Súil siar ar Sheachtain na Gaeilge 2026 i bhFine Gall
Chuir réimse imeachtaí lena n-áirítear ceolchoirm iontach in Halla an Chontae, réimse imeachtaí Leabharlainne, siúlóid dhátheangach in Ard Ghiolláin agus freastal ar imeacht Fís san Ionad Comhdhála le Seachtain na Gaeilge 2026 iontach i bhFine Gall.
Chuir réimse imeachtaí lena n-áirítear ceolchoirm iontach in Halla an Chontae, réimse imeachtaí Leabharlainne, siúlóid dhátheangach in Ard Ghiolláin agus freastal ar imeacht Fís san Ionad Comhdhála le Seachtain na Gaeilge 2026 iontach i bhFine Gall.
B'iad Éamonn de Barra, Paudie O’Connor, agus Aoife Ní Chaoimh na ceoltóirí ríchumasacha a bhí ar an ardán Dé Céadaoin an 11 Márta san Aitriam, Áras an Chontae, Sord. Bhí an ceiliúradh saor in aisce sin de chuid Sheachtain na Gaeilge lán de cheol, de chraic agus de Ghaeilge ar siúl le tacaíocht ó Ionad Ealaíon Shéamais Mhic Aonghasa. Is ceoltóir Éireannach traidisiúnta clúiteach as Baile Átha Cliath é Éamonn de Barra. Is flúiteadóir, pianódóir, seinnteoir feadóige stáin agus amhránaí den chéad scoth é, agus cáil air as Gradam TG4 do Cheoltóir Traidisiúnta Óg na Bliana a bhuachan. Is díséad cairdín agus fidle as Contae Chiarraí iad Paudie O’Connor agus Aoife Ní Chaoimh, a bhfuil tionchar mór ag traidisiún ceoil Shliabh Luachra i gCiarraí Thoir agus i gCorcaigh Thuaidh ar a gcuid ceoil. Bíonn an-tóir i gcónaí ar an gceiliúradh bliantúil sin, agus bhí níos mó ná 80 duine ag an ócáid, díograiseoirí na Gaeilge ón gcontae ar fad.
Bhí an-tóir ar ár scéim Scoláireachtaí Gaeltachta, a thosaigh sa bhliain 2024, arís i mbliana, agus breis agus 500 iarratas faighte uirthi. Bhí 15 iarratasóir rathúla ó scoileanna ar fud an chontae, ó áiteanna amhail Baile Bhlainséir, Baile Brigín, Sord agus Cill Fhionntain, agus bhí cuid acu ag cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge dár gcuid in Áras an Chontae an 11 Márta.
There were lots of events in local libraries including Seó Draíochta (Magic Show) le Quentin Reynolds Seisiún Spraíúil le Sarah Sparkles, Píosa Spraoi le Cupán Focail(s)! Fun with a Cup of Focals!) with Áine Gallagher, Folklore Stories Scéalta agus Spraoi (Stories and Fun) le Seosamh Ó Maolalaí, a bilingual poetry evening and much more. On Thursday March 5th Head Gardener Dominica McKevitt and Irish Officer Bernie Kelly led a bilingual walk in Ardgillan Demesne
Tá Comhairle Contae Fhine Gall páirteach sa tionscadal nuálach Gaeilge 365 a chuireann an Ghaeilge i gcroílár sheirbhísí na n-údarás áitiúil agus a chuireann an teanga chun cinn ar bhonn pobail, sóisialta, cultúrtha agus eacnamaíoch freisin. Tá baint ag baill foirne Chomhairle Contae Fhine Gall leis an gComhairle Chraiceáilte, tionscadal a thaispeánadh ag FÍS 2026 san Ionad Comhdhála, Baile Átha Cliath, Déardaoin an 12 Márta, áit a bhíomar ag tarraingt aird ar an nGaeilge i gComhairle Contae Fhine Gall agus ar an Leabharlann Fháilteach i Leabharlanna Fhine Gall.
Dúirt Bernie Kelly, an tOifigeach Gaeilge: “Tá ár dteanga dhúchais álainn ar cheann de na cinn is sine atá fós ann agus tá sí i ngach áit timpeall orainn, bíodh sí inár logainmneacha nó inár n-amhráin. Mholfainn do gach duine triail a bhaint as cúpla focal Gaeilge a labhairt ní amháin le linn Sheachtain na Gaeilge. Ná déan dearmad gur trí bheith á labhairt a mhaireann teanga – Beatha Teanga í a Labhairt!”