Seirbhís Theanga Chomharthaíochta na hÉireann Seolta do Chuairteoirí ar Oifigí Chomhairle Contae Fhine Gall

Inniu, arb é Lá Náisiúnta Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) é, sheol Comhairle Contae Fhine Gall seirbhís Theanga Chomharthaíochta na hÉireann (TCÉ) do chuairteoirí ar a hoifigí.

Tá Seirbhís Ateangaireachta Cianda na hÉireann (IRIS) ag soláthar seirbhís saor in aisce anois ina bhfuil rochtain ag úsáideoirí Theanga Chomharthaíochta na hÉireann ar ateangaire TCÉ ar líne saor in aisce ag dáta/am roghnaithe chun cumarsáid níos éifeachtaí a dhéanamh le foireann Chomhairle Contae Fhine Gall.

Deir an Chomhairle go bhfuil sé éasca rochtain a fháil ar sheirbhís IRIS agus í a úsáid. Is féidir coinní a chur in áirithe tríd an Aonad Cúraim Custaiméirí inár n-oifigí i Sord nó i mBaile Bhlainséir nó trí ríomhphost a sheoladh chuig  <span lang="ga">[email protected]/span> . Caithfidh an duine teacht ansin ag an am agus ar an dáta atá sonraithe ar an áirithint.

Ar theacht dó/di, cuirfidh ball foirne de chuid na Comhairle tús leis an bhfísghlao ar Zoom leis an ateangaire arb ateangaire TCÉ é/í. Beidh an t-ateangaire arb ateangaire TCÉ é/í ina nasc idir an t-úsáideoir seirbhíse agus an ball foirne ionas gur féidir leo cumarsáid a dhéanamh le chéile go héifeachtach.

Deir Cathal Kearney, Oifigeach Rochtana Chomhairle Contae Fhine Gall, nach bhfuil sa tseirbhís seo ach céim amháin atá á glacadh ag an eagraíocht chun inrochtaineacht fheabhsaithe a sholáthar d’aon daoine atá Bodhar nó nach bhfuil an éisteacht go maith acu. “Tá ár seirbhís ateangaireachta ar fáil anois le haghaidh áirithintí, agus táimid ag súil leis an socrú tábhachtach seo a chur ar fáil le haghaidh cuairteanna pearsanta ar oifigí na Comhairle i Sord agus i mBaile Bhlainséir araon. Táimid ag ullmhú Straitéis Míchumais agus Cuimsithe d’Fhine Gall freisin agus beidh dréacht le haghaidh comhairliúchán poiblí á fhoilsiú againn sa bhliain 2024.”