Staidéar ar Thuilte agus Creimeadh Cósta Inbhear Bhaile Roiséir

Tá nuashonrú curtha i láthair ag Comhairle Contae Fhine Gall ar an Staidéar ar Bhainistíocht Riosca i gcás Tuilte agus Creimthe Inbhear Bhaile Roiséir chuig Grúpa Idirchaidrimh Chósta Fhine Gall.

Scrúdaíonn an Staidéar, atá á dhéanamh ag comhairleoirí innealtóireachta RPS, na roghanna atá ar fáil chun dul i ngleic le baol tuilte agus creimthe cósta sa Ros agus i bPort Reachrann.

Tá roghanna tosaíochta tagtha chun cinn sa dá réimse agus cuireadh an dréachtphlean i láthair an tseachtain seo caite ag cruinniú leis an gComhairle, Oifig na nOibreacha Poiblí (OOP) agus ionadaithe ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá ag obair sa tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (NPWS).  

Iarradh ar RPS tuilleadh faisnéise a sholáthar faoi ghnéithe éagsúla dá dtograí sula ndéantar an Staidéar Bainistíochta Riosca agus a chuid moltaí a thabhairt chun críche agus a fhaomhadh. Eagrófar Cruinnithe Poiblí sna seachtainí amach romhainn chun an pobal áitiúil a choinneáil ar an eolas maidir leis na pleananna seo

D'aontaigh cruinniú na seachtaine seo caite freisin cur leis na bearta creimthe cósta reatha ag an gCoinicéar, Port Reachrann. Tá glantacháin á ndéanamh ar an trá go rialta ag Rannóg Oibríochtaí na Comhairle.

Nuair a bheidh an Staidéar Roghanna críochnaithe sna seachtainí atá romhainn, tosóidh an obair go pras ar iarratas a ullmhú don Bhord Pleanála chun cead riachtanach a fháil maidir le struchtúir bhuana mholta a thógáil a théann i ngleic le tuilte agus creimeadh cósta.

Dhearbhaigh Oifig na nOibreacha Poiblí freisin gur roghnaíodh limistéar cósta Phort Reachrann go Ros le déanaí mar shuíomh píolótach chun monatóireacht rialta a dhéanamh ar an gcósta d'fhonn pleananna don todhchaí chun dul i ngleic le creimeadh cósta agus rioscaí tuilte a threorú.

D'iarr na gníomhaireachtaí rannpháirteacha go léir nach ndéanfadh grúpaí nó daoine aonair aon oibreacha neamhcheadaithe ar Thrá  an Choinicéir.   D'ainneoin an dea-rúin seo, d'fhéadfadh na gníomhartha seo an scéal a dhéanamh níos measa maidir le creimeadh cósta agus tuilte.

 

Aerial image of Portrane Beach showing coastal erosion defences