Seoladh Clár Cluichíochta an Phobail de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall

Ba é Caisleán Sord croílar na gclaíomh agus na draoidheacht Dé Satharn an 1 Aibreán, agus imreoirí Dungeons & Dragons (DnD) ó gach cearn d’Fhine Gall bailithe le chéile chun tús a chur le clár Cluichíocht an Phobail de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall.

Community Gaming Launch Mayor with Children

Ba é Caisleán Sord croílar na gclaíomh agus na draoidheacht Dé Satharn an 1 Aibreán, agus imreoirí Dungeons & Dragons (DnD) ó gach cearn d’Fhine Gall bailithe le chéile chun tús a chur le clár Cluichíocht an Phobail de chuid Chomhairle Contae Fhine Gall. Tugann an clár deis d'imreoirí boird ó Leabharlanna Soird, Bhaile Bhlainséir agus Dhomhnach Bat teacht le chéile sa tséipéil ann ón 13ú haois. 

Ghlac Méara Fhine Gall, An Clr. Howard Mahony, le meon na hócáide, ag rá, “Bailíonn an chluichíocht daoine le chéile. Beag beann ar an gcúlra acu, is féidir le gach éinne teacht le chéile chun taitneamh a bhaint as comhchríche, as roinnt na scéalta, as forbairt na scileanna agus as an gcruthaitheacht. Léirííonn na daoine óga seo meon sin an phobail ar mhaith linn a fheiceáil i bhFine Gall”.

Tá Cluichíocht an Phobail Fhine Gall maoinithe ag Ciste Nuálaíochta an Phríomhfheidhmeannaigh. Dúirt Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, AnnMarie Farrelly, “Is bealach nua agus nuálaíoch í Cluichíocht an Phobail Fhine Gall chun dul i ngleic leis an bpobal. Má dhéantar teagmháil le daoine óga agus tacaíocht a thabhairt dóibh lena gcumasú, cabhrófar leo lena gcuid acmhainneachta a bhaint amach. Baintear leas as spriod poiblí na haoise a bhaineann le cluichí ar nós Dungeons & Dragons trí chluichí boird a chur ar siúl sna leabharlanna poiblí, agus in ionaid mar Chaisleán Soird”.

Community gaming launch CE Mayor etc

Agus clubanna DnD bunaithe cheana féin i dtrí bhrainse de chuid Leabharlann Fhine Gall, leathnóidh an clár go dtí clubanna eile ar fud líonra na leabharlanna i bhFine Gall agus go dtí clubanna áitiúla an óige, cosúil le Foróige Baile Brigín. Tá imeachtaí beartaithe le linn an chláir, a bheidh ar siúl go dtí Mí Mheán Fómhair na bliana 2023. Más mian leat páirt a ghlacadh i gceann ar bith de na himeachtaí seo, déan teagmháil le do leabharlann áitiúil. 

Dúirt Taoiseach an Doinsiúin de chuid Leabharlanna Fhine Gall, Marc McCluskey, a reáchtálann na cluichí in éineacht le Taoisigh eile an Doinsiúin, Esther Jordan agus Megan Davidson, “Déanaimid ár n-imeachtaí a oscailt i gcónaí do dhaoine ar néar-éagsúlacht nó ar éagsúlacht na hinscne. Is féidir le duine ar bith a bhfuil riachtanais céadfacha orthu dul i dteagmháil linne roimh ré agus is iontach an radharc é éagsúlacht an phobail  a fheiceál agus iad bailithe le chéile ag bhord na cluichíochta.”

Community Gaming Launch

Cluichí na straitéise agus na scile atá i cluichí boird a n-imrítear le haghaidh an spraoi agus an tsóisialaithe. Arna n-imirt ar chláir le mionfhigiúirí, peann agus páipéar, dísle, tíleanna modúlacha nó cártaí priontáilte, bíonn rólghlacadh i gceist leo, agus d’fhéadfadh go mbeidís comhoibríoch nó iomaíoch. Cothaíonn siad an chruthaitheacht agus an chomhscéalaíocht. Ní hionann cluichí barrbhoird agus gnáth-chluichí boird sa mhéid is go dtugann na cluichí barrbhoird luach saothair don straitéis agus don scil, seachas don tseans. Chomh maith le Dungeons & Dragons, i measc na gcluichí boird coitianta tá Pokémon, Warhammer, Settlers of Catan, Magic: The Gathering, agus Carcassonne.

Cuirfidh Ciste Nuálaíochta Phríomhfheidhmeannach Fhine Gall ábhair ar fáil do na clubanna lena n-úsáid le haghaidh na cluichíochta. Tá fearais chlub lena n-áirítear leabhair rialacha, dísle, mataí catha, cuardaigh thosaigh, agus sainphacáistí na n-acmhainní á gcur ar fáil do gach club agus cuirfidh sé ar a gcumas leanúint ar aghaidh i bhfad tar éis críoch a chur leis an gcéad chlár.

Community Gaming Launch 2
Community Gaming launch