Seolann Comhairle Contae Fhine Gall an saothar ealaíne poiblí “Harry's Wall” le John Kindness, Ealaíontóir
Tá ríméad ar Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall saothar ealaíne poiblí nua le John Kindness, Ealaíontóir Éireannach, dar teideal ‘Harry’s Wall’ a chur i láthair. Tá sé suite ar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill (Coill Hampton), Baile Brigín.
Chruthaigh John Kindness, ealaíontóir Éireannach cáiliúil, an saothar ealaíne lena gceiliúrtar saol agus oidhreacht Richard Henry ‘Harry’ Reynolds (1874-1940), rothaí áitiúil mór le rá, ar a dtugtaí ‘The Balbriggan Flyer’. D’oibrigh an tUas. Kindness le Jack agus Tom Cripps, saoir chloiche oidhreachta, agus le Gus Mabelson, saineolaí ceirmeachta, mar chuid den tionscadal.
Chistigh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an coimisiún faoi Scéim an Chéatadáin don Ealaín ó Thionscadal Bhealach Coisithe agus Rothaíochta Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall, agus soláthraíodh é i gcomhar le Clár Athghiniúna ‘Ár mBaile Brigín’.
D’fhógair an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is tráth cinniúnach in athnuachan leanúnach Bhaile Brigín é críochnú Harry’s Wall. Tarraingítear aird leis ar a thábhachtaí atá ár bpobal trí shaol Harry Reynolds as Baile Brigín féin a cheiliúradh. Táimid an-bhuíoch de gach duine a rannchuidigh leis an saothar ealaíne seo le linn an tionscadail.”
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Tá Comhairle Contae Fhine Gall buíoch as an gcomhoibriú le John Kindness, ealaíontóir mór le rá, a chruthaigh rud an-speisialta in Harry’s Wall. Cruthaíodh an saothar ealaíne poiblí iontach seo i gcomhoibriú leis an bpobal áitiúil in áit ina gcónaíodh ‘The Balbriggan Flyer’ agus tabharfar onóir leis do chuimhne agus oidhreacht Harry Reynolds go ceann i bhfad.”
D’iarr Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Fhine Gall ar an Uas. Kindness, ealaíontóir, taighde a dhéanamh ar smaointe le haghaidh saothar ealaíne uathúil do Bhaile Brigín, ar baile atá i mbéal forbartha é. Chuir an pobal fáilte chroíúil roimh a chuid coincheap le linn roinnt cuairteanna ar an láithreán agus le linn roinnt láithreoireachtaí, agus bhí an-ghlacadh leo le linn na suiteála féin.
Ag labhairt dó faoin saothar seo a cruthaíodh le déanaí, dúirt John Kindness: “Cé go bhfuil aithne ag gach duine i mBaile Brigín ar Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill, is beag duine a bheidh ar an eolas faoin bhfear ar ainmníodh é ina dhiaidh. Cé nach é cúram an ealaíontóra é saol duine a dhoiciméadú, is féidir le healaíontóir rud éigin a chumadh lena gcruthófar íomhá in intinn daoine – agus lena spreagfaí iad chun tuilleadh faisnéise a fháil, b’fhéidir.”
“Déantar an méid sin leis an bportráid thraidisiúnta, má bhreathnaítear go maith air, agus is amhlaidh ar bhealaí áirithe is cineál portráid de Harry Reynolds é an rud atá deartha agamsa. Beidh roinnt íomhánna ann a tógadh ó thaifid ghrianghrafadóireachta de Harry agus é ar a rothar. Na daoine sin a bhfuil aithne acu air, cuimhneoidh siad air as a chuid buanna rothaíochta, ach ba é a bhí in Harry freisin ná amhránaí ceoldrámata, snámhaí cumhachtach, agus dlúthchara le Oliver Gogarty. Tá sé le feiceáil ina lán gearrthóga nuachtáin – mar rothaí buaiteach, mar dhuine a d’argóin ar son neamhspleáchas na hÉireann, mar laoch i dtimpiste báite, agus mar chosantóir i gcúirt póilíní (as rothaíocht gan soilse).”
Dúirt Caroline Cowley, Leas-Oifigeach Ealaíon um Ealaín Phoiblí i bhFine Gall: “Cuireann John an oiread sin taithí agus flaithiúlachta leis an bpróiseas atá i gceist le saothar mar seo a fhorbairt – idir sceitsí áille a chomhroinnt agus éisteacht dáiríre le barúlacha ón bpobal áitiúil ar na cuairteanna iomadúla a thug sé ar an mbaile. Tá saothar John Kindness ina chuid shuntasach de Bhailiúchán Ealaíne Bardasach Chomhairle Contae Fhine Gall freisin, agus is iontach an rud é go rabhamar in ann beocht a chur i raon feidhme a shaothair, idir líníocht agus cheirmeacht, i mBaile Brigín le Harry’s Wall.”
Feidhmíonn ‘Harry's Wall’ mar chuimhneachán modhúil ar Harry. Agus an balla atá ann cheana á mhodhnú le cuid thraidisiúnta cloiche, tá cuasa ann atá líonta le píosaí ceirmeacha ina bhfuil scéalta éagsúla ó shaol agus laethanta ghairm cháiliúil Harry agus a láithreacht mharthanach sa bhaile.
Ó chian, feicfear poncanna de dhathanna difriúla i measc na gcloch agus, ar scrúdú níos géire a dhéanamh orthu, feicfear gur eilimintí ceirmeacha éagsúla iad sin – in earraí cruachré terracotta, gorma agus bána, agus i dtíleanna faoisimh ísil.”
Mar chuid den scéim Taistil Ghníomhaigh, soláthraíodh bealach coisithe agus rothaíochta 3 km a bhfuil soilsiú maith air idir Sráid Dhroichead Átha agus Bóthar Hamilton i mBaile Brigín. Leis an mbealach sin, freastalaítear ar roinnt campais scoile áitiúla agus tairgtear bealach sábháilte rothaíochta agus siúil chuig saoráidí agus taitneamhachtaí pobail. Is céim shuntasach chun cinn é maidir le nascacht a fheabhsú agus le taisteal gníomhach a chur chun cinn i mBaile Brigín. Tá an saothar ealaíne seo le teacht chun bheith ina bhall suntais do mhuintir na háite agus do chuairteoirí a úsáideann an rotharbhealach, rud a rannchuideoidh le clár feabhsúcháin an bhaile.
Faigh tuilleadh faisnéise: Harry’s Wall, Baile Brigín | Comhairle Contae Fhine Gall