar thionscadail Phleanála agus Bonneagair Straitéisigh. Tá €116m eile curtha i leataobh do thionscadail atá beartaithe ag an Rannóg um Fhorbairt Eacnamaíoch, Fiontar, Turasóireachta agus Chultúrtha, agus caithfidh an Rannóg Comhshaoil, Gníomhaithe ar son na hAeráide, Taistil Ghníomhaigh agus Spóirt €102m. 

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá sna leibhéil soláthair is mó riamh sa bhliain 2025 ná dul chun cinn suntasach agus infheistíocht shuntasach sa Chontae, agus tá na buntáistí a bhaineann leis an bpleanáil chúramach agus straitéiseach a rinneadh le blianta beaga anuas á bhfeiceáil sa phobal againn anois. De réir mar a mhéadaímid an líon tithe príobháideacha, inacmhainne, sóisialta agus ar cíos de réir costais ar fud Fhine Gall, is eol dúinn go gcaithfimid a sholáthar cibé saoráidí agus tacaíochtaí lena gcuirfear ar chumas ár bpobal nua fás ar bhealach inbhuanaithe agus comhtháthú go hiomlán leo siúd atá ina gcónaí sa limistéar cheana féin.”

Is léir scála an tsoláthair, agus 121 tionscadal ar fiú €730 milliún iad i mbun oibre ar an láthair faoi láthair. An tráth seo anuraidh, bhí an figiúr sin cothrom le 111 tionscadal agus bhí sé comhdhéanta de chaiteachas €574m. Sa bhliain 2023, bhí 67 dtionscadal arbh fhiú €215m iad i mbun oibre ar an láthair, agus bhí 37 dtionscadal Cláir Caipitil arbh fhiú €117m iad i mbun oibre ar an láthair i mí Dheireadh Fómhair 2022.

Is fiú suim os cionn €5m sé cinn déag de na tionscadail atá i mbun oibre ar an láthair faoi láthair, agus tá siad freagrach as €651m den infheistíocht ar an láthair is fiú €730m san iomlán. Áirítear leo sin na forbairtí tithíochta tionachta measctha ag Goirt an Teampaill i Mullach Eadrad, ag Baile Mastún i nDomhnach Bat, ag Baile na Móna i Sord, agus ag Baile Hae sa Ros. Tá forbairtí tithíochta sóisialta ann freisin ag an Tobar Naofa, Bóthar Bhaile na Mara agus an tSráid Thuaidh i Sord, ag Radharc Bheanna Boirche sna Sceirí, agus ag Feirm na nAthchapall i Lusca.  

Tá dhá thionscadal mhóra bonneagair iompair ar an liosta freisin, mar atá Glasbhealach an Mhóinéir Leathain agus Nascbhóthar Ongar-Chnoc an Sciobóil, a osclóidh suas na tailte tithíochta ar an taobh theas de stáisiún iarnróid Pháirc Hans nuair a bheidh siad críochnaithe. I measc na dtionscadal bonneagair pobail tá Teach Cultúir Fhine Gall i gCeathrú Chultúrtha Shoird, Ionad Pobail Bhaile Dúill, Leabharlann na Sceirí, Leabharlann Dhomhnach Bat agus Mol Áineasa Bhaile Mastún i nDomhnach Bat.  

Is ionann deontais agus 79% den chistiú don Chlár Caipitil. Tá €159m eile ag teacht ó thobhaigh forbartha agus tá suim €43m á soláthar ó bhuiséad ioncaim Fhine Gall. Ginfear €34m eile trí iasachtaí agus trí fhoinsí eile. Tá tionscadail eile ar fiú €44m iad sa phlean trí bliana á measúnú le haghaidh foinsí féideartha cistiúcháin.

Is féidir amharc ar an láithreoireacht ar an gClár Caipitil 2026-2028 do chomhairleoirí anseo.

Tá cóip den Chlár Caipitil 2026-2028 ar fáil anseo.

Is plean rollach é an Clár Caipitil. Déantar athbhreithniú air gach bliain toisc go bhféadfadh srianta ama agus srianta eile dul chun cinn tionscadal a athrú laistigh de thréimhse ar leith. Ní thugtar ceadú d’aon tionscadal aonair leis an gcinneadh ó na comhairleoirí an Clár Caipitil 2026-2028 a chomhaontú. Ní féidir é sin a dhéanamh ach amháin trí na gnáthphróisis reachtúla agus trí chomhlíonadh an Chóid Caiteachais Phoiblí. Ní mór freisin socruithe cistiúcháin a shainaithint go soiléir agus a áirithiú roimh ré sula ndéanfar gealltanas d’aon tionscadal.

Baldoyle Community Centre entrance