Tá an Chomhairle ag lorg tairiscintí chun Acomhal Snugborough i mBaile Bhlainséir a

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall leis an bpróiseas tairisceana chun príomhchonraitheoir a earcú chun tabhairt faoi scéim Uasghrádaithe Acomhal Snugborough i mBaile Átha Cliath 15, tionscadal lena mbainfear amach feabhsuithe suntasacha do thiománaithe, do choisithe, do rothaithe agus d’úsáideoirí iompair phoiblí.

Tá tús curtha ag Comhairle Contae Fhine Gall leis an bpróiseas tairisceana chun príomhchonraitheoir a earcú chun tabhairt faoi scéim Uasghrádaithe Acomhal Snugborough i mBaile Átha Cliath 15, tionscadal lena mbainfear amach feabhsuithe suntasacha do thiománaithe, do choisithe, do rothaithe agus d’úsáideoirí iompair phoiblí.

Mar chuid den tionscadal, beifear ag tógáil an dara droichead thar an N3 chomh maith le cosáin agus raonta rothar nua, agus íosbhealach nua le haghaidh coisithe agus rothaithe araon. Anuas air sin, cuirfear inrochtaineacht fheabhsaithe ar fáil leis ar na 800 gnólacht atá lonnaithe i gCrios Fiontraíochta Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 15.

Dúirt Méara Fhine Gall, An Clr. Eoghan O'Brien: “Tá sé iontach a fheiceáil go bhfuil an tionscadal seo a fheiceáil á chur ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile. Sa tionscadal seo, táthar chun uasghrádú suntasach a dhéanamh ar an acomhal do choisithe, do rothaithe, d’úsáideoirí iompair phoiblí agus do thiománaithe, agus taispeántar leis go bhfuil Fine Gall fós oscailte don ghnó agus go bhfuil sé ag obair i gcónaí ar son na ndaoine atá ina gcónaí i bhFhine Gall. "

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá an-áthas orainn go bhfuiltear chun céim chun tosaigh a thógáil i ndáil leis an tionscadal seo atá chomh tábhachtach sin. Tá sé léirithe aige sin, agus tionscadal chomh mór sin ó thaobh scála agus uaillmhéine de a bheith curtha ar aghaidh, go bhfuil Fine Gall oscailte don ghnó. Leanfaimid orainn ag glacadh ról ceannasach i bhforbairt eacnamaíoch an chontae le linn na tréimhse deacra atá ann faoi láthair."

Tá bearta chun éifeachtúlacht oibríochta an dá acomhal ar gach taobh den N3 a fheabhsú san áireamh leis chomh maith, lena n-áirítear bearta chun tosaíocht a thabhairt do bhusanna a bheidh de thacaíocht don tionscadal Naisc Bus.

Beidh an tairgeoir a cheapfar sa phróiseas tairisceana ceaptha le linn Ráithe 3 de 2020. Tá sé beartaithe go mairfidh an tréimhse tógála 24 mhí agus beidh bainistíocht shuntasach tráchta ar an N3 agus ar Bhóthar Snugborough i gceist. Cuirfear tuilleadh sonraí in iúl don phobal áitiúil agus do gheallsealbhóirí eile nuair is féidir iad a chur ar fáil.

Dúirt Matthew McAleese, Stiúrthóir na Pleanála & an Bhonneagair Straitéisigh: “Leis an scéim seo, déanfar na naisc atá ann a neartú i gceantar Bhaile Átha Cliath 15, lena n-áirítear na naisc idir Sráidbhaile Bhaile Bhlainséir, Lár Baile Bhaile Bhlainséir agus na ceantair chónaithe atá ar an taobh thoir den N3. Leanfaimid orainn ag obair i gcomhar leis an Údarás Náisiúnta Iompair chun feabhsuithe a bhaint amach do choisithe, don rothaíocht agus don tosaíocht do bhusanna ar fud Fhine Gall."

Dúirt an tInnealtóir Sinsearach Paul Carroll: “Cé go mbeidh na sreafaí tráchta ag an acomhal seo feabhsaithe mar gheall ar an tionscadal seo, tá na feabhsuithe suntasacha atáthar chun baint amach d’úsáideoirí iompair phoiblí, do choisithe agus do rothaithe ar an droichead agus ag na hacomhail in aice láimhe leis sé ar phríomhbhuntáiste de chuid an uasghrádatihe seo."

Tá an tionscadal maoinithe ag Comhairle Contae Fhine Gall agus ag an Údarás Náisiúnta Iompair.