Seolann Comhairle Contae Fhine Gall an chéad ‘Mhol Soghluaisteachta’ ar an tSráid Mhór, Baile Bhlainséir

mobility hub 2

Is é Comhairle Contae Fhine Gall an chéad údarás áitiúil in Éirinn a bhfuil ‘Mol Soghluaisteachta’ seolta aige chun tacú le taisteal inrochtana agus inbhuanaithe ar an tSráid Mhór, Baile Bhlainséir.

Cuimsítear sa mhol cúig bhá páirceála le feidhmeanna sonracha dath-chomhordaithe lena n-áirítear spásanna aoisbhácha, do dhaoine faoi mhíchumas, do luchtú carranna leictreacha, raca rothar (roinnt rothar agus poiblí), agus roinnt carranna. 

Is é an aidhm atá leis an Mol Soghluaisteachta cineálacha éagsúla agus inbhuanaithe iompair a spreagadh i gceantair atá gar do naisc iompair phoiblí atá ann cheana féin le comhchruinniú ard fostaíochta, tithe, siopaí, áiseanna agus taitneamhachtaí.

Ceadaíonn sé seo do líon níos mó saoránach, lena n-áirítear daoine níos sine agus iad siúd a bhfuil fadhbanna inrochtaineachta acu taisteal ar bhealaí éagsúla, mar aon le cuspóirí athraithe aeráide Fhine Gall a bhrú chun cinn ag an am céanna.

Sna míonna amach romhainn, beidh na Moil Inrochtaineachta á rolladh amach ar bhonn céimnithe i mbailte agus i sráidbhailte Fhine Gall.

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Eoghan O’Brien: “Is tionscnamh fiúntach é an Mol Soghluaisteachta a léiríonn tiomantas Fhine Gall cabhrú le rath an phobail agus na timpeallachta.

“Táim ag súil leis an rath a bhíonn ar shamhail an Mhoil Soghluaisteachta a fheiceáil i mBaile Bhlainséir agus níos faide ó bhaile.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Is fianaise é an Mol Soghluaisteachta ar chur chuige réamhghníomhach Chomhairle Contae Fhine Gall lena chinntiú go bhfuil bonneagar inbhuanaithe agus inrochtana á chur ar fáil do Chomhairle Contae Fhine Gall.

“Is fianaise é chomh maith ar ár dtiomantas ár gcuspóirí athraithe aeráide a chomhtháthú i ngach gné dár gcuid oibre.”

Bhí an méid seo a leanas le rá ag David Storey, an Stiúrthóir Oibríochtaí: “Is píosa bonneagair nuálaíoch é an Mol Soghluaisteachta a thacaíonn le modhanna iompair éagsúla.

Molaim foireann na Roinne Oibríochtaí as a gcuid iarrachtaí agus táim ag súil le forbairt an tionscnaimh ar fud Fhine Gall a fheiceáil.”