Seolann Comhairle Contae Fhine Gall Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE, atá ina uirlis nuálach chun turais inbhuanaithe chun na scoile a spreagadh, agus tugann sí cuireadh do leanaí a shuaitheantais don bhliain 2027 a dhearadh

ACE

Tá Comhairle Contae Fhine Gall tar éis ACE (Comaitéireacht Ghníomhach Gach Lá), atá ina Logálaí Taistil Ghníomhaigh digiteach nua, a sheoladh go hoifigiúil chun níos mó leanaí agus teaghlach a spreagadh chun bealaí inbhuanaithe chun taisteal chun na scoile a roghnú.

Forbraíodh ACE i gcomhpháirt le The Bike Hub agus tá sé á chur i bhfeidhm ar dtús i mbunscoileanna laistigh de Chrios Dícharbónaithe Bhaile Brigín agus i scoileanna ar an gClár um Bealaí Sábháilte chun na Scoile.

Ar feadh na nglúnta, bhíodh an taisteal chun na scoile de shiúl na gcos nó de rothar ina ghnáthchuid d’fhás aníos in Éirinn. Thug sé neamhspleáchas, muinín agus deis chun bheith gníomhach gach lá do leanaí. Sa lá atá inniu ann, fágann trácht níos troime agus patrúin taistil a bhíonn ag athrú go dtugtar a lán leanaí chun na scoile de charr, le haghaidh turais a d’fhéadfaí a dhéanamh de shiúl na gcos, de scútar, nó de rothar ina lán cásanna.

ACE

Le ACE, úsáideann daltaí logálaí digiteach simplí chun taifead a dhéanamh ar an dóigh a dtaistealaíonn siad chun na scoile gach maidin agus spreagtar iad chun turas inbhuanaithe amháin ar a laghad a dhéanamh in aghaidh na seachtaine; trí thaisteal de shiúl na gcos, de rothaí, de rothar, de scútar, d’iompar poiblí, de charr-roinnt, nó trí Pháirceáil agus Siúl. Chun é a dhéanamh spraíúil agus fiúntach, bailíonn leanaí suaitheantais ACE, agus tá suaitheantas difriúil le bailiú do gach mí den bhliain.

Tá an tionscnamh bunaithe ar an teachtaireacht “Cumhachtaithe ag Leanaí, Gníomhachtaithe ag Tuismitheoirí!”, rud lena n-aithnítear an ról tábhachtach is féidir le leanaí, le tuismitheoirí, le scoileanna, agus leis an bpobal i gcoitinne a imirt maidir le roghanna taistil níos inbhuanaithe a spreagadh.

Dúirt an Comh. Tony Murphy, Méara Fhine Gall: “Is é atá i leanaí a spreagadh chun taisteal de shiúl na gcos, de rothar, de scútar nó d’iompar poiblí le haghaidh a dturas scoile ná bealach iontach chun nósanna sláintiúla a chothú a mhairfidh ar feadh an tsaoil. Tá an Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE ina thionscnamh cruthaitheach tarraingteach lena gcuirtear leanaí i gcroílár athruithe dearfacha, agus lena gcabhraítear le teaghlaigh freisin smaoineamh ar bhealach difriúil ar an dóigh a dtaistealaíonn siad gach lá. Tá ríméad orm a fheiceáil go bhfuil tús curtha leis an tionscnamh seo i mBaile Brigín, agus táim ag súil le hé a fheiceáil agus é ag fás agus ag déanamh fíordhifear dár ndaoine óga.”

ACE

Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá sa Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE ná sárshampla den dóigh ar féidir leis an nuálaíocht fíordhifear a dhéanamh ar leibhéal an phobail. Tríd an gCiste Nuálaíochta CE, táimid ag tacú le smaointe cruthaitheacha lena spreagtar bealaí nua smaointeoireachta, lena nglactar leis an teicneolaíocht, agus lena soláthraítear torthaí dearfacha do mhuintir Fhine Gall.”

Dúirt David Storey, Stiúrthóir um Chomhshaol, Gníomhú ar son na hAeráide, Taisteal Gníomhach agus Spórt i gComhairle Contae Fhine Gall: “Is é atá sa Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE ná sampla iontach den dóigh ar féidir linn an nuálaíocht agus an teicneolaíocht a úsáid chun athruithe dearfacha ar iompraíocht gnáth-thaistil laethúil a spreagadh. Toradh eile a bheidh ar na sonraí is ea go soláthrófar faisnéis luachmhar faoin dóigh a dtaistealaíonn leanaí chun na scoile faoi láthair agus faoin dóigh a n-athraíonn na patrúin sin le himeacht ama. Leisan bhfianaise sin, cabhrófar le Comhairle Contae Fhine Gall tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin atá roimh scoileanna aonair agus bonn eolais a chur faoi fhorbairt tionscnamh spriocdhírithe, faoi fhorbairt feabhsuithe bonneagair, agus faoi fhorbairt clár amach anseo chun tacú leis an taisteal inbhuanaithe scoile.”

Leis an Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE, tacaítear le mórthiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall do Ghníomhú ar son na hAeráide, do Thaisteal Gníomhach, agus do phobail níos inbhuanaithe a chruthú.

Taispeántar freisin le seoladh an Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE tiomantas Chomhairle Contae Fhine Gall d’infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar Taistil Ghníomhaigh ar ardchaighdeán sa limistéar agus don bhonneagar sin a sholáthar, lena n-áirítear scéim Bhóthar Anraí Mhic Raghnaill, feabhsuithe ar an mbonneagar siúil agus rothaíochta ag Acomhal Bhaile an Phléimeannaigh, agus scéim Bhóthar Fhearann an Chaisleáin. Leis an mbonneagar sin, mar aon leis an tionscnamh sin, tugtar aghaidh ar ár dtiomantas d’athrú iompraíochta, d’aistriú cóir iompair, agus do ghníomhú ar son na haeráide.

ACE

Tríd an Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE, tá súil ag Comhairle Contae Fhine Gall go spreagfar glúin nua taistealaithe inbhuanaithe, á thaispeáint gur féidir le hathruithe beaga, fiú, ar an ngnáth-thuras laethúil chun na scoile difear suntasach a dhéanamh.

Mar chuid de sheoladh ACE, tá Comhairle Contae Fhine Gall ag tabhairt cuireadh do leanaí bunscoile ar fud Fhine Gall gabháil don chruthaitheacht trí Chomórtas Deartha Club Suaitheantas ACE a bheidh ar siúl ón 24 Samhain go dtí an 15 Nollaig.

Beidh deis ag leanaí a suaitheantas féin a dhearadh, agus an téama arb éard é ‘taisteal gníomhach agus inbhuanaithe a cheiliúradh’ á úsáid acu. Tríd an gcomórtas, beidh deis ag daoine óga a gcruthaitheacht a thriail, agus roghnófar na dearaí buaiteacha lena gcur ar áireamh mar cheann de shuaitheantais oifigiúla an Logálaí Taistil ACE don bhliain 2027.

Tá sé éasca dul isteach sa chomórtas – níl le déanamh agat ach do smaoineamh deartha le haghaidh ‘taisteal gníomhach agus inbhuanaithe a cheiliúradh’ a tharraingt agus é a chur isteach le ríomhphost chuig [email protected] nó leis an bpost chuig ‘Comhairle Contae Fhine Gall, An Rannán Taistil Ghníomhaigh, Baile Bhlainséir, Baile Átha Cliath 15, D15 W638’, mar aon le hainm an tuismitheora/an chúramóra, seoladh ríomhphoist an tuismitheora/an chúramóra, agus ainm na scoile. Roghnófar na dearaí buaiteacha i mí Eanáir 2027.

Is féidir le scoileanna ar mhaith leo clárú le haghaidh an Rianaire Taistil Ghníomhaigh ACE a úsáid teagmháil a dhéanamh le [email protected] . Chun treoirlínte iomlána an chomórtais a fháil, tabhair cuairt ar an leathanach Gréasáin seo a leanas: Comórtas Suaitheantas an Logálaí Taistil Ghníomhaigh ACE | Comhairle Contae Fhine Gall