Síníonn an Chomhairle agus O’Dwyers conarthaí le haghaidh aistriú CLG go Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór

Attendees at the virtual meeting to complete signings of the O'Dwyers contract

Tá síniú na gconarthaí curtha i gcrích ag Comhairle Contae Fhine Gall agus Club CLG O’Dwyers a ligfidh don chlub dul ar aghaidh leis an aistriú atá beartaithe aige chuig saoráid den chineál is nua-aimseartha ag Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór i mBaile Brigín.  

Dhíol O’Dwyers a n-áis ag Lána na Gráige leis an gComhairle agus ghlac siad léas fadtérmach le haghaidh láithreán 10 acra ar theorainn thuaidh Pháirc Réigiúnach Bhrí Mhór a rachaidh sé ar aghaidh anois chun forbairt ina shaoráid spóirt den chineál is nua-aimseartha.

Chríochnaigh Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, Ann Marie Farrelly, an próiseas conartha nuair a chuir sí peann le páipéar le linn cruinniú fíorúil ina raibh oifigigh chlub, foireann na comhairle agus comhairleoirí ó Thoghcheantar Áitiúil Bhaile Brigín. Tionóladh an cruinniú ar líne chun bearta an Rialtais maidir le COVID-19 a chomhlíonadh.

“Ligfidh an t-aistriú go Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór do O’Dwyers na bunúis a chur i bhfeidhm don chéad 100 bliain eile dá stair agus cuideoidh sé leis an gclub leis an obair atá á dhéanamh aige don daonra is óige in Éirinn,” a dúirt Méara Fhine Gall, An Comhairleoir David Healy.

In 2018, d’aontaigh baill O’Dwyers bogadh chuig saoráid nua ag Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór agus a dtalamh reatha ag Lána na Gráige a dhíol leis an gComhairle chun feabhsúcháin bhóthair agus tithíocht nua a éascú sa cheantar. Tá an club ag pleanáil clubtheach nua, halla spóirt, páirceanna spóirt, páirceáil agus áiteanna traenála ag Brí Mhór a bheidh ar aon dul le fís fhoriomlán na comhairle don pháirc.

Dúirt Iníon Farrelly: “Tá áthas an domhain orainn go bhfuil na conarthaí sínithe againn anois agus táimid ag súil le O’Dwyers a fheiscint ag forbairt saoráid spóirt den chineál is nua-aimseartha i mBrí Mhór. Is príomhthosaíocht don Chomhairle é athnuachan Bhaile Brigín trí Ár mBaile Brigín agus tá sé an-tábhachtach saoráid spóirt níos fearr a sholáthar ar fud an bhaile. Tá ról tábhachtach ag an spórt i dtéarmaí folláine fhisiceach agus mheabhrach, imeascadh pobail agus dul i ngleic le saincheisteanna sóisialta ar nós Iompar Frithshóisialta.

Dúirt Liam Howley, Cathaoirleach Chlub CLG O’Dwyers: “Thóg sé tamall fada agus a lán oibre crua chun an pointe seo a bhaint amach agus tá an-áthas orainn gur féidir linn pleanáil anois chun tús a chur leis an tógáil agus an tionscnamh iontach seo a chur ar fáil. Is club lán-imeasctha é O’Dwyers, atá gníomhach i ngach réimse de ghníomhaíochtaí sóisialta agus spóirt a chuireann an CLG chun cinn. Ligfidh na háiseanna nua dúinn freastal níos fearr ar ár mballraíocht atá ag fás agus ar líon méadaithe na bhfoirne. Tá lúcháir orainn go léir an tionscnamh seo a chur ar fáil do cheantar iomlán Baile Brigín. Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a chabhraigh  leis an tionscnamh a chur ar aghaidh go dtí an chéim seo.”

Dúirt Stiúrthóir Pleanála agus Bonneagair Straitéisigh Chomhairle Contae Fhine Gall, Matthew McAleese: “Tugann an comhaontú seo an deis do O’Dwyers saoráid spóirt den scoth a fhorbairt a fhreastalóidh ar a mballraíocht atá ag fás agus a bheidh ina shaoráid den scoth eile ceangailte le Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór chomh maith le bheith ina shócmhainn mhór do Bhaile Brigín.”

Is áis 100 acra í Páirc Réigiúnach Bhrí Mhór i dtuaisceart Bhaile Brigín feadh an R132 atá á fhorbairt ag an gcomhairle chun tacú le agus freastal ar riachtanais áineasa lasmuigh dhaonra óg an bhaile atá ag fás go tapa.

Beidh mol mór pobail agus turasóireachta ann a bheidh dírithe ar Chaisleán Bhrí Mhór meánaoiseach athchóirithe agus seirbhísí cuairteora gaolmhara. 

Cuirfear réimse áiseanna spóirt ar fáil lena n-áirítear an pháirc spóirt Uile-aimsire 3G atá críochnaithe cheana féin chomh maith le sé pháirc féir phoiblí bhreise ar a laghad.

Chief Executive of Fingal County Council, AnnMarie Farrelly