Tá Ainmneacha Páirce Fhine Gall a taifeadadh sa Tionscadal ar fáil anois le feiceáil ar an mbunachar sonraí. 

Tá garsprioc bainte amach ag Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall mar go bhfuil na hainmneacha a taifeadadh go dtí seo curtha ar fáil ar líne den chéad uair.

Fingal Fieldnames meitheal

 

Tá garsprioc bainte amach ag Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall mar go bhfuil na hainmneacha a taifeadadh go dtí seo curtha ar fáil ar líne den chéad uair. I gcomhoibriú idir Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall agus Mairéad Nic Lochlainn ó Gaois, Fiontar & Scoil na Gaeilge, Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath tá an t-eolas curtha ar fáil ar láithreán gréasáin Meithael Logainm.ie.

Tá sé mar aidhm ag Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall oidhreacht shaibhir ainmneacha páirce agus oidhreacht ghaolmhar inár dtírdhreacha áitiúla a iniúchadh agus a thaifeadadh. Tá ainm, nó bhí ainm tráth, ar gach páirc i bhFine Gall, agus ar fud na hÉireann. D’fhéadfadh ainmneacha a bheith bunaithe ar thopagrafaíocht na talún, nó úinéirí na talún, nó b’fhéidir go ndéanann siad cur síos ar chuspóir nó ar mhéid na páirce nó d’fhéadfadh baint a bheith acu le heachtra éigin a tharla sa pháirc. Le chéile insíonn na hainmneacha seo go leor dúinn faoi stair agus oidhreacht ár dtírdhreachanna áitiúla.

Ó 2018, thug Abarta Heritage an oiliúint d’oibrithe deonacha ar fud an chontae chun ainmneacha páirce a gceantar féin a thaifeadadh. Bhí siad ag breathnú ar shean-léarscáileanna agus cáipéisí, ag labhairt le feirmeoirí agus ag bailiú an oiread eolais agus is féidir leo. Seo roinnt d’ainmneacha na bpáirceanna a bailíodh i bhFine Gall: 'Back of the Yard', 'Front of the House', 'Ladies Stairs', 'Long Leg' agus 'Collier’s Horn’.

Anois is féidir leat féachaint ar na torthaí go dtí seo, ar Thionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall ar https://meitheal.logainm.ie/fingal-fieldnames/. Is uirlis í Meitheal Loganim.ie chun sonraí logainmneacha a stóráil agus a roinnt. Arna fhorbairt ag Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU, i gcomhar le Brainse Logainmneacha na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, tugann Meitheal Logainm.ie an deis d’úsáideoirí oidhreacht chultúrtha na tíre a chur chun cinn san aois dhigiteach trí ainmneacha páirce agus mionainmneacha a mhapáil agus a roinnt ar líne.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir David Healy: “Tá sé go hiontach a fheiscint go bhfuil torthaí an taighde a rinneadh go dtí seo i dTionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall ar fáil anois agus inrochtana don phobal. Agus na torthaí mapáilte mar seo, d’fhéadfadh sé daoine eile a spreagadh le bheith páirteach sa tionscadal seo.”

‘Is céim thábhachtach í a bheith in ann obair chrua ár n-oibrithe deonacha go dtí seo a léiriú’ a dúirt Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta Fhine Gall, ‘agus feasacht a thabhairt don phobal faoin tábhacht a bhaineann le píosa ríthábhachtach d’oidhreacht doláimhsithe a thaifeadadh sula gcaillfear é.’

Dúirt Mairéad Nic Lochlainn as Fiontar & Scoil na Gaeilge: ‘Cumasaíonn Meitheal Loganim.ie sonraí mionainmneacha agus ainmneacha páirce a chaomhnú agus tá foireann an tionscadail thar a bheith sásta go bhfuil Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall ar fáil anois le feiceáil.’

Tá an tionscadal ar siúl go leanúnach agus tá fáilte roimh oibrithe deonacha nua a bheith páirteach ann cé go mb’fhéidir nach mbeidh sé indéanta agallaimh a dhéanamh nó cuid den obair allamuigh atá bainteach leis an tionscadal faoi láthair.

Dúirt Príomhfheidhmeannach Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Tá an-rath ar an Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall go dtí seo maidir le gné thábhachtach d’oidhreacht Fhine Gall a thaifeadadh. Is féidir cuid mhór den taighde a dhéanamh ar líne trí léarscáileanna agus foinsí eile agus mar sin is tionscadal den scoth é a bheith páirteach ann le linn srianta Covid-19.”

Tá lámhleabhar Ainmneacha Páirce Fhine Gall arna fhorbairt ag Abarta Heritage ar fáil le híoslódáil ó láithreán gréasáin Chomhairle Contae Fhine Gall https://www.fingal.ie/council/service/fingal-fieldnames-project agus tá tuilleadh eolais le fáil ón Oifigeach Oidhreachta. Is gníomh de chuid Phlean Oidhreachta Fhine Gall 2018-2023 é Tionscadal Ainmneacha Páirce Fhine Gall.

 

Christine Baker, Oifigeach Oidhreachta, Comhairle Contae Fhine Gall Christin%[email protected] " rel="nofollow"> [email protected]  

 

Hanging Hill Barnageeragh