Tá an Chomhairle ag reáchtáil seisiúin chomhairliúcháin ar líne ar mholtaí maidir leis an gcosaint chósta

Tá Comhairle Contae Fhine Gall chun sé sheisiún comhairliúcháin beo ar líne a reáchtáil i rith dhá lá ar mholtaí maidir leis an gcosaint chósta le haghaidh Phort Reachrann agus Ros agus tá fáilte roimh an bpobal aighneachtaí agus barúlacha a chur isteach ina leith.

 

Sna seisiúin chomhairliúcháin déanfaidh RPS cur i láthair ar na staidéir atá déanta agus ar an scéim cosanta cósta atá beartaithe, chomh maith le seisiún Ceisteanna agus Freagraí.

 

Tá Tuarascáil Measúnaithe Riosca um Thuilte agus an Creimeadh Cósta coimisiúnaithe ag Comhairle Contae Fhine Gall d’Inbhear Bhaile Roiséir Thoir agus Tuarascáil Roghanna chun aghaidh a thabhairt ar an gcreimeadh agus ar thuilte ar an gcósta ag Port Reachrann agus ar an Ros.

 

Rinneadh na tuarascálacha seo a choimisiúnú mar gheall ar ábhair imní shuntasacha a bhí ann maidir leis an gcreimeadh cósta agus tuilte ar an gcósta ar Leithinis an Choinicéir, ag Port Reachrann agus i gcuid de na ceantair chósta ar an Ros.

 

Beidh na comhairliúcháin ar líne ar siúl Dé hAoine, an 11 Meán Fómhair agus Dé Céadaoin, an 16 Meán Fómhair, agus beidh trí shliotán ama gach lá: 10am - 11am; 2pm go dtí 3pm agus 6pm go dtí 7pm.

 

Chun freastal ar cheann de na seisiúin seo, is féidir le daoine ón bpobal a spéis a léiriú ach ríomhphost a chur isteach chuig  [email protected] . Ba cheart d’ainm agus an dáta agus an sliotán ama is fearr leat a shonrú sa ríomhphost.

 

Is féidir na cáipéisí uile atá gaolmhar leis an scéim a fháil ar https://consult.fingal.ie/en/consultation/coastal-defence-proposals-portrane-rush.

 

Anuas ar an fhaisnéis a bheidh curtha i láthair ar an tairseach comhairliúcháin seo, táthar tar éis seomra comhairliúcháin fíorúil a chur i mbun chomh maith chun torthaí na staidéar agus na roghanna cosanta chósta atá beartaithe don cheantar a léiriú: https://consultationspace.com/Rogerstown/

 

Is féidir aighneachtaí a chur isteach agus barúlacha a thabhairt maidir leis na tuarascálacha agus an scéim cosanta cósta atá beartaithe idir Déardaoin, an 3 Meán Fómhair agus Dé hAoine, an 16 Deireadh Fómhair 2020 (agus an dá lá sin san áireamh)

Is féidir Aighneachtaí a chur isteach / Barúlacha a thabhairt mar seo a leanas:

An tOifigeach Feidhmiúcháin Sinsearach, An Rannóg Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh, Comhairle Contae Fhine Gall, Halla an Chontae, an Phríomhshráid, Sord,

Co. Bhaile Átha Cliath, K67X8Y2.

 

Is é Dé hAoine, an 16 Deireadh Fómhair ag 5pm an dáta deiridh do na haighneachtaí. Déan d’aighneacht trí aon mheán amháin le do thoil i.e. i gcóip chrua nó ar líne nó trí R-phost.