Seolann Comhairle Contae Fhine Gall branda turasóireachta ceann scríbe nua ‘Aimsigh Fine Gall’
Sheol Comhairle Contae Fhine Gall branda turasóireachta ceann scríbe nua inniu (Dé Luain an 23 Feabhra 2026), mar atá Aimsigh Fine Gall. San ócáid cheiliúrtha sa Grand Hotel, Mullach Íde, nochtadh féiniúlacht branda ceann scríbe nua, mar aon le suíomh Gréasáin tiomnaithe agus le hardáin thiomnaithe meán sóisialta. Tá Aimsigh Fine Gall ina phríomh-gharsprioc i gcur chun feidhme Straitéis Turasóireachta Fhine Gall 2024-2029, agus áirítear leis clár iomlán tionscnamh margaíochta agus forbartha a thacóidh le fás turasóireachta Fhine Gall.
Trí Aimsigh Fine Gall, feabhsóidh an contae a staid shainiúil bharántúil mar cheann scríbe cultúrtha, cósta agus bia den scoth. Tagann Aimsigh Fine Gall faoin mbranda Visit Dublin agus tá sé ailínithe leis an straitéis náisiúnta turasóireachta trí Fháilte Éireann agus trí Thurasóireacht Éireann. Le chéile, tiocfaidh comhpháirtithe turasóireachta, comhpháirtithe fáilteachais agus comhpháirtithe tionscail níos leithne le chéile chun an chéad chéim eile d’fhás ceann scríbe Fhine Gall a ghníomhachtú.
Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall: “Is céim shuntasach i dtreo an tairiscint turasóireachta laistigh d’Fhine Gall a chomhdhlúthú agus a léiriú é seoladh Aimsigh Fine Gall, an branda turasóireachta ceann scríbe nua. Is fíordheis é dár bpobail agus dár ngnólachtaí leas a bhaint as próifíl ardaithe. Tá againn lear sócmhainní nádúrtha sa turasóireacht, mar aon le suíomh uathúil i ngar do chathair Bhaile Átha Cliath.”
Is é croí an bhranda Aimsigh Fine Gall ná cineál iontach agus luachmhar an cheantair seo i gContae Bhaile Átha Cliath Thuaidh atá aitheanta ach nach ndéantar mórán taiscéalaíochta air. Tá an pailéad dathanna Aimsigh Fine Gall ag teacht le háit atá beoga, iontach agus lán de chodarsnacht. Tá na príomhdhathanna bunaithe ar an dúlra - glas farraige, glas domhain agus gaineamh te. Tá roinnt dathanna geala agus beoga béime ag gabháil leo sin.
Tá eispéireas Éireannach atá barántúil agus tairbheach do na mothúcháin ag Fine Gall, arb eispéireas é atá furasta le sroicheadh, atá saibhir ó thaobh scéalaíochta de, agus atá faoi chumhacht daoine. Trí thógáil ar shócmhainní agus láidreachtaí cruthaithe an chontae agus trí tháirgí agus eispéiris atá aibí agus aitheanta agus táirgí atá fós á bhforbairt a chur chun cinn, daingneoidh Fine Gall a staid mar cheann scríbe turasóireachta.
Bhí Simon Delaney, pearsa meán ó Fhine Gall, ar an reachtaire d’ócáid seolta Aimsigh Fine Gall, agus ba í Catherine Flanagan, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin Chumann na nEispéireas agus na Nithe is Díol Spéise do Chuairteoirí (AVEA), a thug an spreagaitheasc. I measc na nithe is díol spéise do thurasóirí i bhFine Gall tá Caisleán agus Gairdíní Mhullach Íde, Teach agus Feirm an Droichid Nua, Teach Farmleigh, Caisleán Bhinn Éadair, Caisleán agus Gairdíní Ard Giolláin, Muilte na Sceirí, Gairdín Shackleton agus Ionad Ealaíon Shéamais Mhic Aonghasa.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall: “Trí Aimsigh Fine Gall, léirítear Fine Gall mar údarás áitiúil réamhghníomhach réamhbhreathnaitheach atá ag comhlíonadh a ghealltanas. Aithnímid tábhacht na hearnála turasóireachta agus fáilteachais laistigh den chontae agus tá seoladh Aimsigh Fine Gall ina phríomh-gharsprioc i gcur chun feidhme Straitéis Turasóireachta Fhine Gall (2024-2029). Feicimid deiseanna leanúnacha le haghaidh infheistíochta agus le haghaidh fáis, agus táimid muiníneach go dtiocfaidh leathnú agus rath ar an earnáil.”
Tá ag Fine Gall earnáil bia agus dí a bhfuil rath uirthi, agus í comhdhéanta de thraidisiúin éagsúla bhia, de tháirgeoirí áitiúla agus d’earnáil fáilteachais atá ag fás. Agus aitheantas á thabhairt aici don tábhacht leanúnach a bhaineann le hearnáil bia atá fadtéarmach, inbhuanaithe agus rathúil a chothú, d’fhorbair Comhairle Contae Fhine Gall Beartas Bia agus Dí Fhine Gall 2024-2029, rud atá á chur chun feidhme i gcomhar leis an Straitéis Turasóireachta.
Is féidir le cuairteoirí agus le comhpháirtithe tionscail iniúchadh a dhéanamh ar an mbranda ceann scríbe nua agus eispéiris ar fud Fhine Gall a aimsiú ar an suíomh Gréasáin ceann scríbe nua atá á fhorbairt ag www.ExploreFingal.ie.