Spreagtar custaiméirí i mBaile Brigín agus sna ceantair máguaird chun uisce a chaomhnú lena ligean do na taiscumair athlíonadh.

Is mian le hUisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall a chur in iúl do chustaiméirí i mBaile Brigín agus sna ceantair máguaird go bhféadfadh go dtabharfaidh siad faoi deara gur briseadh a soláthar fad a thugtar faoi oibreacha chun an soláthar uisce sa cheantar a chosaint. Teastaíonn oibreacha lena ligean do thaiscumair stórála uisce sa cheantar chun athlíonadh agus chun feabhas a chur ar shaincheisteanna brú uisce a bhfuil daoine thíos leo ag roinnt láithreacha

B’fhéidir go mbeidh tithe agus gnólachtaí sna láithreacha seo a leanas thíos le cur isteach ó am go chéile ar a soláthar fad a bhíonn an obair bhunriachtanach seo á déanamh; Baile Brigín, Baile Thancaird, Maigh Lárach, Caisleán Bhrí Mhór, The Hastings, Cnoc an Táilliúraigh, Ard Ghort na Fuinseoige agus na ceantair máguaird.

Tá Uisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine Gall ag impí ar chustaiméirí uisce a chaomhnú fad a bhíonn an obair seo ar bun. Is féidir iarrachtaí simplí caomhnaithe uisce tionchar suntasach a imirt ar éileamh a laghdú ar an soláthar agus ligean do na taiscumair athlíonadh níos tapúla. Tá Uisce Éireann ag impí ar chustaiméirí chun uisce a chaomhnú trí ghníomhartha ar nós an sconna a mhúchadh fad a bhíonn d’fhiacla á scuabadh agat agus nuair a bhíonn tú ag bearradh agus is féidir leis seo a mhéid le 6 lítear a chaomhnú gach nóiméad. Is féidir 10 lítear uisce sa lá a spáráil trí chrúiscín uisce a choimeád sa chuisneoir, seachas an sconna uisce fhuair a chur ar siúl. Chun teacht ar leideanna breise faoi conas an t-uisce a úsáideann tú a laghdú, tabhair cuairt, le do thoil, ar www.water.ie/conservation  

Ba mhaith le hUisce Éireann agus Comhairle Contae Fhine buíochas a ghlacadh le custaiméirí as na hiarrachtaí a rinne siad fad a leanann an obair ar aghaidh lena chinntiú go n-athlíontar na taiscumair. Chun teacht ar bhreis faisnéise, tabhair cuairt, le do thoil, ar ár mír Soláthar agus Seirbhís ar ár láithreán gréasáin www.water.ie. Tá líne chabhrach Chúram Custaiméirí Uisce Éireann ar oscailt 24/7 agus is féidir le custaiméirí glao orainn ar 1850 278 278 agus teagmháil a dhéanamh linn ar Twitter @IWCare.