Seoladh Chlár Oíche Chultúir Fhine Gall 2025

Féach: Bróisiúr Oíche Chultúir Fhine Gall
Tá lúcháir ar Chomhairle Contae Fhine Gall clár bríomhar imeachtaí a chur i láthair d’Oíche Chultúir i bhFine Gall. Beidh an 20ú heagrán d’Oíche Chultúir ar siúl Dé hAoine an 19 Meán Fómhair. Agus an-ghean uirthi, ceiliúrann an ócáid náisiúnta bhliantúil seo cultúr, cruthaitheacht agus na healaíona. Osclóidh na réadmhaoine oidhreachta, na hionaid ealaíon agus na heagraíochtaí cultúir is breátha i bhFine Gall a ndoirse chun breis agus seasca imeacht saor in aisce a óstáil ar fud ocht n-ionad déag.
Is é an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, a sheol an clár, i gcomhar le Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae, agus le Betty Boardman, Leabharlannaí an Chontae. Bhí filí áitiúla agus rannpháirtithe óga i nGiniúint Ceoil Fhine Gall agus a n-oideoirí ceoil i gcuideachta leo ag an seoladh, agus beidh siad ag taibhiú ar Oíche Chultúir.
Dúirt an Comh. Tom O’Leary, Méara Fhine Gall, “Tugann Oíche Chultúir deis iontach dúinn an chruthaitheacht, an tallann agus an éagsúlacht a bhíonn ag bláthú laistigh dár bpobal a cheiliúradh. Tá an dul chun cinn ar an Áras Cultúir agus an fhís chorraitheach do Cheathrú Chultúir Shoird ina léiriú ar a thiomanta atá Comhairle Contae Fhine Gall spásanna a chothú inar féidir le daoine teacht le chéile chun cruthú agus chun inspioráid a fháil. Tá lúcháir orm go mbeidh taibhithe agus imeachtaí chomh saibhir seo ar siúl mar chuid de chlár Oíche Chultúir Fhine Gall.”

Beidh ealaín, ceol, filíocht, ceardlanna agus taibhithe corraitheacha i measc na mbuaicphointí i roinnt láithreacha i Sord. Ag Halla an Chontae, tabharfar an t-eolas is deireanaí ar an obair atá ar siúl chun Áras Cultúir a fhorbairt, rud atá le hoscailt sa bhliain 2027. Leis an tionscnamh suaitheanta sin, tabharfar leabharlann nua contae, amharclann, gailearaí, caifé agus Spás do Dhéantóirí le chéile i gcroílár Cheathrú Chultúir Shoird. Gheobhaidh na daoine a bheidh i láthair taibhiú beo ón gcór ‘Forget Me Nots’, mar aon le taispeántais spreagúla ó Amanda Dunsmore, ealaíontóir, agus ón Dr Declan Brady, staraí.
Beidh cuairteoirí ar an Séipéal álainn i gCaisleán Shoird in ann dul i gcuideachta le Giniúint Ceoil Fhine Gall chun páirt a ghlacadh i ndúshlán corraitheach chun amhrán bunaidh a scríobh agus a thaifeadadh laistigh de 60 nóiméad! Reáchtálfar ollchomórtas dinimiciúil filíochta a bheidh faoi stiúir ag Sheila Ryder, file, ina dhiaidh sin, áit a mbeidh deis ag daoine den lucht féachana a gcuid saothar bunaidh féin a chomhroinnt. Níos déanaí sa tráthnóna, cuirfidh cóir phobail ó gach cuid d’Fhine Gall sraith speisialta taibhithe beo i láthair i Leabharlann Carnegie. Beidh rochtain ag cuairteoirí ar raon míreanna stairiúla neamhghnácha ó bhailiúchán Ionad Staidéir Áitiúil agus Cartlann Fhine Gall, agus beidh siad in ann bualadh le ginealeolaí freisin. Beidh neart gníomhaíochtaí spraíúla ar siúl i Leabharlann Shoird freisin, lena n-áireofar ceardlanna scríbhneoireachta cruthaithí agus déanta masc.

Óstálfaidh Leabharlanna Fhine Gall oíche chorraitheach imeachtaí teaghlaigh i leabharlanna Mhullach Íde, Bhaile Brigín agus Bhaile Bhlainséir, agus taibhithe ó Chór Soiscéalach Bhaile Brigín agus ó Bhanna Práis Bhaile Bhlainséir i measc na n-imeachtaí is mó tóir. Téigh i gcuideachta le baill d’Amharclann Óige D15 ag Draíocht le haghaidh blais-cheardlann, nó bain taitneamh as sraith aoibhinn scannán agus beochaintí teaghlaigh.
Beidh fáilte roimh chuairteoirí turas a thabhairt ar réadmhaoine breátha oidhreachta Fhine Gall. Foghlaim faoi oidhreacht shaibhir Chaisleán agus Ghairdíní Mhullach Íde, a tógadh níos mó ná 800 bliain ó shin, agus faigh blaiseadh de bhreis agus trí chéad bliain de stair ag Teach agus Feirm an Droichid Nua. Taiscéal stair iarnróid na hÉireann trí shúil a chaitheamh ar an mbailiúchán mion-iarnród ag Músaem Mion-Iarnród an Chasaíne i Mullach Íde. Tabhair turas ar Mhuilte na Sceirí, ceann amháin den bheagán láithreán san Eoraip ar a bhfuil dhá Mhuileann Seoil agus Muileann Uisce amháin. Gheobhaidh cuairteoirí oíche chosmach spreagthach faoi na réaltaí ag Réadlann Dhún Sinche Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
Cuirfidh Áiteanna Ildánacha, Baile Brigín, fáilte roimh dhaoine óga chuig an Mol, Cearnóg Sheoirse, chun páirt a ghlacadh in oíche spreagúil cainteanna agus láithreoireachtaí ó ealaíontóirí áitiúla. Beidh raon leathan taibhithe ceoil beo ar siúl in Institiúid Cheoil agus Amhránaíochta na hÉireann i mBaile Brigín, mar aon le turais ar cheoláras The Lark.
Dúirt AnnMarie Farrelly, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Contae Fhine Gall, “Tá Oíche Chultúir ina buaicphointe i bhféilire cultúir Fhine Gall go fóill, ar lena linn a thugtar daoine de gach aois le chéile ar mhaithe le healaíona de gach cineál a cheiliúradh.”
Dúirt Sarah O’Neill, Oifigeach Ealaíon an Chontae: “Tá lúcháir ar Oifig Ealaíon Fhine Gall sraith imeachtaí a chur i láthair ag Caisleán Ard Giolláin, Leabharlann Carnegie, Caisleán Shoird agus Halla an Chontae. Tugann Oíche Chultúir deis iontach do chuairteoirí fionnadh, taiscéaladh, cruthú, nascadh, agus inspioráid a fháil. Ar feadh oíche amháin, is féidir leis an lucht féachana taitneamh a bhaint as meascán corraitheach eispéireas ealaíne agus cultúir ar fud an chontae.
Tá oíche chruthaitheachta agus chultúir i ndán duit – ná caill í! Cé go bhfuil na himeachtaí uile saor in aisce, is féidir go mbeidh sé riachtanach áit a chur in áirithe roimh ré i gcás ionaid áirithe. Pleanáil do chlár d’Oíche Chultúir anois trí bhróisiúr Oíche Chultúir Fhine Gall a íoslódáil ag www.fingalarts.ie nó ag www.fingal.ie.
Féach www.culturenight.ie chun teacht ar an gclár náisiúnta ar fad.
Féach:
Bróisiúr Oíche Chultúir Fhine Gall
