Seoladh Momentum 2021, Féile Pobail na nEalaíon Poiblí

Sheol Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh, Féile Pobail na nEalaíon Poiblí Momentum 2021. Beidh Momentum 2021 ar siúl Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh an 14 agus 15 Lúnasa agus beidh níos mó ná 100 taibheoir pobail agus saorálaí as stáitse ó 8 mbliana d’aois agus 68+ bliain d’aois ag glacadh páirt san imeacht ealaíne poiblí uathúil agus saincheaptha seo. I measc na n-imeachtaí, beidh Cúinne Luathbhlianta an Chriogair Féir ag an Mol i Lusca, taispeántas grianghraf, físeán agus cuimhneachán le Grúpa Oidhreachta Lusca; dráma gairid faoi laoch peile áitiúil; agus roinnt seisiúin ceoil faoin aer ag ionaid éagsúla a bhfuil tóir orthu sa tráthnóna. 

Sa bhliain 2019 bronnadh coimisiún ealaíne poiblí ar an ealaíontóir amharclainne Declan Gorman mar chuid de Bhonneagar Chlár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall. Chabhraigh an Coimisiún leis an ealaíontóir saothar nua a chomhchruthú le pobal. Chuir sé sin próiseas taighde agus cruinnithe i ngníomh le leasanna pobail agus oideachais i gceantar Lusca – An Rois – Na Sceirí chun roghanna a iniúchadh le haghaidh tionscadal nuálaíoch feidhmíochta poiblí. An aidhm a bhí leis ná teagmháil a dhéanamh le daoine ar leith ar mhaithe le comhoibriú leis an ealaíontóir chun a gceantar féin, a stair, a thírdhreach agus a shaol sóisialta comhaimseartha a athshamhlú trí dhrámaíocht, damhsa agus amhráin.

 

Momentum 2021 Public Arts Community Festival

Ón bpróiseas sin, bunaíodh Tionscnamh Ealaíon an Chreasa Ghlais inar bhuail grúpa ina bhfuil 14 rannpháirtí le chéile gach seachtain ar zoom, agus d’fhoghlaim siad faoi théamaí ar nós stair áitiúil, nósanna agus athrú sóisialta, trí chleachtaí cruthaitheacha treoraithe idir scríbhneoireacht ficsin, léirithe a cumadh láithreach agus canadh. Ansin thosaigh an grúpa ag obair ar imeacht ealaíne poiblí a bheadh ar siúl nuair a d’fhéadfaí ceiliúradh pobail a dhéanamh arís.

Ag croílár na féile tá tríológ de dhrámaí gearra, a scríobhadh go díreach d’Fhéile Momentum 2021 atá le léiriú ar bhealach siúlóide a shíneann ón bhfothrach atá fágtha de phóirseáid Theach Cheann Iúir in Eastát Naomh Caitríona, go dtí túr Martello ag Ceann Tíre Dhroim Meánach. Ina theannta sin, beidh an iliomad radharc agus monologaí idirnasctha ar bhealaí siúlóide treoraithe le haghaidh an tráthnóna i sráidbhailte an Rois & Lusca.

Mayor of Fingal Cllr. Seána Ó Rodaigh

Is í Comhairle Contae Fhine Gall a thugann tacaíocht do Momentum 2021 trí mhaoiniú ó na hEalaíona, Éire Ildánach agus Fingal Celebrates.

Seo mar a labhair Méara Fhine Gall, an Comhairleoir Seána Ó Rodaigh: “Tar éis tréimhse fhada dhíomá leis an oiread sin imeachtaí áitiúla agus náisiúnta curtha ar ceal tá sé deas imeacht poiblí a fheiceáil á chur in oiriúint chun go mbeidh an pobal ábalta teacht le chéile agus oidhreacht agus cultúr Fhine Gall chomh maith le tallann áitiúil a cheiliúradh go sábháilte ar bhealach nuálach agus cruthaitheach.”

Seo mar a labhair Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly: “Léiríonn Momentum 2021 an tréimhse seo ina mairimid agus teacht aniar na ndaoine in ainneoin na ndeacrachtaí. Is ócáid phobail í a úsáideann áiteanna taobh amuigh ar bhealach bunúsach agus a chuireann treoir ar fáil d’imeachtaí pobail eile sa todhchaí a bheidh taobh amuigh. Maith sibh gach duine a bhí bainteach leis. "

Seo mar a labhair Stiúrthóir na Rannóige Cultúir agus Forbartha Turasóireachta Fiontraíochta Eacnamaíochta, Emer O'Gorman: “Tá an-áthas orm tacú le Féile Momentum 2021 agus tugaim moladh don ghrúpa as teacht le chéile ar zoom chun ócáid phobail iontach a chruthú ag am nuair a bhí scaradh sóisialta ríthábhachtach. Is toradh é Momentum 2021 ar obair chrua agus diongbháilteacht agus comhartha gur féidir le dearfacht agus cruthaitheacht forbairt, beag beann ar chomh deacair is atá an dúshlán. "

Seo mar a labhair Caroline Cowley, Comhordaitheoir Ealaíne Poiblí Chuir Bonneagar Chlár Ealaíne Poiblí Chomhairle Contae Fhine Gall comhoibriú pobail ag croílár a achoimre coimisiúnaithe. Bhíomar muiníneach ón tús go mbeadh oidhreachtaí níos bríomhaire inár mbailte mar thoradh ar dheiseanna comhléiriúcháin le healaíontóirí gairmiúla amhail Declan. Is toradh an-spreagúil í an Fhéile Momentum 2021 den phróiseas cruthaitheach sin."

Tá Sonraí Iomlána agus áirithintí don Fhéile ar fáil ar www.momentum2021arts.com

Le haghaidh tuilleadh sonraí ar ár mbonneagar clár ealaíne poiblí tabhair cuairt ar www.fingalarts.ie/infrastructure

 

 

Rehearsing in Lusk green belt arts
Street screen the green belt