Srianta tráchta le teacht i bhfeidhm i nDomhnach Bat

Oscail na roghanna cumraíochta foilsithe

Cuirfear tús le hoibreacha tógála chun an R126 Bóthar Phort Reachrann a cheangal leis an mBóthar Dáileacháin nua ar Dhomhnach Bat Dé Luain an 14 Deireadh Fómhair.

I measc na hoibreacha a bheidh á ndéanamh, beifear ag obair ar dhraenacha, ar cholbhaí, ag cur nascacht leis an bpríomhphíopa uisce, ag tógáil cosán agus ag leagadh dromchla bóthair nua.

Chun cuidiú leis na hoibreacha seo, dúnfar aon lána tráchta amháin agus feidhmeofar an bhainistíocht tráchta ar an R126 Bóthar Phort Reachrann (idir an bhealach isteach shealadach le haghaidh na tógála agus an ospidéal nua, ar fad 300 méadar i dtreo shráidbhaile Phort Reachrann) ón Luan, an 14 Deireadh Fómhair go dtí an Aoine an 15 Samhain.

Is mian linn igComhairle Contae Fhine Gall leithscéal a ghabháil roimh ré as aon mhíchaoithiúlacht a d'fhéadfadh a bheith ann do chomaitéirí sa cheantar.