Tá an Chomhairle ag lorg faisnéise tar éis marú cruachroíoch carria íocónaigh
Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis achainí a dhéanamh ar dhaoine aon fhaisnéis a thabhairt tar éis do bhaill foirne corp carria gan cheann, a bhí mar chuid den tréad fianna ag Diméin an Droichid Nua, Domhnach Bat, a aimsiú maidin Déardaoin.
Ba iad ionróirí a bhris isteach sa pháirc a mharaigh é le linn na hoíche. Rinneadh an fhionnachtain nuair a chuaigh an fhoireann chun an tréad Fianna Rua Éireannacha a bheathú. Carria amháin de dhá cheann sa tréad ba ea an carria, a bhí ocht mbliana d’aois.
Cháin an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, an marú. Dúirt sé: “Thug mé cuairt ar an bpáirc seo san am atá thart le mo ghariníonacha, a bhain an-taitneamh as bualadh leis na carrianna agus leis na fianna. Tá sé ina ainmhí iontach le breathnú air agus tú in aice leis. Is mór an náire go ndéanfadh aon duine a leithéid de ghníomh. Táim ag achainí ar aon duine a bhfuil faisnéis aige nó aici teagmháil a dhéanamh leis an nGarda Síochána nó leis an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra. Tá sé neamhdhleathach fianna a mharú gan cheadúnas, agus tá súil agam go dtabharfar déantóirí na coire chun an dlí.”
Dúirt Ivan Smith, maor na nOibreacha ag Teach agus Feirm Thraidisiúnta an Droichid Nua: “Chuir an eachtra seo samhnas an domhain orainn. Bhí sé ina charria álainn a raibh péire álainn beann aige, agus b’aoibhinn leis na daoine a shiúlann tríd an bpáirc é.”
Tá an Garda Síochána agus an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra ag fiosrú an ní faoi láthair. Iarrtar ar aon duine a bhfuil faisnéis aige nó aici teagmháil a dhéanamh le Líne Rúnda an Gharda Síochána trí ghlaoch ar 1800 666 111 nó trí ríomhphost a sheoladh chuig
[email protected]
.