Seoladh an Scannáin - Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan?

Seolfaidh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, scannán comórtha maidir le Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan? an Aoine, 27 Lúnasa 2021, scannán atá anseo ina ndéantar athléiriú ar mhór-eachtra achrainn a tharla i mBaile Bachaille sa bhliain 1921 agus tionólfar an léiriú poiblí i Scoil Náisiúnta Bhaile Bachaille Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Who Shot Kirwan

Seolfaidh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, scannán comórtha maidir le Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan? an Aoine, 27 Lúnasa 2021, scannán atá anseo ina ndéantar athléiriú ar mhór-eachtra achrainn a tharla i mBaile Bachaille sa bhliain 1921 agus tionólfar an léiriú poiblí i Scoil Náisiúnta Bhaile Bachaille Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh.

Agus Cogadh na Saoire i mbarr a réime in Éirinn, bhí ruathair fhoréigneacha, foirgnimh á gcur trí thine, díoltas uafásach á bhaint amach agus lámhach marfach ag tarlú ar bhonn rialta ar fud na tíre, ach tharla eachtra nach raibh beartaithe tráthnóna an 18 Aibreán 1921 i sráidbhaile socair Bhaile Bachaille nuair a chaith Óglaigh an IRA agus ar mharaigh siad Sáirsint an RIC agus mar thoradh air sin scaip eagla agus uafás go smior trí Bhaile Bachaille agus tríd an gceantar máguaird. D’fhág an foréigean a lean an eachtra sin a lorg ar mhuintir Fhine Gall.

Le tacaíocht agus maoiniú ó Chomhairle Contae Fhine Gall agus Aonad Cuimhneacháin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, rinne Cumann Comórtha Fhine Gall den Sean-IRA, i gcomhpháirtíocht le teaghlaigh na n-íospartach agus le pobal Bhaile Bachaille, athléiriú, atá ar ardchaighdeán, ar an scannán ina n-athchruthaítear na heachtraí a thit amach agus tugtar chun cuimhne na daoine siúd a bhásaigh an tráthnóna sin.

Léirítear sa scannán eachtra a bhí ag tarlú ar fud na tíre arís agus arís eile ag an am sin ach tá an scannán uathúil ó thaobh an léiriúcháin mar gur gaolta leis na mairbh go leor de na haisteoirí atá sa scannán agus rinneadh an scannánaíocht san áit ar tharla an eachtra. Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan? Is tionscadal láidir comhoibríoch ó thaobh an phobail atá i gceist anseo agus cuirtear taifead den stair áitiúil ar fáil a bhfuil gach duine a bhí páirteach ann bródúil an scéal a chomhroinnt leis na glúnta atá le teacht le tairbhe a bhaint as go ceann na mblianta.    

Seolfaidh Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh an scannán, Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan? an Aoine, 27 Lúnasa 2021, do lucht féachana a bhfuil cuireadh acu. Tionólfar léiriú poiblí i Scoil Náisiúnta Bhaile Bachaille Dé Sathairn, an 28 Lúnasa agus Dé Domhnaigh, an 29 Lúnasa. Tá na léirithe poiblí go léir saor in aisce, mar sin féin, tá áirithint riachtanach mar nach mbeidh rochtain ach ag daoine a bhfuil ticéad acu. Chun tuilleadh faisnéise a fháil agus chun ticéad a chur in áirithe, téigh chuig facebook.com/fingal5thbatt.

Dúirt Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, “Is léiriú den scoth atá anseo a thugann beocht don stair ar bhealach atá thar a bheith inrochtana a thabharfaidh tuiscint níos fearr do lucht féachana nua-aimseartha ar na heachtraí i mBaile Bachaille agus i bhFine Gall le linn thréimhse Chogadh na Saoirse, tréaslaím leosan go léir a bhí bainteach leis an scannán breá seo.” 

Dúirt Emer O’Gorman, Stiúrthóir Seirbhísí EETCD, “Is cúis mórtais dom tacaíocht a thabhairt do Chumann Comórtha Fhine Gall den Sean-IRA chun an scannán seo a dhéanamh, déanfar caomhnú mar thoradh ar an scannán seo ar eachtra shuntasach i stair Bhaile Bachaille agus tabharfar léargas don ghlúin atá ann faoi láthair agus do na glúnta atá le teacht ar an saol mar a bhí sé in Éirinn le linn Chogadh na Saoirse.”

Dúirt an Comhairleoir Cathal Boland “Is ionann an dráma faisnéise, Cé a Chaith an Sáirsint Kirwan?  agus toradh na hoibre a rinne Cumann Comórtha Fhine Gall den Sean-IRA, agus pobal Bhaile Bachaille ar thaighde, pleanáil, comhráite agus díospóireacht ar feadh roinnt mhaith blianta. Táim ríméadach, gur féidir linn go léir, le tacaíocht Chomhairle Contae Fhine Gall agus Aonad Cuimhneacháin na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus na Meán, taitneamh a bhaint anois as an gcuntas seo atá ar ardchaighdeán den eachtra uafásach a tharla sa sráidbhaile beag seo os cionn 100 bliain ó shin.”